AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
The Da Vinci Code: aithris ghlan ar shaothar Gaeilge
Balor Balor Balor

Ba é uncail Bhalor a scríobh an saothar ar a bhfuil The Da Vinci Code le Dan Brown bunaithe.

Íomhá
© Seán Ó Domhnaill
Íomhá
Tá leabhar Dan Brown bunaithe ar shaothar le Dónal Donn an Phinn Nimhe
Íomhá
Seoirse Óg: sásta tacaíocht a thabhairt do Ghaeilgeoirí na hIaráine
Íomhá
Ronaldinho: ar a bhealach go Contae Ard Mhacha

“Só,” a fhiafraíonn Balor agus loinnir ina shúil aige, “só, cé atá sásta a admháil gur léigh siad The Da Vinci Code? *Agus ceist níos géire fós: cé atá sásta a admháil gur bhain siad sult as?” Ní léimeann mórán in airde go bródúil le maíomh go bhfuil an leabhar cíortha acu ó chlúdach go clúdach am ar bith a chuireann Laoch na Litríochta na ceisteanna sin. Ach, ar nós léitheoirí an *Funday World, is iomaí duine a admhaíonn go bhfaca siad an clúdach, nó gur léigh siad giotaí as; nó go raibh sé caite ar leataobh ar bharr cófra agus gur oscail siad é, go fánach; nó nach raibh ábhar léitheoireachta ar bith eile fágtha thart sa seomra feithimh agus iad ar cuairt ag an dochtúir, nó ag an fhiaclóir, ag an radharceolaí nó ag an dlíodóir... blá, blá blá!!!

Cé go mbíonn drogall ar dhaoine a admháil go bhfuil *The Da Vinci Code *léite acu, fós is saineolaithe iad gach aon duine acu ar chúrsaí creidimh, ar chúrsaí ealaíne, ar chúrsaí staire agus miotaseolaíochta agus ar gach aon chúrsa eile a shníomhann fríd an leabhar seo.

“Níl ann ach cuid mhór seanchaca!” a mhaíonn ár Léirmheastóir Liteartha, agus leis sin míníonn sé cúis a ghangaide:

Dar le Balor an Bhéil Bhinn nach bhfuil ann ach mac leabhair; gur seanuncail leis féin, Dónal Donn an Phinn Nimhe, a scríobh an leabhar bunaidh: The McGlinchy Commode. Shílfeadh duine réasúnta gur dócha ná a mhalairt gur mhó ar fad an méid seanchaca in The McGlinchy Commode *ná in *The Da Vinci Code, ach is cosúil go mb’fhéidir gur féidir nach ea. Ach, ar an taobh eile den scéal, tá cac agus cac ann.

I leabhar Dan Brown is iad na saoir chloiche, nó na Free Masons, na frithlaochra; ach i leabhar sheanuncail Bhalor ní raibh rud ar bith saor ag baint leis na saoir. Airgead mór a bhí siad á ghearradh ar mhuintir bhocht fhadaraíonach na hÉireann as ionlanna a thógáil amuigh sna buailte sna laethanta fadó. Ba é an dúchíos seo a spreag laoch an leabhair, McGlinchy, chun a *commode *féin a thógáil agus a úsáid istigh sa teach.

Ba é an McGlinchy seo ba chúis leis an chéad *barbeque *riamh in Éirinn, nuair a thit seanbhó leathadharcach, leathshúileach, ceanndána, cadránta dá chuid isteach i dtine ar a raibh sé ag dó sheanbhualtrach na bó bundúnaí céanna. Ba é an cur síos ar an eachtra seo i leabhar sheanuncail Bhalor a spreag na scéalta in *The Da Vinci Code *faoi loscadh na n-eiriceach stóinsithe.

Go dtí gur tháinig McGlinchy ar an saol, ba é nós mhuintir na hÉireann riamh anall an dinnéar a ithe taobh istigh agus cac a dhéanamh taobh amuigh. Eisean a d’athraigh an nós sin, agus anois tá muintir na hÉireann ag sodar i ndiaidh na bPoncánach lena gcuid en-suites *agus téitheoirí *patio.

Agus, os ag caint dúinn ar Phoncánaigh agus ar leathshúileachas, ar chadrántacht agus ar chac, tchím gur insealbhaíodh Seoirse Óg an Sceichín don darna huair i mí Eanáir. Bhí iontas orm go raibh sé de dhánacht ag an aimsir a bheith fuar ar an lá. Caithfidh sé nach n-aithnítear doineann ar lá insealbhaithe mar bheart frith-Mheiriceánach - fós!.

Ar a laghad tá Seoirse Óg sásta tacaíocht a thabhairt do Ghaeilgeoirí na hIaráine - iad sin a thug tacaíocht i gcónaí don *Sea! *sular tháinig in Aghaidh a Thola i réim. Beidh lucht leanta *Sea! na hIaráine *i réim arís gan mhoill nó tá Seoirse ag gabháil a chuidiú leo, fiú in Aghaidh a dTola (má thuigeann sibh mé!)

Ach ní maith le Balor bheith ag caitheamh anuas orthu siúd nár chóir a bheith ag caitheamh anuas orthu, fiú más iad siúd is mó a bhíonn ag caitheamh anuas ar dhaoine eile. Agus sa chás sin níl sé fá choinne rud ar bith eile a rá faoi Sheoirse Óg an Buachaill Bó. Ar an dóigh chéanna níl sé sásta tagairt ar bith a dhéanamh an mhí seo do Raymo de Burgo atá ar saoire faoi láthair san óstán is daoire i mBaile Átha Cliath. Bhíodh Balor agus Raymo an-mhór le chéile san am fadó. (Bhí siad beirt an-mhór, go díreach, gan trácht ar bheith an-mhór le chéile.) Is iomaí bó dhiaga a roinn siad le chéile, iad ag caitheamh siar bairillí pórtair ‘fhad is a bhí siad á gcogaint. Ba bhó dhiaga de chineál é Raymo féin sna laethanta sin fadó.

Agus os ag caint dúinn ar na ba, bhí Balor ag grinniú phutóga bó ar na mallaibh le tuar agus tairngreacht a dhéanamh faoin bhliain atá romhainn amach. Tá sé sásta an méid seo a leanas a nochtadh faoina bhfaca sé:

Ní bhainfidh Contae Chill Mhantáin Craobh Peile na hÉireann i mbliana. Ní bhainfidh Tír Chonaill an Chraobh Iománaíochta ach oiread. Ní thitfidh sneachta in áit ar bith in Éirinn lá ar bith i mí Iúil seo chugainn. Ní bheidh seachtain ar bith dá gcruthóidh Dia nach mbeidh pictiúr d’Éamon Ó Caoimhnis le feiceáil ar Foinse. Ní bheidh Micky Ó Laoghaire ná Willie Walsh ar an dól. Ní bheidh Ian Óg Paisley i nGleann Cholm Cille ag foghlaim Gaeilge. (Bhí sé rómhall ag cur iarratais isteach. Agus sin í an fhírinne ghlan!)

Ba mhaith le Balor a mhaíomh nach é a thionscain an ráfla go bhfuil Ronaldinho ceannaithe ag Crossmaglen FC ar £26 milliún sterling (cé gur scéal fíor atá ann).

Léaráid: Seán Ó Domhnaill (www.cartuin.net)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.