Déanann Liz Curtis cur síos an mhí seo ar chuid de na heachtraí a bhain di agus í ar a bealach go Lucca san Iodáil le freastal ar chúrsa teanga.
](..\2005-01\liz_seal.asp) Cuid 1 le fáil anseo
I mí na Samhna seo caite, chuaigh mé go Lucca na hIodáile le hIodáilis a fhoghlaim. Bhí orm dul go Londain ar dtús, agus ba mhaith an rud é gur shocraigh mé fanacht thar oíche ansin mar go raibh moill ar an eitleán. Bhí oighear ar an rúidbhealach in Aerfort Bhéal Feirste agus bhí orainn fanacht inár suí san eitleán ar feadh dhá uair, go dtí gur tháinig inneall speisialta leis an rúidbhealach a ghlanadh.
Ach ní bhíonn néal gan ghealán, mar a déarfá. Thug an mhoill deis dom dul i mbun comhrá leis an lánúin a bhí ina suí in aice liom. Bhí siad tugtha faoi deara agam san aerfort. Bhí an fear mór agus bhí gruaig dhubh shnasta air. Bhí spéaclaí gréine á gcaitheamh aige, agus bhí cóta ollmhór i stíl anaraic air a raibh líneáil fionnaidh ann. Bhí an bhean tanaí agus measartha galánta. Bhí blús níoloín le rufaí uirthi, ag a raibh brollach íseal, agus seoda móra, agus bhí mála láimhe bándearg a raibh patrún chraiceann liopaird air á iompar aici.
“Táimid ag dul go Londain le taispeántas d’ábhar earótach a fheicéail san Olympia,” a dúirt an bhean liom. “Tá dhá shiopa gnéis againn i mBéal Feirste.”
Bhí cuma éirimiúil uirthi, mar sin chuir mé an cheist uirthi a mbeifeá ag súil léi: “Cad é mar a d’éirigh tú gafa leis an ghnó seo?”
“B’oifigeach preasa mé le cumann carthanachta do lucht scitsifréine,” a dúirt sí, “ansin bhuail mé leis an fhear seo.”
Chuir mé ceist ar an fhear cad é mar a d’éirigh leis dul i gcion uirthi.
Rinne sé gáire agus dúirt: “Bhí sé éasca!”
Bhí an bhean ag geabaireacht i rith an turais ar fad agus fuair mé roinnt mhaith eolais nach raibh agam roimhe sin. Mar shampla, is féidir “brioscaí dána” a fháil do chóisirí circe más maith leat an saghas sin ruda.
Dúirt sí go bhfuil na siopaí móra ag bogadh isteach i ngnó an ghnéis, agus go bhfuil siad ag díol na n-earraí céanna is atá siadsan. Ach, mar sin féin, is cinnte go bhfuil rath ar an lánúin seo. Tá siad ina gcónaí i dteach ar chósta Aontroma, tá árásan acu i mBéal Feirste, agus tá teach acu sa Spáinn freisin. Téann siad thar sáile go minic. Rith sé liom go bhfuil mé sa ghnó mícheart.
Nuair a thuirling muid ag Pisa an lá dár gcionn mhothaigh mé go raibh mé sna flaithis. Bhí an ghrian ag dul síos os cionn na habhann, an Arno, agus na b*palazzi *arda ar an bhruach chuarach. Bhí sléibhte gorma ar an imeall agus bhí an spéir ag lonnrú.
Fuair mé bus go lár na cathrach agus thuirling mé in aice le Halla na Cathrach, a bhfuil túr cloig air. Chuala mé fuaim nach raibh mé ag súil léi: géimneach bó! Bhí roinnt puball ansin, stríoca glasa agus bána iontu, agus ba ollmhóra ar taispeáint iontu, iad ina suí ansin go foighdeach. Bhí roinnt mhaith daoine sa chearnóg duirleog, a lán daoine óga ina measc - mic léinn, is dócha, mar is cathair thábhachtach ollscoile í Pisa. Bhí lámhchleasaithe ann, agus daoine ag siúl ar chosa croise.
Ceiliúradh talmhaíochta na háite a bhí ar siúl. In aice leis an chearnóg, bhí piazza *álainn clúdaithe, agus áirsí breá arda le feiceáil. Bhí stainníní margaidh thart fán áit, agus daoine ag díol feola agus cáise. Bhí fógra mór ann ar a raibh na focail *"Dalla Stalla alla Tavola", a chiallaíonn “Ón stainnín go dtí an tabla”. Bhí trua agam do na ba sna pubaill!
Óstán i seanfhoirgneamh
Stop mé thar oíche i bPisa, in óstán a thaitníonn go mór liom. Bhí mé ann uair amháin roimhe. Hotel Rinascente an t-ainm atá air agus is í Pina bean an tí. Níl Pina óg, ach tá sí iontach luisiúil! Níl focal ar bith Béarla aici, mar sin caithfidh tú Iodáilis a labhairt léi. Níl an ríomhphost aici, measaim, ach is féidir scairt a chur uirthi ar 0039 050 580 460.
Tá an t-ostán suite ar an chéad agus an darna hurlár de sheanfhoirgneamh. Dreapann tú staighre mór cloiche le hé a shroichint. Tá plandaí duilleogacha thart, agus troscán trom dorcha. Tá déanamh neamhghnách ar na seomraí, agus síleálacha arda boghtacha iontu.
Tá Pina an-chairdiúil agus tá sí an-bhródúil as an fhoirgneamh. “Tógadh san 17ú haois é,” a dúirt sí. “Tá mé i mo chónaí anseo ó bhí mé i mo cháilín óg.”
Níl Hotel Rinascente i bhfad ón áit is clúití i bPisa, an Túr Claonta. Tá an túr féin mar chuid den suíomh cráifeach darb ainm Campo dei Miracoli, a chiallaíonn “Páirc na Míorúiltí”. Tá an túr ina campanile, nó cloigtheach, ansin tá ardeaglais agus baistealann ann, chomh maith le reilig álainn atá leagtha amach mar chlabhstrach.
Tá foirgnimh an Campo uilig an-mhór, maisithe agus bán lonrach, déanta as marmar agus eibhear. Radharc iontach atá ann anois - agus níl a fhios agam cad é a shíl daoine de agus iad ag teacht trasna na má chuige sna meánaoiseanna? Caithfidh gur tháinig tocht iomlán orthu!
Cé gur suíomh cráifeach é Campo dei Miracoli, siombail den stádas saolta atá ann freisin. Tógadh idir 1063 agus 1278 é - sa tréimhse sin, bhí Pisa iontach saibhir. Bhí impireacht bheag ag an chathair, a raibh caladh agus loingeas aici, agus bhí an Chorsaic agus an tSairdín faoina smacht. Ansin rinne sí saibhreas mór a charnadh sa chéad Chrosáid, nuair a ghlac Ardeaspag Pisa ceannas ar loingeas iomlán na cathrach i gcogadh in éadan na Moslamach. (Tá tuilleadh eolais le fáil sa Cadogan Guide to Italy, le Dana Facaros agus Michael Pauls.)
Chuaigh mé isteach i bhfoirgnimh an Campo uilig, seachas an túr, mar ní maith liom bheith thuas ard. Tá siad uilig mórthaibhseach amach is amach, ach tharla an mhóimint ba mhó a thaitin liom istigh sa bhaistealann.
Tá colúin ollmhóra sa bhaistealann, ag dul suas chomh fada le háiléar, agus ansin go dtí an díon, agus tá sé dochreidte chomh hard is atá siad. I lár an urláir, tá umar baiste iontach mór.
Bhí treoraí beag bríomhar ag caint le grúpa turasóirí as Meiriceá. “Nuair a bhaistítí daoine, chuirtí go hiomlán faoin uisce iad - a haon, a dó, a trí!” a dúirt sé, ag caitheamh a chuid lámh san aer.
Ansin dúirt sé lena thréad: “Bígí ciúin!”
Tháinig duine de na gardaí in éide go dtí an t-umar baiste agus d’amharc sé suas an bealach. Chuir sé a lámha i gciorcal thart ar a bhéal agus lig sé amach sraith nótaí áille, a rinne macallaí séimhe séisbhinne ar fud an chruinneacháin. Thug muid bualadh bos ó chroí dó.
Is scríbhneoir agus grianghrafadóir í Liz Curtis, a bhfuil cónaí uirthi i mBéal Feirste.
](..\2005-03\liz_seal.asp)