CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Áine Ní Dhroighneáin: dílis don dúchas
Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin

Tá Áine Ní Dhroighneáin as an Spidéal i gConamara díreach ceaptha mar Amhránaí Sean-Nóis Cónaithe in Ionad an Léinn Éireannaigh, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Labhair Antaine Ó Farachái n léi le gairid.

Íomhá
Íomhá
An cladach in aice leis an Spidéal, ceantar dúchais Áine Ní Dhroighneáin

Antaine Ó Faracháin: A Áine, cad a chiallaíonn “sean-nós” duitse?

Áine Ní Dhroighneáin: Is traidisiún é - ealaín, dúchas, comhluadar, seanchas

AÓF: An bhfuil aon tréithe áirithe sainiúla a bhaineann leis?

ÁNíD: Amhráin as Gaeilge iad ar ndóigh! Agus freisin braitheann sé ar an gceantar. Tá a fhios agam anseo i gConamara go bhfuil ornáidíocht go tréan sna hamhráin. Thairis sin, is dóigh nach bhfuil ann ach amhrán a thabhairt leat go maith, is é sin le rá, an scéal a insint, brí a bheith ann.

AÓF: An bhfuil tú sásta leis an téarma “sean-nós”?

ÁNíD: Is dóigh gur cuid den traidisiún anois é an t-ainm chomh maith le chuile shórt eile. Ní hé an rud céanna a bheadh ann dá n-athrófaí an t-ainm!

AÓF: Cá bhfaigheann tú do chuid amhrán?

ÁNíD: Ó chairde, ó dhlúthdhioscaí. Déanaim taifeadadh anois is arís ar iarmhúinteoirí agus cairde liom ar nós Thomáis Uí Neachtain. Tá go leor de mo chuid amhrán agam ó Pheait Phádraic Tom Ó Conghaile, Máire Phíotair Uí Dhroighneáin agus Peatsaí Ó Ceannabháin, go ndéana Dia grásta air, mar is leo siúd a thosaigh mé amach. Ó shin tá amhráin tógtha agam ó Josie Sheáin Jack, Máirtín Pheaits Ó Cualáin, Treasa Ní Cheannabháin, Máire Áine Nic Dhonncha, Sorcha Ní Ghuairim, agus Johnny Mháirtín Learaí Mac Donnchadha ach go háirithe, a bhfuil an-mheas agam air. Ar ndóigh, is i ngan a fhios dóibh a bhím ag tógáil na n-amhrán go minic agus mé á bhfoghlaim óna gcuid ceirníní!

AÓF: An bhfuil mórán amhrán agat?

ÁNíD: Tá suas le dhá scór amhrán agam ar fad is dóigh, ach bíonn cuid acu ligthe i ndearmad agam ó am go chéile.

AÓF: Cén chaoi a ndéanann tusa idirdhealú idir an duine go bhfuil “sean-nós” aige/aici agus an duine nach bhfuil?

ÁNíD: Deacair a rá. Bíonn dúchas éigin ann, loime nó fírinne sa nglór, ní bhíonn sé róbhinn ná róghéar. An fhoghraíocht bheith ceart agus an scéal a insint i gceart.

AÓF: Cad iad na rudaí a chuireann fonn ort amhrán áirithe a fhoghlaim?

ÁNíD: An chéad rud a bhuaileann mise ná an fonn. Má thaitníonn sé sin liom, éistfidh mé níos géire leis na focail agus má thaitníonn siad liom agus má tá filíocht agus meafair shuimiúla iontu, tá liom. B’fhearr liom amhráin a fhoghlaim a chum bean, mar go mothaím níos nádúrtha á rá.

AÓF: An mbíonn tionchar ag an té a thugann an t-amhrán duit ar an gcaoi a gcasann tú é?

ÁNíD: Bíonn i dtosach. Má thaitníonn stíl liom atá ag amhránaí, agus má tá meas agam orthu, beidh fonn níos mó orm amhrán a thógáil uathu. Ach chomh luath is atá an t-amhrán agam, déanaim mo chuid féin de.

AÓF: Cén tábhacht atá ag seanchas an amhráin duit, má tá?

ÁNíD: An bealach atá rudaí anois, tá an chaoi a dtógann daoine amhráin óna chéile athraithe. B’fhéidir go mbeadh amhrán agamsa ar feadh bliana sula mbeadh a fhios agam cé a chum é nó cén seanchas a bhaineann leis. Is cinnte go bhfuil sé suimiúil agus tábhachtach cúlra an amhráin bheith ag amhránaí - tugann sé tuiscint níos fearr duit. Ach má tá an t-amhrán féin sách cumhachtach, inseoidh sé a scéal féin.

AÓF: An gceapann tú go gcruthaíonn an t-amhránaí a s(h)eanchas pearsanta féin leis an amhrán?

ÁNíD: Feiceann chuile dhuine rud éigin difriúil sa bhfilíocht, agus má tá scéal amhráin ag teacht le heachtraí i do shaol féin, is cinnte gur féidir leis tarlú go gcruthófá do sheanchas pearsanta féin. Tá sé tábhachtach go mbeadh tú in ann brí phearsanta a bhaint as na focail agus as an scéal, le brí cheart a chur san amhrán.

AÓF: Cad is amhránaí maith ann, duitse?

ÁNíD: Duine a bhfuil glór taitneamhach aige/aici agus frásaíocht mhaith, a choinníonn an tiúin, a chuireann brí agus mothúchán sa scéal agus a thugann tusa leis nó léi isteach i ndomhan an amhráin.

AÓF: Cén tábhacht a bhaineann leis na mothúcháin duit?

ÁNíD: Tá na mothúcháin rí-thábhachtach.

AÓF: Ach nach bhfuil mothúcháin i gceist in amhránaíocht opera agus country and western freisin?

ÁNíD: Tá na mothúcháin anseo níos loime. Níl ann ach do ghlór. Níl aon tionlacan agat le cur leis. Caithfidh do ghlór mothúcháin do chroí a chur in iúl.

AÓF: Cén chaoi a n-aithníonn tú mothúcháin bhréagacha ó fhíormhothúcháin?

ÁNíD: Má tá amhránaí sách cleachtach, is féidir mothúcháin bhréagacha a chur i leith go paiteanta. Ach cuirfidh fíormhothúcháin deora le do shúile, ardóidh siad do spiorad agus cuirfidh siad féileacáin ag eitilt i do bholg!

AÓF: Cén áit is mó a mbíonn tú ar do shuaimhneas ag casadh?

ÁNíD: I dTigh Hughes sa Spidéal tráthnóna Dé Domhnaigh i measc comhcheoltóirí agus cairde. Agus bím ag canadh agus mé liom féin - sa gcarr, sa gcithfholcadán, ag siúl na mbóithre. Bíonn daoine bodhraithe agam scaití!

AÓF: Céard faoi chomórtaisí? An mbíonn tú neirbhíseach?

ÁNíD: An-neirbhíseach go deo! Amanna d’fhéadfadh sé cur le caighdéan do ghlóir agus na mothúchán, ach is minicí faitíos orm go ligfidh mé na focail i ndearmad nó go dtiocfaidh tocht i mo ghlór.

AÓF: Nuair a dhúnann tú do shúile, agus nuair a thosaíonn tú ag gabháil fhoinn, cá dtéann tú?

ÁNíD: Téim go domhan eile, agus doimhneacht eile. Téim isteach san amhrán, is mise an duine sin, is liomsa an scéal. An t-amhrán a bhfuil an éifeacht sin is mó aige orm ná “Caisleán Uí Néill”.

AÓF: An gceapann tú go gcabhraíonn amhráin leat ar do thuras tríd an saol?

ÁNíD: Cabhraíonn. Cothaíonn siad tú agus tú íseal agus ard.

AÓF: Dá n-iarrfainn ort inseacht dom cén fáth a gcanann tú, céard déarfá?

ÁNíD: Briseann an dúchas …!

Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.