Féachann Pádraig Mac Éamoinn ar chuid de na hathruithe atá i ndán don eitlíocht Éireananch sa bhliain atá romhainn.
Beidh bliain an-ghnóthach ag lucht eitlíochta na hÉireann in 2005, agus is dócha go mbeidh athrú san aer do chuile aerfort agus chuile aerlíne. Ní hamháin go mbeidh Ryanair ag tosú a gcuid bealaí nua ó Aerfort na Sionainne, ach beidh cinneadh (beagáinín déanach) á dhéanamh ag an Rialtas faoi fhorbairt Aer Lingus, agus beidh na conarthaí a thacaíonn leis na seirbhísí idir na haerfoirt réigiúnacha agus Baile Átha Cliath le bronnadh as an nua.
Is iad conarthaí Oibleagáid Seirbhíse Poiblí, nó OSP, atá mar bhonn faoi fhormhór na seirbhísí atá ag na haerfoirt réigiúnacha, agus a ghineann cuid mhaith d’ioncam Aer Arann. (Tá Aer Arann freagrach as bealaí OSP ó Bhaile Átha Cliath go Ciarraí, Gaillimh, Cnoc Mhuire, Sligeach agus Dún na nGall, agus tá Loganair - comhlacht Albanach - freagrach as an tseirbhís idir Baile Átha Cliath agus Doire). Tá seirbhísí OSP i dtíortha eile Eorpacha, mar shampla in Albain, sa Fhrainc agus san Iorua, áiteanna a bhfuil an Stát ag iarraidh tacaíocht a thabhairt do sheirbhís neamhbhrabúsach ar mhaithe le forbairt ceantar iargúlta.
Cuireann an Stát i bhfeidhm rialacha áirithe. Mar shampla, sa chás Éireannach, ní foláir do thrí sheirbhís laethúla ar a laghad bheith idir Baile Átha Cliath agus Aerfort Chiarraí, agus is gá go mbeadh 40% de na suíocháin ar díol ar níos lú ná €110 (ticéad fillte). Mar aisíocaíocht, faigheann an aerlíne fóirdheontas ón Rialtas ar son chuile phaisinéir, agus seo sa bhreis ar phraghas an ticéid. Agus ní sóinseáil atá i gceist: íocann an Rialtas thart faoi €50 ar son gach paisinéir aontreo idir Baile Átha Cliath agus Aerfort na Gaillimhe agus Aerfort Chiarraí.
De réir rialacha OSP, ar an mbealach Baile Átha Cliath-Cnoc Mhuire, is gá go mbeadh eitilt soir gach maidin den tseachtain agus eitilt siar gach tráthnóna. Cuireann sé sin costais ar an aerlíne, ach tá leigheas le fáil: faigheann an comhlacht timpeall €280 ón Stát ar son gach paisinéir aontreo.
An uair dheireanach a tugadh amach na conarthaí OSP, in 2002, ní raibh ach trí dhream san iomaíocht: Aer Arann, Loganair, agus comhlacht beag nua, Euroceltic (nach maireann). Ón am sin, áfach, tá fás an-mhór tagtha ar an eitlíocht Eorpach, go mór mór ar na haerlínte “no frills” mar Ryanair agus easyJet agus, de réir na ráflaí, beidh i bhfad níos mó iomaíochta ann do na conarthaí OSP nuair a fhoilseofar an tairiscint go luath.
B’fheidir go bhfeicfimid na haerlínte Sasanacha flyBE nó Jet2 nó easyJet, nó a leithéid, ag iarraidh conradh nó dhó a fháil (mar shampla, an tseirbhís go Ciarraí, áit a bhfuil rúidbhealach fada go leor do na scairdeitleáin agus buntáiste mór ama i gcomparáid leis an traein). Is cinnte go bhfuil roinnt mhaith seirbhísí nua tosaithe ag Aer Arann le déanaí, go háirithe idir Éirinn agus an Bhreatain, chun a spleáchas ar na deontais OSP a laghdú.
Aer Lingus
Áit eile a bhfuil athrú mór ag teacht ná ar struchtúr Aer Lingus, agus tá níos mó i gceist ná an gá atá ann comharbaí a fháil ar “an triúr musketeers” a d’éirigh as a bpostanna. Cé go bhfuil drogall ar an sóisialaí nua i dTeach Laighean dul in aghaidh na gceardchumann, tá airgead (cé acu poiblí nó príobháideach) de dhíth ar an aerlíne don fhairsingiú, chun eitleáin nua, agus go háirithe eitléain nua fadraoin, a fháil (ar léas nó a cheannach).
Anois agus toghchán na huachtaránachta thart i Meiriceá, tosófar na comhchainteanna arís chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gcomhaontú eitlíochta déthaobhach (áit a bhfuil an “Shannon stopover” sáinnithe). Ní imeoidh an stopover go tobann, ach i gcionn cúpla bliain is dócha, agus ag an am céanna beidh cead ag Aer Lingus séirbhisí nua a thosú go cathracha eile sna Stáit Aontaithe: San Francisco, Dallas, Miami, Atlanta agus a leithéid. Chun é sin a dhéanamh, beidh gá le heitleáin. Tá Aer Lingus - aerlíne neamhchoitianta, atá ag déanamh brabúis! - mar spéirbhean álainn do lucht díolacháin Boeing agus Airbus, atá ag iarraidh a n-eitleáin is déanaí a dhíol, agus beidh mórán cainte faoin ábhar seo sna míonna atá romhainn.
Agus ceist chiotach eile don Rialtas: an dara críochfort ag Aerfort Átha Cliath. Dar le Michael O’Leary agus a ghnáth-thaidhleoireacht, thosódh Ryanair réimse leathan bealaí nua ó Bhaile Átha Cliath dá mbeadh áiseanna níos saoire ar fáil acu. Tá an méid sin eitleán nua ordaithe ag Ryanair go bhfuil orthu bheith i gcónaí ag tosú bealaí nua, díreach chun úsáid a bhaint as na heitleáin nua seo, ach tá sé ag éirí níos deacra luas an fhoráis a choimeád agus bealaí nua brabúsacha a aimsiú.
Is spreagadh mór don iarthar bunáit nua Ryanair in Aerfort na Sionainne, agus a sheirbhísí nua go dtí an Iodáil, an tSualainn agus an Bheilg a thosófar i mí na Bealtaine, ach tá margadh den scoth faighte ag an aerlíne. De réir na dtuairiscí, ní bhfaighidh an t-aerfort uathu ach €0.50 ar gach paisinéir, agus tá an t-aerfort ag cur a lámh ina phóca chun cabhrú go mór leis an mbolscaireacht agus an mhargaíocht.
Nach ait an rud é, mar sin, nuair a théann tú ar shuíomh gréasáin Ryanair chun ticéad a cheannach ó Shionainn, go n-iarrtar €3 ort le cois an phraghais, do Tháillí Seirbhíse Paisinéara, nó costaisí aerfoirt? B’fheidir gur seo sampla eile de chumas cruthaitheach Ryanair i gcúrsaí airgid a d’fhéadfadh an tÚdarás um Chaighdeáin Fógraíochta a fhiosrú?
Is comhairleoir é Padraig Mac Éamoinn atá ag obair i dtionscal eitlíochta na Breataine.