Nuair a thug Ruth Nic Giolla Iasachta cuairt ar chathair na Ginéive roimh an Nollaig bhlais sí bia blasta agus fuair sí an-léargas ar chultúr na ndaoine.
Sa scannán *The Third Man *(1945) chuir Orson Welles i leith mhuintir na hEilvéise nach raibh acu ach cloig chuaiche mar thoradh ar bhlianta síochána. Cinnte tá an cháil ar an tír gur áit leadránach chostasach í, nach bhfuil mórán rudaí suimiúla inti seachas lochanna, sléibhte, agus cuntais bhainc.
Díreach roimh an Nollaig, chaith mé féin cúpla lá i gcathair na Ginéive. Bhí sé an-fhuar ar fad, ach buíochas le praiticiúlacht na ndaoine, in ainneoin an Chailvíneachais, bhí neart fíon te le fáil ar na sráideanna. Bhí margaí na Nollag faoi lán seoil i lár na cathrach, agus chuile rud ar díol ó cháiseanna sléibhe (cuid acu déanta le líon), go potadóireacht áitiúil, ispíní láidre (chomh crua le cnámh, ach i bhfad níos blasta) bocairí agus maisiúcháin Nollag déanta as adhmad.
Bhí sráideanna an mhargaidh dubh le daoine, agus is cosúil go mbíonn siad mar sin sách minic. Tagann go leor “inimirceach” chuig an gcathair ón tuath, le cois roinnt mhaith daoine ón Iodáil agus ón bPortaingéil - gan trácht ar na céadta Meireacánach atá ag obair sa Ghinéiv leis na Náisiúin Aontaithe. Tá lárionad eolaíochta CERN sa chathair freisin, an áit as ar tháinig an “www.”.
Bhí an t-ádh liom, a dúradh liom níos mó ná uair amháin, gur tháinig mé ar an deireadh seachtaine sin ag tús mhí na Nollag, mar b’in ceiliúradh an Escalade, an fhéile is suntasaí ag baile inar chuir Calvin cosc ar chuile fhéile reiligiúnda sa séú haois déag. Ní raibh mórán cloiste agam faoin Escalade - ach le crónú na hoíche, ba dheacair gan tabhairt faoi deara go raibh rud éicint as an ngnách ar tí dul ar aghaidh. I rith an lae, bhí grúpaí beaga de chailíní feicthe agam, agus iad gléasta suas i sciortaí meánaoiseacha, ag canadh amhrán traidisiúnta, "Cé qu’è l’ainô" (An té atá sna hArda).
Cheap mé gur rud é seo a bhain leis an dream óg amháin, go dtí go bhfaca mé an chuid eile den bhaile. Na céadta duine gléasta go proifisiúnta, cuid acu ar chapaill, cuid acu le drumaí, cuid acu le ga nó píce. Déarfá gur comóradh Bhliain na bhFrancach a bhí ar siúl, ach ar bhonn i bhfad níos gairmiúla.
Bhí ceathrar fear ann agus iad gléasta i róbaí dubha - Calvin agus a chomhghleacaithe. Tosaíodh an mórshiúl sa dorchadas. Nuair a shroich na fir sráid faoi leith, baineadh blosc as trumpa agus léadh forógra na poblachta amach go hard, le cabhair micreafóin. Na sluaite ar an dá thaobh den bhóthar. Na capaill ag éirí mífhoighdeach. Páistí thuas ar mhullaird chun radharc níos fearr a fháil. Seanbhean ag míniú na staire do leaid óg. Tar éis an fhorógra, canadh an t-amhrán traidisiúnta a bhí ag na cailíní ní ba luaithe. Ní raibh sé ar eolas ag chuile dhuine, áfach, ainneoin iarrachtaí na seanmhná.
Ansin, ar aghaidh le ceoltóirí, marcaithe, muintir an mhargaidh (agus caoirigh, cearca agus coiníní beo faoina gcúram), leanaí agus saighdiúirí trí shráideanna casta na cathrach go dtí Place St Pierre. Ansin, lasadh tine mhór cnámh agus chruinnigh chuile dhuine ar chéimeanna na hardeaglaise chun éisteacht le forógra na poblachta arís. Na sluaite ar bís. Lasracha ag téamh chroí na cearnóige agus an oíche fhuar mórthimpeall orainn. Anraith agus fíon te fós ar díol i ngach áit. An t-amhrán arís. Aghaidheanna na bpáistí oráiste faoin solas. Na focail ar eolas ag níos mó acu an uair seo. Le dínit chiúin, d’fhág Calvin agus a chairde an stáitse. De ghnáth, bíonn damhsa picoulet timpeall na tine ina dhiaidh sin, a eagraíonn na mic léinn.
Ionsaí tobann
Cén fáth an mórshiúl bliantúil seo? Fadó fadó, i 1602, nuair nach raibh sa Ghinéiv ach cathair/poblacht bheag, ba é mian an Diúic Charles Emmanuel ó Savoie na Fraince an Ghinéiv bheith aige mar phríomhchathair ó thuaidh na nAlp. Ar oíche an 11/12 Nollaig, d’ionsaigh thart ar dhá mhíle dá lucht leanúna an chathair go tobann. Bhí ballaí breátha arda timpeall uirthi, ach bhí dréimirí ag na saighdiúirí chun *escalade *a dhéanamh. Scaoil an fairtheoir, Jacques Mercier, piléar, rud a chuir in iúl do na Ginéivigh go raibh ionsaí ar siúl. Bualadh cuid clog Ardeaglais Saint Pierre agus cloig na séipéal eile chun an pobal a dhúiseacht.
Bhí muintir Savoie ag iarraidh buama a chur faoin bPorte Neuve, ach bhí an t-ádh leis na Ginéivigh mar d’éirigh le hIsaac Mercier an geata crochta a dhruid in am. (Tá plaic fós ann i gcuimhne air.)
Pearsa thábhachtach eile ab ea La Mère Royaume (Catherine Cheynel), a bhí i mbun cócaireachta nuair a d’ionsaigh muintir Savoie an baile. Fuair an bhean seo a corcán mór millteach a bhí lán d’anraith agus d’fholmhaigh sí thar bhallaí na cathrach é ar na saighdiúirí bochta. Mharaigh an t-anraith, a bhí ar fiuchadh, cuid acu agus, chun an chaidhp bháis cheart a chur orthu, chaith Mere Royaume an pota folamh anuas orthu chomh maith.
Chuile bhliain sa Ghinéiv, mar sin, is féidir potaí seacláide a cheannach in ómós di. Tá siad le feiceáil i ngach boulangerie *(siopa aráin), agus tá rogha idir cinn mhóra (50 ceintiméadar ar leithead) agus cinn bheaga (síos go deich ceintiméadar), agus iad go léir lán torthaí agus glasraí déanta as *marzipan.
Sula n-itear iad, áfach, bíonn deasghnáth speisialta le déanamh. Suíonn an duine is óige agus an duine is sine sa teach os comhair a chéile agus bíonn an corcán sa lár. Ag féachaint isteach i súile a chéile, croitheann siad a lámh dheas le chéile chun dorn a dhéanamh. Ansin, deir siad le chéile, *"Qu’ainsi périsse les ennemis de la république!” *(go bhfaighe naimhde na poblachta bás mar seo) agus, le buille mór, scriosann siad an pota agus a bhfuil ann. Pioctar na smidiríní seacláide agus *marzipan *suas agus itear iad ansin - iad tuillte go maith acu, agus ag an lucht féachana!
Stair chasta
Tá stair chasta ag an Eilvéis, cé gur tháinig na cantons *(réigiúin leathneamhspleácha) le chéile ar bhonn comhcheangail le linn ré an impiriúlachais san Eoraip. Tá an-mheas fós ag daoine ar a gcanton* féin. Is é an laoch is mó i stair *canton *na Ginéive ná Liam Tell (nó Guillaume, nó Wilhelm). Mar is eol do chách, sheas sé go cróga in aghaidh an Ghobharnóra. Ní hamháin gur léirigh sé a chumas mar bhoghdóir trí shaighead a scaoileadh go beacht trí lár úill a bhí ar bharr cheann a mhic, ach nuair a d’fhiafraigh an gobharnóir de cén fáth a raibh an dara saighead réidh aige, d’fhreagair sé go simplí: “Duitse, da mba rud é gur gortaíodh mo mhac.” Tá meas go fóill ag daoine ar neamhspleáchas agus crógacht Tell in aghaidh údarás cruálach.
D’fhágamar an chathair freisin agus thug cuairt ar na sléibhte. Bhí sioc ar leath an fhéir, an chuid in aice leis an talamh lom, agus an chuid in uachtar bán agus ag glioscarnach faoi cheo trom na maidine. Thiomáineamar go mall suas Creux-du-Van gan mórán a fheiceáil mar gheall ar muid bheith i scamall. Ach tar éis casadh eile, agus na cluasa ag pléascadh, shroicheamar léibhéal iomlán eile. Ar nós bheith in eitleán agus é ag ardú, bhíomar thuas, na scamaill fúinn, agus sléibhte Jura amach romhainn. Na sléibhte díreach mar a thaispeántar ar lipéad Evian iad - an spéir bándearg agus gorm taobh thiar díobh. Crainn mhóra ar nós crann Nollag, an ghrian ag soilsiú anuas ar an sneachta úrbhán.
Don dinnéar, tar éis cuid mhaith taisceálta, bhí raclette *álainn againn i mbaile beag darbh ainm Bulle (boilgín), áit a bhfuil caisleán seanda athraithe go stáisiún gardaí. Is béile traidisiúnta na sléibhte é *raclette, déanta as meascán de cháiseanna agus fíon geal, é curtha os ár gcomhair fós sa phota (agus lasracha beaga gáis faoi). Arán agus slisíní ispíní le picilí againn le tumadh isteach ann - an-bhlasta ar fad, ach, mo léan, bhí sé chomh méith sin nach rabhamar in ann é a chríochnú.
Sin an Eilvéis duit: an-saibhir, cinnte, ach stair, tírdhreacha, cultúr agus béilí iontacha ag baint léi.
Is as Contae na Mí í Ruth Nic Giolla Iasachta. Bhog sí go Páras an fómhar seo caite, tar éis di an tArd-Teastas san Oideachas a bhaint amach i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath. Tá sí ag múineadh Gaeilge ansin faoi láthair.
As Co. na Mí do Ruth Nic Giolla Iasachta. Obair déanta aici ar scannáin agus ar chláir theilifíse. Tréimhse caite aici sa Nua-Shéalainn, mar a ndearna sí taighde dochtúireachta ar theilifís na Māori. Ag múineadh in Ollscoil Brest na Briotáine faoi láthair agus ag déanamh taighde faoi na meáin Bhriotáinise.