RANNÓG NA bhFOGHLAIMEOIRÍ/TAISCE FOCAL
Taisce Focal
Róise Ní Bhaoill, Róise Ní Bhaoill, Gordon McCoy Gordon McCoy

Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: ag glanadh an tí.

Bhí an t-am sin den bhliain ann a raibh ainchuma ag teacht ar achan rud sa teach. Bhí samhnas ag teacht ar Shíle leis an tsalachar agus leis an stúr a bhí ag éirí thuas uirthi. Ní raibh fána choinne ach sciúradh maith agus ní raibh fonn mór ar bith uirthi tabhairt faoi nó ní bheadh deireadh leis. Ba é an donas go gcuirfeadh rud amháin droch-chuma ar an rud eile agus, fá dheireadh thiar thall, bheadh aici le dhul i gceann an tí ó bhun go barr.

Cibé, ní raibh a fhios aici ariamh cad chuige ar bhuair sí a ceann leis nó is beag an buíochas a bheadh ar a cuid saothair. Thiocfadh Feargal isteach tráthnóna agus chuirfeadh sé a shoc sa pháipéar go raibh a chuid réidh, agus ní thabharfadh sé faoi deara gur chaith sí am agus saothar ag glanadh. Thiocfadh leis a bheith ina shuí suas go dtí an dá shúil i stúr agus ní dhéanfadh sé lá difir dósan. Sin mar a bhí Feargal, ach ní sin mar a bhí Síle, agus shocair sí go gcaithfí a dhul i gceann an ghlanadh ar an tSatharn seo a bhí ag teacht.

D’éirigh sí roimh an lá maidin Dé Sathairn agus rinne sí cupa tae di féin. Dá dtiocfadh léi an tae a bheith aici agus a dhá súil druidte, sin an rud a dhéanfadh sí, nó níor mhian léi an choirt gheir a fhéicéail thart fán tsorn nó an dóigh a raibh sí ag lí suas taobh an dá phrios a bhí os a chionn. Ní ligfeadh an eagla di amharc síos taobh an phriosa nó faoin phrios, ar eagla go léimfeadh babhdán inteacht amach uirthi.

Ach, bíodh sin mar atá, bhí jab le déanamh, agus sháith Síle péire *Marigolds *uirthi féin agus chuaigh i gcionn na hoibre. Líon sí buicéad le huisce galach agus chuir sí slog maith leacht níocháin ann. Chaith sí isteach scuab sciúrtha fosta. Chuir sí a droim leis an obair agus, fá am lón, bhí an seomra sciobtha scuabtha aici.

Shuigh sí fúithi tamall nuair a bhí sin déanta aici agus chaith sí greim bí. Nuair a bhí an t-ocras cloíte aici, thug sí aghaidh ar an tseomra suí. Thug sí anuas na cuirtíní, rud a thóg ceo fríde. Chaith sí deireadh isteach i gciseán an níocháin, agus ar ais léi agus an folúsghlantóir léi. Thóg sí dá dtiocfadh léi de thrioc a bheadh ina cosán agus chuir sí an t-iomlán i mullach an toilg mhóir a bhí i lár an tseomra. Ghlan sí an luaith as an tine agus chuaigh sí amach leis. Thug sí faoi deara nach raibh caill ar an aimsir agus dúirt sí léi féin go rachadh sí ag spaisteoireacht dá mbeadh fuinneamh ar bith inti fán am a bheadh deireadh críochnaithe aici.

Nuair a phill sí ar ais ar an tseomra suí bhí a raibh thuas ar an tolg abhus i lár an tí arís agus bhí Feargal ina shuí ar an tolg agus an teilifís ar obair aige. Bhí Síle le ceangal.

“Cad chuige, faoi Dhia, a dtearn tú sin?” arsa Síle agus faobhar ar a guth.

“Tá an rugbaí air inniu. Nach bhfuil a fhios ag an tsaol mór sin?” arsa Feargal.

“Bhuel, an gcreidfeá é,” arsa Síle go tarcaisneach, “d’imigh sin glan orm. Tá mise ag glanadh an tseomra seo - shílfeá go bhfeicfeá sin.”

“Órú, suigh ar do thóin. Is é an Satharn atá ann, cibé; níl beo ort ach a bheith ag obair. Éist, an bhfuil seans ar bith ann píosa muiceola agus cúpla ubh a fháil?” arsa Feargal agus é ag ardú fhuaim na teilifíse.

“Bhéarfaidh mise ubh agus muiceoil duit,” arsa Síle agus chaith sí péire na *Marigolds *air, thiontaigh a droim leis agus ann ach gur bhain sí an doras den bhalla.

Chuala sí Feargal ag rá, “Faicheallach anois” agus í ag déanamh ar an doras.

“Féadann sé bás a fháil den ocras,” arsa Síle, “nó tá mise ar shiúl”, agus amach léi agus dhruid sí an doras ina diaidh.

Tá Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy ag obair le hIontaobhas ULTACH i mBéal Feirste.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.