Tháinig titim i líon na ndaoine a maraíodh ar na bóithre anuraidh ach tá cúrsaí i ndiaidh dul chun donais i mbliana. Ní thiocfaidh feabhas ar an scéal go dtí go gcuirfear iachall ar dhaoine a meon a athrú, go háirithe an t-aos óg.
»»»Tá breis is scór bliain caite in RTÉ ag Mairéad Ní Nuadháin, Eagarthóir Coimisiúnaithe na gClár Gaeilge, Ilchultúrtha agus Oideachais, ach tá neart cineálacha eile oibre déanta aici ina saol, mar a mhínigh sí do Chaoimhe Ní Laighin.
»»»Léiríonn leabhar nua faoi thraenacha faoi thalamh Nua-Eabhrac an dlúthbhaint atá ag na hÉireannaigh le fada leis an chóras, atá céad bliain d’aois i mbliana. Chas Tom Deignan le húdar an leabhair.
»»»Tá bua na healaíne ag an pháiste Meiriceánach Marla Olmstead agus gan í ach ceithre bliana d’aois. Cúlra an scéil ó Chiara Nic Gabhann.
»»»Tá Ruth Nic Giolla Iasachta ag múineadh Gaeilge do dhaoine fásta i bPáras faoi láthair agus ní Francaigh amháin atá ag freastal ar an rang - tá daoine as seacht dtír éagsúla ann.
»»»Ar an 24 Samhain 2004 seoladh dlúthdhiosca dúbailte agus leabhrán dar teideal Scéalta Miotais agus Draíochta as Inis Eoghain. Ba é Raidió Phobal Inis Eoghain i nDún na nGall a d’fhoilsigh an pacáiste seo. Labhair Antaine Ó Faracháin leis an bhfear a rinne comhordú ar an tionscadal, an t-amhránaí Jimmy McBride.
»»»Tá líon na mbuaf cána méadaithe go mór san Astráil ó bhí na tríochaidí ann agus anois tá iarrachtaí ar bun le dul i ngleic leis an bhfadhb, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.
»»»Sa tuairisc eisiach seo, insíonn Balor dúirt faoin dílárú atá i ndán do na heagraíochtaí Gaeilge.
»»»Tá Dónall Ó Maolfabhail dóchasach nach leanfar ar aghaidh leis an bplean chun mótarbhalach a thógáil gar do Chnoc na Teamhrach i gContae na Mí de bhrí go bhfuil fothoghchán Dála le bheith sa chontae an bhliain seo chugainn.
»»»Thug Liz Curtis cuairt ar thrí áit éagsúla le linn Lá Oscailte Oidhreacht na hEorpa i mí Mheán Fómhair i mbliana.
»»»Ó 1970 ar aghaidh, tá Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i mbun Turas na bhFilí a eagrú i gcomhar le Comhairle nan Leabhraichean in Albain. Mar chuid den mhalartú cultúrtha seo, chuaigh beirt fhilí, Dáithí Ó hÓgáin agus Dolores Stewart, an t-amhránaí Seán Garvey agus an ceoltóir Colm Dubh Ó Méalóid trasna go hAlbain idir 1-7 Samhain 2004. Bhí Máire Ni Chuagáiin éineacht leo mar ionadaí na Comhdhála.
»»»Déanann Natasha Evans cur síos ar Ghaelscoil Lios na nÓg i mBaile Átha Cliath, scoil atá lonnaithe i seanfhoirgneamh stairiúil a bhfuil droch-chaoi air agus ar gá leathmhilliún euro a chaitheamh chun bail a chur air.
»»»Seo sliocht as leabhar nua an Athar Pádraig Standún, Eaglais na gCatacómaí, ina bhfuil cur síos ar na trí bliana déag is fiche atá caite aige mar shagart i nGaeltachtaí na Gaillimhe agus Mhaigh Eo. Sa sliocht seo, tugann sé cuntas ar na deacrachtaí a bhí aige féin agus ag sagairt eile nuair a cuireadh iad chuig oileáin Árann den chéad uair.
»»»Tá Robert McMillen dóchasach go n-éireoidh le Sinn Féin agus leis an DUP teacht ar shocrú stairiúil sna Sé Chontae go luath.
»»»Tá imní ar Cholm Mac Séalaigh go bhfuil an diantraenáil agus an líon mór cluichí ag déanamh dochair do na himreoirí is fearr peile agus iománaíochta.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: cóisir Nollag oifige.
»»»Tá seasamh i bhfad níos láidre á thógáil ag na polaiteoirí áitiúla i Learpholl i gcoinne an tobac ná mar atá ag Rialtas Westmister, dar le Tony Birtill.
»»»Tá fadhb na raimhreachta i measc páistí ag éirí níos measa, fiú i gceantair mar Chontae Liatroma. Tuairisc ó Uinsionn Mac Dubhghaill.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.