TEANGA AGUS CULTÚR
Borradh faoi Ghaelscoil Lios na nÓg
Natasha Evans Natasha Evans

Déanann Natasha Evans cur síos ar Ghaelscoil Lios na nÓg i mBaile Átha Cliath, scoil atá lonnaithe i seanfhoirgneamh stairiúil a bhfuil droch-chaoi air agus ar leathmhilliún euro a chaitheamh chun bail a chur air.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
An staraí William Lecky: chónaigh i dTeach Fheadha Cuilinn sa nao haois déag

Bunaíodh Gaelscoil Lios na nÓg i 1996 agus 21 páiste ar na rollaí. fás suntasach tagtha uirthi ó shin i leith agus i mbliana 199 dalta ag freastal ar an scoil.

Is é aidhm na scoile oideachas foirfe a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge, in atmaisféar spreagúil agus cúramach. Bíonn ceol, amhránaíocht, damhsa, drámaíocht agus ealaín ar fáil agus glacann na daltaí páirt i gcineálacha eagsúla spóirt. Is scoil iontach é Lios na nÓg, agus mothaíonn atmaisféar sona oibre nuair a shiúlann trí dhoras na scoile.

suíomh buan againn don scoil i dTeach Fheadha Cuilinn ar Bhóthar Oakley i Raghnallach, bruachbhaile atá tuairim is ar dhá mhíle ó lár na cathrach i mBaile Átha Cliath. Is seanteach stairiúil é Teach Fheadha Cuilinn, atá liostaithe ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Faoi láthair seomraí ranga san íoslach, ar an bhunurlár agus in dhá sheomra réamhdhéanta sa chlós.

Is foirgneamh an-suimiúil é Teach Fheadha Cuilinn a bhfuil stair fhada ag baint leis. Tógadh é san 18ú haois agus chónaigh pearsana cáiliúla as an traidisiún náisiúnach agus aontachtach ann i gcaitheamh na mblianta.

Fuair an Dr. Bartholemew Mosse, a bhunaigh Ospidéal an Rotunda, bás ann i 1759. In 1833, cheannaigh John Lecky an teach mar áit chónaithe theaghlach agus tógadh an staraí cáiliúil William Edward Hartpole Lecky (1838 - 1903) ann.

D’oscail Pádraig Mac Piarais an chéad scoil dhátheangach in Éirinn, Scoil Éanna, sa teach i 1908. Nuair a bhog an scoil go Ráth Fearnáin i 1910, osclaíodh scoil do chailíní, Scoil Íde, i dTeach Fheadha Cuilinn. (Bhí Luíse Ghabhánach Dhufaigh ar dhuine de na múinteoirí a bhí ag obair ansin.) Bhí oifig ann ag Michael Collins i rith Chogadh na Saoirse agus chuir na Dúchrónaigh an teach trí thíne i 1921.

Thug Margaret Pearse, deirfiúr Phádraig, Teach Fheadha Cuilinn don Stát i 1960 ach thit an foirgneamh i ndroch-chaoi. I 1987, tháinig grúpa oibre áitiúil le chéile chun an teach a shábháil agus chun ionad cultúrtha agus sóisialta, a reáchtálfaí trí mheán na Gaeilge, a chur ar fáil don phobal don todhchaí. Bhí mar aidhm freisin ceangal a dhéanamh idir an thraidisiún in Éirinn. Anois, daltaí as aon chultúr déag éagsúla ag freastal ar Lios na nÓg agus mar chuspóir ag an scoil ceiliúradh a dhéanamh orthu go léir agus aitheantas a thabhairt dóibh.

Sa bhliain 1997 a bhog Gaelscoil Lios na nÓg go dtí an teach. Anois tuilleadh spáis de dhíth ar an scoil mar gheall ar í bheith ag fás oiread. an scoil ar bharr an liosta tógála ag an Roinn Oideachais go fóill agus fios cathain a chuirfear an t-airgead ar fáil. Mar sin de, an príomhoide, an Bord Bainistíochta agus na tuismitheoirí ag iarraidh an t-airgead a bhailiú iad féin.

Tógfaidh breis is €500,000 an obair a chur i gcrích. Más rud é go bhfuil in ann cuidiú de chinéal ar bith a thabhairt urraíocht a dhéanamh ar chuid den obair, smaointe agat ba mhaith leat a roinnt faoin tslí a mbeadh muid in ann an t-airgead seo a bhailiú, téigh i dteagmháil leis an phríomhoide ag gsliosnanog.ias@eircom.net tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin na scoile ag www.gaelscoilliosnanog.com

Is as Dún na nGall í Natasha Evans ach cónaí uirthi anois i Raghnallach, in aice le Scoil Lios na nÓg. páiste cuid ag freastal ar an scoil.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.