Ó 1970 ar aghaidh, tá Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i mbun Turas na bhFilí a eagrú i gcomhar le Comhairle nan Leabhraichean in Albain. Mar chuid den mhalartú cultúrtha seo, chuaigh beirt fhilí, Dáithí Ó hÓgáin agus Dolores Stewart, an t-amhránaí Seán Garvey agus an ceoltóir Colm Dubh Ó Méalóid trasna go hAlbain idir 1-7 Samhain 2004. Bhí Máire Ni Chuagáiin éineacht leo mar ionadaí na Comhdhála.
Ní duine mé ar gá cur ina luí uirthi go bhfuil Albain álainn mar thír, ach luaigh mé le hIan, mo chomhghleacaí ó Chomhairle nan Leabhraichean, agus muid ag déanamh ár mbealach suas go dtí an t-Eilean Sgitheanach, nach bhfaca mé an Ghaidhealtachd chomh hálainn seo riamh. Locha móra séimhe, sléibhte clúdaithe in oráiste, buí agus dearg dóite, agus seo ar fad ina luí faoi spéir mhór ghorm.
Sé huaire an chloig taistil ó Ghlaschú, thart le Loch Lomond, trí Ghleann Comhann agus “trasna na farraige go Skye” (nó, sa lá atá inniú ann, trasna an droichid go Skye!) Is áit ar leith é Sabhal Mòr Ostaig, an coláiste ina bhfuil os cionn 100 mac léinn agus 60 ball foirne fostaithe i réimsí éagsúla. A leithéid d’áit le bheith ag obair: an fharraige taobh leat agus radharcanna breátha ar an mórthír, Sléibhte Chnòideart agus trá Mhallaig. Ní thuigim cén chaoi a n-éireodh le héinne obair ar bith a dhéanamh san áit! Chaith an grúpa an chéad oíche sa Talla Mhòr sa choláiste, áit a bhíodh mar scioból tráth (is as seo a thagann ainm an choláiste, a chiallaíonn “scioból mór sa bhá thoir”.) Rinne Dáithí cur i láthair breá ar a chuid filíochta - léigh sé dánta faoi Chill Stiuthín, Cearbhall Ó Dálaigh agus seanchapall truamhéalach - agus chuir Colm beocht iontach san oíche lena bhosca ceoil, go háirithe leis an bhfonn “Nóiméid Ghoidte”. Léigh Dolores rogha dá cuid filíochta faoi Socrates, Wittgenstein agus stoirm farraige ar bhád farantóireachta Inis Bó Finne, agus chuir Seán an lucht féachana faoi dhraíocht le “Éamonn Mhagáine” agus “Sliabh na mBan”.
Rud nach raibh mé ag súil leis ná filíocht chumhachtach Ghàidhlig a chloisteáil ó mhac léinn óg Sasanach. Ach sin mar atá oileáin na hAlban: iontas timpeall gach cúinne!
Rud eile nach raibh mé ag súil leis ná "moon safari” *a thógáil síos trí na Hearadh. Murach go raibh an spásárthach agus an chulaith spáis in easnamh (agus gur mionbhus bán a bhí mar mhodh taistil!), cheapfá gur ar an ngealach a bhí tú, leis na clocha móra “gealaí” ar fad! Ansin, trá mhór fhada bhán os do chomhair, nach bhfeicfeá a leithéid sa *Med!
D’éalaigh mé ón gcaint agus ón gcomhrá san Isle of Harris Hotel, tar éis dúinn oíche bhréa a chaitheamh i dTaigh mo Sheanair, chun breathnú ar na seanghrianghraif agus ar na léarscáileanna san óstán, go háirithe na cinn a bhain le Hiort, an t-oileán a tréigeadh sna 1930í. Seachas an t-ábhar spéisiúil seo, an rud atá sáite i mo chuimhne faoin óstán ná go raibh folcadán in ionad cithfholcadáin i ngach seomra!
Áit ghaofar
Le linn dúinn bheith i Nis, i dtuaisceart Eilean Leòdhais, thugamar cuairt ar Rubha Robhanais, an pointe is faide ó thuaidh sna h-Eileanan Siar (agus, táim ag rá leat, bhí sé gaofar!) Agus muid ag breathnú ar an Aigeán Atlantach sínte amach romhainn, smaoinigh mé ar na scéalta a bhí cloiste againn le cúpla lá anuas, faoi thubaistí mara, faoi na céadta duine óg agus iad ar an mbád bán go Meiriceá nó Ceanada, agus faoin tionchar a bhí ag a leithéid ar phobail bheaga na n-oileán. Stair chasta fhoréigneach na Gaidhealtachda, scéalta brónacha cosúil le scéal Hiort, tubaistí mara, bád bán na himirce, easpa tionscalaíochta. Is iontach an rud é go bhfuil éinne fágtha ar na hoileáin seo in aon chor, gan trácht ar a dteanga agus a gcultúr bheith coinnithe beo acu.
Chuireamar oíche bhreá isteach i dTaigh Dhonnachaidh i gcomhluadar leithéidí Thormod Caimbeul - file a ghlac páirt sa Turas go hÉirinn i mí na Bealtaine - an t-amhránaí mór le rá Mary Smith, gan trácht ar sheisear fear ag casadh a gcuid boscaí ceoil. Teach atá i dTaigh Dhonnachaidh a d’fhág fear áitiúil ag an bpobal nuair a cailleadh é. B’aisteach - ach b’iontach go deo é - bheith in ionad pobail nach teach tábhairne é agus é lán le hatmaisféar, ceol agus comhrá. Chuirfeadh sé ag smaoineamh tú faoin mbearna atá in Éirinn d’áiteanna mar seo agus faoi chomh luachmhar is atá a leithéid do phobal. Agus gan focal Béarla le cloisteáil nó le feiceáil san áit!
Ar ais sa bhus linn arís (bhí an mionbhus mar a bheadh baile nua againn i rith na seachtaine), agus thaistilíomar 60 míle síos go deisceart na Hearadh, agus trasna na farraige linn go hEilean Bhearnaraigh. Cé nach raibh sé mar rogha againn dul thar droichead an uair seo, tá cabhsaí a cheanglaíonn Eilean Bhearnaraigh, Uibhist a Tuath, Beinn na Faoghla agus Uibhist a Deas. Is fada lá anois ó bhíodh muintir na n-oileán ag dul trasna an ghainimh idir na hoileáin agus an taoide amuigh!
I measc na ndaoine a ghlac páirt i dTuras na bhFilí ó 1970 ar aghaidh bhí: Somhairle MacGill-Eain, Máirtín Ó Direáin, Mairéad Ní Mhaonaigh, Louis de Paor, Cathal Ó Searcaigh, Celia de Fréine, Lasairfhíona Ní Chonaola, Flóra MacNéill, Cairstíona Primrose, agus Aonghas Padraig Caimbeul.
Sgoil Lionacleit ar Bheinn na Faoghla a bhí mar cheann scríbe deireanach sna h-Eileanan Siar. Scoil phobail í, a bhfuil linn snámha, ionad spóirt agus caife mar chuid lárnach di. Is áit í a fhreastalaíonn ar an bpobal ar fad - nó mar a dúirt Colm, “For feck’s sake, tá chuile shórt acu!”. Ó mo thaobh féin de, bhraith mé nach raibh mé tar éis bheith i scoil ar chor ar bith!
Tar éis an turais farraige deireanach idir Loch nam Madadh agus Uig, bhíomar ar ais sa mhionbhus agus ar an mbóthar go Glaschú. Cineál “epic” a bhí san aistear seo - thóg sé aon uair déag ón am a fuaireamar an bád gur shroicheamar Glaschú. Agus mé ag iarraidh an fhuil a mhúscailt i mo chosa bochta arís, bhreathnaigh mé suas ar an óstán - a Thiarna, ná habair! Ón taobh amuigh bhí an áit díreach cosúil le Fawlty Towers. Tar éis beagnach aon uair déag i mo shuí san áit chéanna, ba mhór an t-áthas a bhí orm nuair a fuair mé amach nach raibh Basil Fawlty ag feitheamh orainn ag an deasc fáiltithe!
Is mór, gan amhras, idir ciúnas draíochtúil na n-oileán agus trácht agus torann Ghlaschú, ach cuireadh críoch bhreá leis an turas i Leabharlann Partick.
Is rud uathúil é Turas na bhFilí. Togha na filíochta agus an cheoil Éireannaigh agus Albanaigh, deis casadh le daoine a bhfuil tallann ar leith acu, agus deis feiscint cé chomh beo is atá teanga agus traidisiúin ár gcol ceathracha Ceilteacha. Bunaíodh an malartú cultúrtha seo chun tacaíocht agus misneach a thabhairt d’fhilí na Gaeilge agus na Gàidhlig. D’fhág an grúpa seo Alba le neart ábhair mhisnigh, neart ábhair mhachnaimh agus neart nóiméad goidte.
Is feidhmeannach í Máire Ní Chuagáin le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i mBaile Átha Claith. Is as Contae Chill Mhantáin di, agus tá céim aici sa Ghaeilge agus sa Stair ó Choláiste na Tríonóide.