CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Scéalta miotais agus draíochta as Inis Eoghain
Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin

Ar an 24 Samhain 2004 seoladh dlúthdhiosca dúbailte agus leabhrán dar teideal Scéalta Miotais agus Draíochta as Inis Eoghain. Ba é Raidió Phobal Inis Eoghain i nDún na nGall a d’fhoilsigh an pacáiste seo. Labhair Antaine Ó Faracháin leis an bhfear a rinne comhordú ar an tionscadal, an t-amhránaí Jimmy McBride.

Antaine Ó Faracháin: A Jimmy, inis dúinn go díreach céard atá sa bpacáiste seo ar dtús.

Jimmy McBride: Tá dhá dhlúthdhiosca agus leabhrán ann. Tá sé scéal déag as Gaeilge agus aistriúcháin go Béarla orthu ar na dlúthdhioscaí agus tá na scéalta céanna sa leabhrán.

AÓF: Cad as a dtáinig an smaoineamh an chéad lá riamh?

JMcB: Nuair a tháinig Raidio Phobal Inis Eoghain ar an aer ceithre bliana ó shin iarradh orm féin clár dátheangach a chur i láthair. Rinne mé amhlaidh agus tá an clár, “Thall agus Abhus”, dá chraoladh dhá uair sa tseachtain ó shin. Cheap mé gur dheas cuid de na seanscéalta a léamh ar an chlár.

AÓF: Cén saghas cláir a bhíonn agat?

JMcB: Clár dátheangach, mar a dúirt mé, a mbíonn ceol agus amhráin thraidisiúnta le cluinstin air agus, dár ndóigh, béim ar leith ar thraidisiún sean-nóis na tíre seo. Bíonn filíocht agus scéalta próis ann chomh maith. Bíonn an bhéim sna scéalta go minic orthu siúd a bhfuil ceangal acu le hInis Eoghain, Tír Chonaill nó Cúige Uladh.

AÓF: Cén fhoinse a bhí agat do na scéalta?

JMcB: Tháinig a bhformhór as bailiúchán a rinne an tOllamh Éamonn Ó Tuathail, a bhí ag obair i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath. Tháinig seisean go ceantar an Tulaigh i bParóiste Chluain Máine sa bhliain 1929 agus rinne sé taifeadadh ar chuid de na daoine deireanacha a raibh Gaeilge acu sa cheantar sin.

AÓF: Luann tú bean darb ainm Peigí Ní Shearcaigh sa leabhrán. Cérbh í sin?

JMcB: B’as an Tulach di agus, de réir cosúlachta, bhí féith na scéalaíochta go smior inti. Ba uaithi sin a bhailigh Ó Tuathail an chuid is mó den tseanchas. Is cosúil nach raibh an tsláinte chomh maith sin aici nuair a bhí sí ina tachrán agus ní raibh deis aici freastal ar an scoil. Chuir an mháthair léann sa bhaile uirthi. Ba chainteoir dúchais í a máthair agus is cosúil gur uaithise a d’fhoghlaim sí na síscéalta agus na scéalta miotais a bhailigh an tOllamh.

AÓF: Feicim go bhfuil aistriúchán deánta ar na scéalta go Béarla chomh maith. Cé a rinne sin?

JMcB: Rinne mé féin an t-aistriúchán mar gur cheap mé gur dheas go mbeadh brí na scéalta le tuigbheáil acu siúd nach bhfuil Gaeilge líofa acu.

AÓF: Chaithfeadh sé go raibh go leor oibre i gceist len iad ar fad a chur in oiriúint d’éisteoirí an lae inniu. An raibh mórán eagarthóireachta le déanamh agat orthu?

JMcB: Chuir mé athruithe beaga orthu anseo is ansiúd le go dtuigfeadh bunadh an lae inniu na scéalta níos fearr. Ach sin ráite, chloígh mé dlúth go leor leis na leaganacha a thóg Ó Tuathail ó Pheigí Ní Shearcaigh na blianta fada sin ó shin.

AÓF: Ag breathnú ar chuid de na hainmneacha atá ar na scéalta - ‘An Fear A Raibh Rón Mar Mhnaoi Aige’, ‘An Leanbh A Goideadh’ , ‘An Fáinne Óir A Shlog Iasc’, ‘An Chéad Tobaca’, ‘Fear A Chaith Bliain In Uaimh’, ‘An Crann Úll’ - is cosúil go bhfuil éagsúlacht mhaith iontu?

JMcB: Tá. Scéalta a bhaineas le miotas na mara an chuid is mó acu. Tá scéal ann a bhaineas le Cú Chulainn, ceann eile fá eachtra a tharla do Cholm Cille nuair a bhí sé fán leithinis seo. Tá scéal ann ó aimsir na bPéindlíthe agus scéal fá am Ár dTiarna.

AÓF: Agus an bhfuil siad dírithe ar aon aoisghrúpa ar leith nó an bhfeileann siad do gach aoisghrúpa?

JMcB: Tá súil agam go mbeidh spéis ag mórán daoine iontu. Is cuid d’oidhreacht an cheantair iad - oidhreacht atá a bheag nó a mhór imithe i léig. Tá súil agam go gcuideoidh an iarracht bheag seo le cuid den oidhreacht sin a chaomhnú.

AÓF: An bhfeiceann tú go bhfeadfaí feidhm oideachasúil a bhaint astu, mar sin?

JMcB: Tá sé i gceist cóip a chur i ngach scoil in Inis Eoghain agus is é mo ghuí go n-úsáidfear iad mar áis fhoghlamtha. Sílim go bhfuil an chuid is mó acu gearr go leor le spéis na bpáistí a spreagadh.

AÓF: Cad as a dtáinig an t-airgead don tionscadal?

JMcB: Thug Foras na Gaeilge, i gcomhar le Coimisiún Craolacháin na hÉireann, urraíocht dúinn agus tá cara áitiúil sa chúirt againn fosta a thug tacaíocht don tionscadal. Rachaidh brabús ar bith a thig as go ciste an Raidió le cuidiú linn cláracha fiúntacha dátheangacha a chur os comhair an phobail.

AÓF: Tá roinnt ceoltóirí le cloisteáil ar na dioscaí freisin, nach bhfuil? Inis dom fúthu sin.

JMcB: Cheap mé gurbh fhiú píosa ceoil a chur ag tús agus deireadh gach scéil, le cur leo. Tá Dinny McLaughlin, P.V. Ó Domhnaill, Julie Henigan, Tomás Ó Beirn agus an grúpa Seandrum orthu.

AÓF: Cén scéal is fearr leat féin ó na scéalta ar fad atá ann agus cén fáth?

JMcB: Is deacair liom a rá ach b’fhéidir go bhfuil claonadh beag agam lenar tharla don fhear bocht a chaith bliain in uaimh agus a thit marbh nuair a thug bean de na comharsana bainne te dó ar a theacht ‘na bhaile dó.

AÓF: Cén praghas atá ar an bpacáiste agus cén áit a bhfuil sé le fáil?

Jimmy: €20. Agus is féidir é a fháil díreach ó Raidió Phobal Inis Eoghain (ICR), Pound Street, Carn Domhnaigh, Inis Eoghain, Contae Dhún na nGall. Guthán: +353 74 93 29105; faics: +353 74 93 29107, ríomhphost: studio@icrfm.ie

Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.