Tá breis is scór bliain caite in RTÉ ag Mairéad Ní Nuadháin, Eagarthóir Coimisiúnaithe na gClár Gaeilge, Ilchultúrtha agus Oideachais, ach tá neart cineálacha eile oibre déanta aici ina saol, mar a mhínigh sí do Chaoimhe Ní Laighin.
De ghnáth, nuair a bhíonn coinne á heagrú agat le duine éigin, bíonn tréimhse feithimh i gceist. Bíonn próiseas le leanúint. Seolann tú an ríomhphost. Ansin, bíonn tú ag feitheamh ar an bhfreagra. Má bhíonn an t-ádh ort, gheobhaidh tú freagra tar éis tamaill ghairid. Ansin, socrófar an choinne. Arís, beidh tú ag feitheamh - b’fhéidir ar feadh seachtaine, b’fhéidir ar feadh míosa - go dtí lá na coinne.
Creidim go láidir sa ráiteas, “tabhair an jab do dhuine gnóthach agus éireoidh leis é a dhéanamh”. Sa chás seo, bean ghnóthach atá i gceist, is é sin, Mairéad Ní Nuadháin, Eagarthóir Coimisiúnaithe na gClár Gaeilge, Ilchultúrtha agus Oideachais in RTÉ. Is í an té a chuir tús leis an gclár “Léargas” agus, ón am gur ceapadh í mar Eagarthóir Coimisiúnaithe sa bhliain 2000, léiríodh cláracha a raibh an-rath orthu, ar nós “Turas Teanga”, “Scannal”, “The Health Squad” agus an clár idirchultúrtha “Mono”, faoina cúram. Baineann a cuid freagrachtaí le léiriú inmheánach, agus coimisiúnú ón earnáil neamhspleách, na gcláracha sna réimsí atá faoina cúram.
Nuair a sheol mé ríomhphost chuici le coinne a shocrú léi, rinne sí teagmháil liom gan mhoill - tar éis nóiméad amháin! Nuair lorg mé coinne léi, fuair mé ceann fosta gan mhoill - don mhaidin dár gcionn! Bhí “fuinneog” aici idir ullmhúchán a dhéanamh ar chlár le linn na maidine agus cruinniú ag am lóin. Baineann Mairéad Ní Nuadháin an t-uasmhéid as a lá. Scil atá riachtanach, dár ndóigh, sa phost atá aici.
“Tá go leor rudaí ar mo dheasc,” a dúirt sí nuair a bhuail mé léi, “mar tá mé ag plé le cláracha le haghaidh na Nollag i rith na seachtaine seo. Ach, an tseachtain seo chugainn, beidh mé thiar i nGaillimh agus mé i mbun an ghiúiré don Fhéile Cheilteach Scannán agus Teilifíse. Beidh cúig lá á gcaitheamh agam le dream istigh in óstán, ag breathnú ar 130 clár teilifíse! Beimid ag roghnú na gcláracha a chuirfear ar aghaidh, ar son na hÉireann, go dtí an chéad bhabhta eile.”
B’éigean di an giúiré a chur le chéile agus nithe mar an t-óstán a shocrú. Le linn na seachtaine céanna, áfach, beidh sí ag plé le hAbú Media, comhlacht léiriúcháin sna Forbacha a choimisiúnaigh sí chun clár a dhéanamh i gcomhair Sheachtain na Gaeilge.
Chuirfeadh an oiread sin cúraimí isteach ar an ngnáthdhuine. Ach, dar le Mairéad, is í an éagsúlacht seo a chinntíonn go mbaineann sí neart sásaimh as a post.
“Ní bheadh an cineál seo éagsúlachta ag baint le mórán postanna,” a deir sí. “Má tá brú ort le cuid amháin den phost, ní leanann an brú sin ar aghaidh. Má tá fadhbanna agat le clár nó gné éigin, imíonn an chuid sin tar éis tamaill agus bogann tú ar aghaidh go dtí an chéad rud eile. Athraíonn cúrsaí de shíor. Mar shampla, inné bhíos ag breathnú ar chlár ón Bhoisnia. Píosa teilifíse thar a bheith láidir agus goilliúnach ab ea é. Bhain sé le haimsiú na gcorp tar éis an chogaidh. Cé go bhfuil sé deacair a bheith i mbun an chineáil sin clár teilifíse, agus gan dabht d’fhág sé a thionchar orm, inniu bhíos ag déileáil le cláracha a bhí go hiomlán éagsúil. Ceann de na cláracha sin ná “Nollaig sa Daingean”, léiriúchán a choimisiúnaigh RTÉ ó Philip King [Hummingbird Productions] agus a chraolfar ar RTÉ Lá Nollag. Baineann an clár sin le ceol agus cultúr an Daingin. Is léiriú iad na samplaí sin ar an méid éagsúlachta a bhaineann le mo phost.”
Cuirtear i leith RTÉ go minic go bhfuil an stáisiún ag loic ar na nGaeilge agus gur beag clár teilifíse as Gaeilge atá le feiceáil ar an stáisiún na laethanta seo.
“Measaim, i ndáiríre,” a deir Mairéad, “go mbíonn dallamullóg ar dhaoine faoi RTÉ go minic. Níl an locht orthu, ach ní thuigeann siad go gcuirimid uair an chloig in aghaidh an lae ar fáil do TG4. Má bhreathnaíonn tú siar ar bhliain éigin, abraimis 1975, níl aon chomparáid idir an méid cláracha a táirgeadh sa Rannóg seo i rith na bliana sin agus an méid cláracha a tháirgimid sa lá atá inniu ann. Faoi láthair, is iontach go deo an méid cláracha a tháirgtear sa Rannóg seo.”
Tá sé fíor, b’fhéidir, nach smaoiníonn daoine ach ar chláracha mar “Turas Teanga”, “Léargas”, “An Nuacht” agus “Scannal” agus nach gcuimhníonn siad ar an saothar a chaitheann RTÉ leis na cláracha a dhéantar ar son TG4. Déantar dearmad gur RTÉ a chuireann ar fáil cláracha ar nós “Bia ‘s Bóthar”, “Cruinneas” agus “An Tuath Nua” don stáisiún Gaeilge. Anuas air sin, ceannaíonn RTÉ timpeall 70 uair an chloig do TG4 agus réitíonn na cláracha seo le haghaidh craoladh ar TG4 trí fhotheidil a chur orthu. Lena chois sin, i dteannta leis na cláracha feiceálacha ar RTÉ ar nós “Léargas”, coimisiúnaíonn RTÉ neart cláracha speisialta in aghaidh na bliana (le craoladh ar RTÉ féin) ón earnáil neamhspleách léiriúcháin.
Tá na cláracha seo uilig, i ndeireadh an lae, faoi chúram Mhairéad. Ach, ná déan dearmad go bhfuil sí freagrach as na cláracha oideachais agus ilchultúrtha chomh maith. Is amhlaidh gur tharraing sí obair sa bhreis uirthi féin nuair a ghlac sí leis an bpost atá aici faoi láthair. Roimhe seo, ní bhíodh rannóg faoi leith ag plé le cúrsaí ilchultúrtha. Le blianta beaga anuas, áfach, chonacthas dul chun cinn sa réimse sin le cláracha ar nós “Global Beats”, “City Folk” agus, an clár a luadh cheana, “Mono”.
“Nuair a fuair mé an post seo,” a deir Mairéad, “dúirt mé go nglacfainn leis dá dtabharfaidís deis dom na cláracha ilchultúrtha a bheith faoi mo chúram freisin. Ní raibh mórán airde á thabhairt air seo ag an am agus cheap mé gur chóir dúinn a leithéid a thabhairt isteach sa sceideal, gur chóir go mbeadh daoine ó chultúir eile le feiceáil níos mó. Measaim gur obair thar a bheith tábhachtach í seo. Agus is obair í a leanfaidh ar aghaidh de réir mar a éireoidh an tír níos ilchultúrtha.”
A hóige
Rugadh Mairéad i mBealach an Doirín, Contae Ros Comáin. D’fhreastail sí ar an mbunscoil áitiúil, ach ansin d’imigh sí go Contae Mhaigh Eo chun a cuid meánscolaíochta a fháil. D’fhreastail sí ar Mheánscoil San Lughaidh, Coillte Mach toisc go raibh an traidisiún sa teaghlach a leithéid a dhéanamh - d’fhreastail a deirfiúracha agus a máthair ar an scoil chéanna.
Tógadh an bheirt deartháireacha agus an ceathrar cailíní sa chlann go dátheangach.
“Bhí Gaeilge mhaith ag mo mháthair,” a deir Mairéad, “agus ba mhúinteoir Gaeilge é m’athair. Bhíodh an-bhaint aige le Conradh na Gaeilge.”
Bhíodh a hathair á múineadh le linn na samhraí fosta - i gColáiste Chonnacht, coláiste samhraidh sa Spidéal.
“Bhí saol breá againn na laethanta sin,” a deir sí. “Bhainimis an-taitneamh as an samhradh mar bhíodh teach againn sa Spidéal. Bhíodh m’athair ag múineadh sa choláiste agus d’fhreastalaímis ar na cúrsaí chuile bhliain. Bhímis cois trá agus in aice na Gaillimhe. Saol sona ab é. Tá an-cheangal agam le Gaillimh ó na laethanta sin i leith.”
Ní bhíodh an ceangal céanna aici lena háit dhúchais le linn a hóige, áfach - bhí Contae na Gaillimhe i gcónaí níos gaire dá croí.
“Ach tá Bealach an Doirín ar cheann de na háiteanna sin a thaitníonn níos mó leat de réir mar a éiríonn tú níos sine,” a deir sí. “Anois, is breá liom cuairt a thabhairt ar an áit. Tá aithne agam fós ar dhaoine ansin. San óstán agus sna siopaí, nó fiú ar an tsráid, casfaidh mé le daoine. Is áit í go bhfuil aithne ag daoine ar do mhuintir - cé hí do mháthair agus cé hé d’athair. Tá mé i mo chónaí anois le blianta i mBaile Átha Cliath agus ní tharlóidh sé go deo go siúlfaidh mé isteach in óstán nó siopa agus go mbeidh aithne ag na daoine ar mo mhuintir. Is rud an-tábhachtach é, an nasc sin le do dhúchas a chothú.”
Tá an cineál céanna muintearais le sonrú i nGaillimh chomh maith, dar léi, agus is breá léi a bheith ag taisteal siar.
“Cúpla seachtain ó shin, bhíos in Indreabhán agus bhuail mé le bean i siopa. Bhíos an-mhór léi blianta ó shin. Ach nuair a thosaíomar ag labhairt lena chéile, shílfeá nach raibh ann ach an tseachtain seo caite go rabhamar inár ndlúthchairde!”
Is léir go ndeachaigh Gaillimh i bhfeidhm ar Mhairéad le linn a hóige mar chinn sí ar chéim ollscoile (sa Ghaeilge agus san fhealsúnacht) a dhéanamh ansin agus chuir sí fúithi sa chontae tar éis di a céim a bhaint amach sna seachtóidí.
“Thaitin an ollscoil liom, thaitin sí le chuile dhuine a tháinig romham, agus a d’fhreastail uirthi ó shin i leith. Taitníonn an ollscoil, agus Gaillimh i gcoitinne, le cách.”
Tar di an ollscoil a fhágáil, rinne sí cúrsa bliana san ealaín, rud a thaitin go mór léi ós rud é gurbh é sin an caitheamh aimsire a bhí aici le linn a hóige.
“Bhíodh mo leabhair agus mo phinn luaidhe agam i gcónaí nuair a bhíos óg, ag breacadh síos na rudaí a chonaic mé timpeall orm,” a deir sí. Bhain sí úsáid as a tallann chruthaitheach scór bliain ina dhiaidh sin, le linn di a bheith i mbun scríobh Mo Leabhar ABC, leabhar oideachasúil do pháistí atá ag cur eolais ar litreacha na haibítre. Agus bhí a hainm ar ghearrliosta na nGradam Bisto i 1993 de bharr fheabhas a cuid oibre cruthaithí ar an leabhar Cois Trá.
Le cois na n-iarrachtaí ealaíonta a bhí á ndéanamh aici tar éis di an ollscoil a fhágáil, tháinig a taobh cruthaitheach chun cinn arís tríd an bpáirt a ghlac sí i gcúrsaí drámaíochta. B’in an chéad “hata” a chaith sí ina saol proifisiúnta - hata an aisteora. Chomh maith leis an obair a dhein sí le Taibhdhearc na Gaillimhe, ghlac sí páirt i gcéad séasúr chompántas cáiliúil an Druid i 1975.
“Am deacair ab ea é,” a deir sí, “toisc go raibh trí dhráma á léiriú againn le linn an tséasúir sin. Ba mise an chéad Window Quinn [sa dráma Playboy of the Western World le J.M. Synge] a bhí ag an Druid. Ba é an dara dráma le linn an tséasúir sin ná The Loves of Cass McGuire le Brian Friel. Agus ghlac mé páirt i ndráma dar teideal, creid é nó ná creid, It’s A Two Foot Six Inches Above the Ground World! Ní dóigh liom go bhfuil mórán tráchta cloiste ag aon duine ar an dráma sin ó shin i leith!”
Cé go raibh Mairéad thar a bheith bródúil as an obair a rinneadar sa Druid, níor fhan sí ann.
“Bhí an saol ró-chrua,” a deir sí, “agus ní raibh an t-airgead ann.”
Fás na gcomharchumann
Le linn na seachtóidí, chonacthas fás mór i ngluaiseacht na gcomharchumann sna ceantair Ghaeltachta. Chuir na comharchumainn fostaíocht ar fáil do dhaoine le linn tréimhse a raibh géarchéim dífhostaíochta sna ceantair sin.
“Bhí an-tionchar ag na heagraíochtaí seo,” a deir Mairéad. “Thug siad féinmhuinín d’áitritheoirí na nGaeltachtaí. Bhíodh na daoine i mbun na gcomharchumann iad féin - ba leo iad.”
Chuaigh Mairéad i mbun oibre le Comharchumann Cois Fharraige in Indreabhán nuair a d’fhág sí an aisteoireacht ina diaidh. Ghlac sí le dara “hata” a saoil phroifisiúnta: hata an fhoilsitheora. Sheas a cumas ealaíonta agus cruthaitheach léi le linn di bheith ag obair le Cló Cois Fharraige, comhlacht foilsitheoireachta an Chomharchumainn. Ach, níos tábhachtaí fós, bhuail sí le neart daoine a rachadh i bhfeidhm uirthi agus a thabharfadh slí isteach san iriseoireacht di. Tharla an entrée seo nuair a bhunaigh Cló Cois Fharraige an nuachtán Amárach i 1977 agus ceapadh Mairéad mar iriseoir.
Nuair a luann sí na daoine a bhíodh i mbun oibre léi i gCló Cois Fharraige, is léir go raibh an-fhoireann ag an eagraíocht. Is liosta le háireamh é de dhaoine atá chun tosaigh sna meáin Ghaeilge nó i saol na Gaeilge, ina measc, Seosamh Ó Cuaig, comhairleoir faoi láthair de chuid Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus ball d’Údarás na Gaeltachta; Máirtín Ó Ciardha, ceannasaí spóirt Raidió na Gaeltachta; Michael Lally, an té atá i gceannas na nuachta i TG4. D’oibrigh Seosamh Ó Braonáin, Ciarán Ó Féidheanna agus Pól Mac an Draoi léi fosta. Deir sí gurb é an fear deireanach sin a mhúin ceird na hiriseoireachta di.
“Bhí an-chúlra ag Pól le The Star agus The Evening Herald agus The Irish Independent. Cé go raibh sé óg ag an am, d’fhoghlaim mise a lán rudaí uaidh. Rudaí a sheas dom ina dhiaidh sin.”
Thosaigh Mairéad ag obair ansin mar shaoririseoir le Raidió na Gaeltachta tar éis do bhall foirne de chuid an stáisiúin, Seán Ó Cuirreáin (atá ina Choimisinéir Teanga anois), an deis a chur ar fáil di. Bhíodh sí ag dul timpeall le téipthaifeadán, ag ullmhú pacáistí a chraoltaí ar Raidió na Gaeltachta. Bhí Mairéad ag brath ar an obair seo tar éis 1983 nuair a scaoileadh chun siúil í óna post. Dúnadh Cló Cois Fharraige an bhliain sin agus bhí a chuid fostaithe fágtha gan obair (mar aon le roinnt mhaith daoine eile sa tír ag an am).
“Bhí mé féin ar an dole ar feadh tamaill,” a deir sí, “ach ansin, ní raibh dóthain laethanta as obair agam seachtain amháin agus baineadh an íocaíocht díom!”
I 1981, fuair Mairéad deis ar roinnt oibre a dhéanamh ar an gclár teilifíse “Féach”, a chraoltaí ar RTÉ. D’eascair deiseanna eile as sin, agus i 1985 d’oibrigh sí mar láithreoir agus tuairisceoir ar “Iris”. Tamall beag ina dhiaidh sin, ar chuireadh ó Chathal Goan, d’oibrigh sí mar thuairisceoir ar “Cúrsaí” agus, le linn a tréimhse ar an gclár sin, thosaigh sí ag caitheamh cúigiú hata a saoil phroifisiúnta: hata an léiritheora. Ceapadh í mar léiritheoir an chláir i 1995 agus ansin thosaigh sí ag plé le roinnt mhaith de na cláracha eile Gaeilge. Ceapadh í sa phost atá aici anois cúig bliana ina dhiaidh sin.
Breis agus scór bliain le RTÉ
Ar an iomlán, tá breis agus scór bliain caite ag Mairéad le RTÉ agus tá neart éachtaí déanta aici le linn na tréimhse sin. Ach céard é an t-éacht is mó a bhfuil sí bródúil as?
“Bhí mé thar a bheith sásta le ‘Turas Teanga’,” a deir sí. “Rud iontach ab ea é toisc gurbh é an chéad fhiontar ilmheán a bhí ag RTÉ - cuireadh dlúthdhioscaí agus leabhar amach, agus rinneadh cláracha teilifíse. Bhí mé thar a bheith bródúil as mar bhí buiséad de €1m againn. Is buiséad mór é sin, ach nuair a chuirtear san áireamh an méid rudaí a bhí ag baint leis an tsraith, b’éacht é an tionscadal a dhéanamh leis an airgead. D’éirigh linn na daoine is fearr a fháil chun é a dhéanamh: an scríbhneoir, an léiritheoir, an láithreoir agus araile. Go minic leis an gcineál seo tionscadail uileghabhálaigh, téann tú thar bhuiséad go héasca. Ach d’éirigh linn sraith den scoth - a mheall figiúirí arda - a dhéanamh taobh istigh de na teorainneacha airgeadais a leagadh síos.”
Cén leabhar atá á léamh agat faoi láthair?
The Sewing Circles of Herat : A Personal Voyage Through Afghanistan, le Christina Lamb; Bás Tobann, úrscéal nua Anna Heussaff; Treoirleabhar do Venice.
Cén ceol is fearr leat?
Ceol domhanda, go háirithe ón Afraic, ceol Gaelach agus ceol clasaiceach.
Cén scannán is fearr a chonaic tú riamh?
*The Quiet Man *(1952), scannán John Ford.
Cá dtéann tú ar saoire?
Áiteanna éagsúla thar lear, na Dúnaibh i nDún na nGall, agus an Spidéal i nGaillimh.
Cé mhéad uair a bhí tú thar lear anuraidh?
Bhí mé thar lear ar saoire faoi dhó agus ar ghnó cúpla uair.
Cén bhialann is fearr leat?
Tigh Danny Minnie in Anagaire, Tír Chonaill.
Cén duine is mó a chuaigh i bhfeidhm ort agus tú níos óige?
Mo chuid múinteoirí.
Cad iad na huaireanta a oibríonn tú gach seachtain?
Athraíonn sé - d’fhéadfainn gnáthuaireanta oifige a dhéanamh seachtain amháin agus b’fheidir 60 nó 70 uair an tseachtain ina dhiaidh sin.
Cad iad na rudaí a chuireann strus ort?
An iomarca spriocdhátaí bheith ag teacht le chéile.
An bhfuil tú sásta le do shaol agus leis an mhéid atá bainte amach agat?
Iontach sásta.
Toisc go mbaineann an méid sin éagsúlachta lena post, áfach, admhaíonn sí go n-athraíonn a rogha éachta an t-am ar fad.
“Anois, tá mé thar a bheith bródúil as Scannal, ach tá mé cinnte go n-athróidh sin go clár eile arís i gceann bliana,” a deir sí, “agus sin mar is cóir. Is cóir go mbeadh duine ag glacadh le dúshláin eile agus ag bogadh ar aghaidh an t-am ar fad.”
Luann sí freisin go bhfuil sí thar a bheith bródúil as cláracha ilchultúrtha na rannóige agus tá sí dóchasach go gcuirfidh na cláracha le normalú na ndaoine ó chultúir dhifriúla sa todhchaí.
“Teastaíonn uaim go mbreathnófaí ar dhaoine ó chultúir eile mar chuid den phobal Éireannach. Measaim go bhfuil an-tábhacht ag baint leis an obair seo sa lá atá inniu ann.”
Agus fiche bliain caite aici in RTÉ, céard iad na hathruithe is mó atá feicthe aici le linn na tréimhse sin?
“Dul chun cinn na teicneolaíochta, gan dabht,” a deir sí. “Bhíodh i bhfad níos mó daoine ag teastáil chun cláracha teilifíse a dhéanamh. Nuair a thosaigh mise, bhíodh mé ag obair le scannán, ní raibh me fiú amháin ag plé le fístéip. Sa lá atá inniu ann, le fístéip agus na háiseanna nua teicniúla, bíonn níos mó oibre le déanamh ag chuile bhall den fhoireann, ach níos lú ball foirne de dhíth. Bhíodh na costaisí ag ardú de shíor ó thaobh na teilifíse de. Laghdaíodh na costaisí de réir mar a forbraíodh an teicneolaíocht.”
Ach nach drochrud é, ó thaobh fostaíochta de, nach bhfuil an méid céanna daoine de dhíth in RTÉ?
“Rinneamar amhlaidh [gearradh siar ar phostanna] chun cur leis an méid cláracha a dhéanaimid, go háirithe na cláracha baile,” a deir sí, “mar sin iad na cláracha is mó a thaitníonn le daoine.”
Bheifí ag súil go bhfeicfeadh duine atá tar éis fiche bliain a chaitheamh in eagraíocht neart athruithe. Ach céard faoin athrú a tharlaíonn de mheon an fhostaí a chaitheann tromlach a shaoil phroifisiúnta san eagraíocht chéanna? An bhfuil baol ann go n-éireoidh an duine sin “institutionalised”, mar a deir an Béarla?
“Tá an baol ann i gcónaí,” a deir sí, “ach déanaim mo sheacht ndícheall chun troid ina choinne! Is é an rud is tábhachtaí ná teagmháil a dhéanamh le daoine. Bím i gcónaí ag taisteal síos faoin tír mar, titeann sé amach, go háirithe nuair atá cónaí ort i mBaile Átha Cliath, go mbíonn tú scartha amach ón gcuid eile den tír. I mo phostsa, tá tábhacht ag baint le dearcaidh úrnua. Sin é an fáth go mbím ag taisteal - le go mbeidh mé in ann casadh le léiritheoirí ón earnáil neamhspleách léiriúcháin; ionas go mbeidh dearcaidh nua agam an t-am ar fad.”
Ach creideann Mairéad go bhfuil neart daoine i mBaile Átha Cliath “institutionalised” de bharr shaol na cathrach i gcoitinne. Creideann sí nach dtuigeann muintir Bhaile Átha Cliath “cén riocht atá ar an gcuid eile den tír”.
“Tá mé i gclub leabhar i mBaile Átha Cliath agus thosaíomar ag caint ar Leitir Móir [i gConamara] an tseachtain seo caite. Ní raibh ach duine amháin acusan sa chuid sin den tír roimhe seo. Bhíodar ag cur ceisteanna orm ar nós, “An bhfuil sé an-sceirdiúil?” agus “An bhfuil sé an-seanfhaiseanta agus scoite amach ó áiteanna eile?” Bíonn daoine ag brath ar a gcuid réamhthuairimí. Measaim go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach taisteal síos faoin tír chun an cineál “institutionalisation” sin a sheachaint.”
Ní dóigh liom gur duine í Mairéad Ní Nuadháin a éireoidh “institutionalised” go deo. Is léir, agus tú i mbun cainte léi, gur duine thar a bheith cruthaitheach í. Is minic nach mbíonn cumas cruthaitheach agus cumas praiticiúil le fáil le chéile i nduine amháin, ach is léir go bhfuil an dá thréith sin ag baint léise. Mar a deir sí féin, “Is é an rud is tábhachtaí i mo shaol ná cothromaíocht”. Teastaíonn uaithi a saol a chaitheamh agus a cuid oibre a dhéanamh - sin iad na spriocanna is mó atá aici. Léiríonn a saol torthúil go bhfuil ag éirí léi na spriocanna sin a bhaint amach. Tá “an post is suimiúla dá bhfuil ann” aici, dar léi.
Tá suim ag Mairéad i go leor rudaí taobh amuigh den obair, ceann díobh, a admhaíonn sí, ná bheith ag léamh na n-irisí Now agus Heat! “Tá gach píosa eolais faoi Jordan agus Peter Andre agam!” a deir sí. “Bhuel, nuair a oibríonn tú i saol na teilifíse, caithfidh tú coinneáil suas lena leithéid!”
Sin é an leithscéal atá aici, ar aon nós. Is dócha, nuair a chuireann tú san áireamh an méid atá bainte amach aici, go bhfuil éalúchas mar seo tuillte go maith aici!
Is as Baile Átha Cliath í Caoimhe Ní Laighin. Bhain sí céim MSc amach i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais le Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i mbliana.