RANNÓG NA bhFOGHLAIMEOIRÍ/TAISCE FOCAL
Taisce Focal
Róise Ní Bhaoill, Róise Bhaoill, Gordon McCoy Gordon McCoy

Sa tsraith seo, cuireann Róise Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach . An mhí seo: cóisir Nollag oifige.

Íomhá
Íomhá

Bhí Deirdre ag tarraingt ar uair an chloig mall do chóisir na Nollag seo. Bhí ag deireadh na péice ag Ultán, a bhí ina shuí suas mar a bheadh an geal aige ann agus gan néal codlata air. Bhí ina dhiabhal déanta. Is cuma cén phlásaíocht agus béal bán a rinne leis, rachadh a chodladh. Ach rinne Andy tarrtháil uirthi sa deireadh agus nach ar Dheirdre a bhí an lúcháir Ultán a fhágáil ag a Dhaidí. Thóg Aindí a mhac agus thosaigh a chur cigilt ann. Duirt Deirdre: “I ngeall ar Dhia, a Aindí, cuir ó chodladh na hoíche glan é.”

Fan go bhfeice ,” arsa Aindí. “Fán am a bheas mise réidh leis, codlóidh codladh marbh.”

Féadann sin,” arsa Deirdre, “ bheidh fonn ar bith ormsa éirí roimh an leis.”

buair do cheann anois,” arsa Aindí. “Gabh thusa amach agus bain sult as an oíche. Éireoidh mise le hUltán ar maidin.”

Mmm,” arsa Deirdre chuala an ceann sin roimhe. dtiocfadh an diabhal é féin aníos as Ifreann agus uaill a ligean as, chluinfeadh Aindí é.

Shéid an tacsaí.

Sin an tacsaí,” arsa Aindí. “ ar shiúl anois, sula dtosaíonn seo do chronú.”

Rinne Deirdre mar a iarradh uirthi agus bhí ag doras an ósta cheann deich mbomaite.

Chuir a soc isteach ar chúpla doras sula dtáinig ar lucht na hoifige. Sheas sa doras tamall. raibh ach uair mall ach ba léir gur sin an uair a rinne an difear bhí Molly ina suí ar ghlúin Ifor fán am seo agus, go raibh greim coim ag Ifor uirthi agus é ag monamar leis léi, ba léir go raibh Molly ina cnap codlata. Bhí Siobhán ina suí ar a uillinn chlé agus pus chomh fada le bliain uirthi.

Bhí Tadhg amuigh ag croitheadh a thóna leis an cheol fhiáin a bhí ag dul chomh hard sin gur mheas Deirdre go raibh croí breise ag bualadh ina hucht. raibh cuma air go raibh ag déanamh buartha do Thadhg cibé agus, de réir mar a bhí Deirdre ag amharc air, ba sin mar ba mhó a mheas gur cosúil le fear a bhí in abar é. Bhí an chos agus an sciathán aníos agus síos aige mar bheadh tonna meáchain iontu.

raibh Cathal Bríd le feicéail ar chor ar bith agus, ar ndóighe, níorbh iontas mór ar bith sin, ghlacfá a bheith i do bhodhrán amach mura n-aithneofá go raibh an bheirt udaí i gceann a chéile. Ach gcasfaí an bheirt ort ag nochtadh as poll dorcha inteacht agus an ghruaig ina seasamh ar a gceann acu beirt, shéanfadh siad maith agus olc é.

Caithfidh gur bhuail Tadhg sa deireadh gur leis féin a bhí ag damhsa agus thiontaigh go mall righin i dtreo an triúir a bhí ina suí. Rinne béic le Siobhán ach níor chuala sise faic, agus cad é an dóigh a gcluinfeadh leis an raic a bhí san áit seo. Rinne Tadhg ar Shiobhán mar bheadh ag treabhadh fríd chlábar, ach bhfuair céim amháin féin gur fágadh ar mhullach a chinn é. Shuigh ansin mar bheadh tachrán a mbeadh mearbhall air. Níor chuir Siobhán sonrú ar bith san eachtra agus chonaic tuisle Thaidhg, níor lig a dhath uirthi féin.

Chonaic Ifor deireadh agus bhéarfá mionna go raibh fonn air éirí; ach bhí leisce air ligean lena lasta agus shuigh ansin ag amharc ar Thadhg. Ba í Deirdre a rinne tarrtháil air sa deireadh agus seo anall í leis i dtreo an tábla. Rinne cinnte gur chaith síos é ag taobh an smutacháin raibh rúin aici suí ag éisteacht le Siobhán ag mairgnigh i rith na hóiche. raibh Tadhg ina shuí i gceart gur thit thart agus a phluc buailte ar ghualainn Shiobháin.

Seo, Bríd,” arsa Ifor agus é ag cogaint a chuid cainte. “Agus a dhéanfadh a háit?

go díreach,” arsa Deirdre agus thiontaigh ar a sáil agus rinne ar an doras.

Tacsaí,” ar sise.

bhfuil do thriall?arsa fear an tacsaí.

A fhad ar shiúl ón áit seo agus a thig leat mo thabhairt, a mhic,” arsa Deirdre agus léim isteach.

Róise Bhaoill agus Gordon McCoy ag obair le hIontaobhas ULTACH i mBéal Feirste.

Léaráid: Seán Ó Domhnaill (www.cartuin.net)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.