Bhí na mílte ar shráideanna Manhattan an mhí seo caite ag agóid i gcoinne an chogaidh san Iaráic ach, mar a mhíníonn Tom Deignan, tá go leor daoine ar imeall na cathrach atá go mór i bhfábhar an ionraidh.
»»»Tá níos mó agus níos mó seandaoine i Meiriceá ag tabhairt aghaidhe ar phobail scoir dheisceart na tíre, ach tá míbhuntáistí ag baint leis an fheiniméan seo, dar le Mary Beth Taylor, a bhfuil cur amach aici ar cheann de na pobail seo, The Villages i Florida.
»»»Measann Tom Deignan go bhfuil íoróin ag baint leis an dóigh a bhfuil an sceimhlitheoireacht ag bagairt ar chlár bliantúil a thugann páistí ó Thuaisceart Éireann trasna go Meiriceá ar saoire chun faoiseamh a thabhairt dóibh ón fhoréigean sa bhaile.
»»»Tá an-bhorradh faoi chúrsaí Léann na hÉireann Ollscoil Notre Dame, a bhuíoch sin do Donald Keough a thug suim mhór airgid don institiúid i 1992 chun tús a chur leis an chlár. Labhair Tom Deignan le Keough agus thug cuairt ar an choláiste féin le déanaí.
»»»Sa dara cuid de 2002, thosaigh go leor daoine ag rá le Tom Deignan, agus le hiriseoirí eile, go raibh an chaint ar fad sna meáin ar uafás an 11 Meán Fómhair ag cur as dóibh, go raibh sé in am éirí as an chlúdach leanúnach a bhí i gceist go dtí sin.
»»»Tá an-ráchairt ar úrscéal nua leis an Ghael-Mheiricéanach Dermot McEvoy, saothar a bhfuil Micheal Collins mar phríomhcharachtar ann. Labhair an t-údar le Tom Deignan faoin úrscéal agus faoina shaol.
»»»Tá an Eaglais Chaitliceach i Nua-Eabhrac ag iarraidh smacht a fháil ar an ghrúpa Voice of the Faithful, in ainneoin gur dream iad nach bhfuil ró-radacach. Tuairisc ó Tom Deignan.
»»»Tá Tom Deignan tar éis leabhar nua a léamh faoi Rannóg Dóiteáin Nua-Eabhrac (FDNY), saothar a léiríonn an ceangal láidir atá ag na hÉireannaigh leis an rannóg sin leis na glúnta.
»»»Tá cuid póilíní agus fear dóiteáin Nua-Eabhrac míshásta lena gcoinníollacha oibre agus tá siad ar tí dul ar stailc dá bharr seo. Tuairisc ó Tom Deignan.
»»»Osclaíodh an Irish Hunger Memorial i Nua-Eabhrac go hoifigiúil i lár na míosa seo caite. Féachann Tom Deignan ar an tábhacht bhreise a bhaineann leis an ionad seo anois de bharr eachtraí an 11 Meán Fómhair anuraidh.
»»»Bhí go leor searmanas ar siúl le cúpla seachtain anuas i gcuimhne orthu siúd a cailleadh san ionsaí sceimhlitheoireachta ar Nua-Eabhrac i mí Mheán Fómhair anuraidh. I measc na ndaoine a rabhthas ag cuimhneamh orthu ag na hócáidí sin, bhí póilín de bhunadh Éireannach, Stephen Driscoll. Tuairisc ó Tom Deignan.
»»»Chaith Mary Beth Taylor tréimhse ag obair an mhí seo caite i gceantar an-bhocht sna Sléibhte Apaláiseacha, ceantar atá deighilte amach ón saol mór.
»»»Tá na scannail ghnéis go léir a tháinig chun solais le tamall anuas ag déanamh an-dochair don Eaglais Chaitliceach i Meiriceá. Tuairisc ó Tom Deignan.
»»»Measann Roibeard de Búrca go léiríonn na himeachtaí in Allfirst Financial agus in Enron go bhfuil easpa mhór ionracais i margadh airgeadra na Stát Aontaithe.
»»»Tá Mary Beth Taylor ag obair in ionad sláinte i Washington DC do dhaoine as Meiriceá Laidineach. Tá na deacrachtaí céanna ag cuid othar an ionaid sin is atá ag daoine ar ioncam íseal ar fud na Stát Aontaithe.
»»»Measann Stephen E. Brown go bhfuil Rialtas na Stát Aontaithe ag iarraidh imní a chur ar dhaoine i dtaobh na sceimhlitheoireachta sa dóigh is go mbeidh siad sásta cuid dá gcuid ceart bunreachtúil a ghéilleadh.
»»»Tá drochamhras idir an CIA agus an FBI le roinnt mhaith blianta anois ach, mar a mhíníonn Barra Ó Donnabháin, tá iarrachtaí á ndéanamh ó tharla an tubaiste i Nua-Eabhrac ar an 11 Meán Fómhair an scéal a leigheas agus iad a chur ag obair as lámh a chéile.
»»»Tá an t-ionsaí ar an Ionad Trádála Domhanda tar éis Meiriceá a athrú ó bhonn. Feiceann Barra Ó Donnabháin comharthaí, áfach, go bhfuil acmhainn grinn na Meiricéanach á taispeáint féin arís.
»»»Bheadh Barra Ó Donnabháin san Ionad Trádála Domhanda nuair a d’ionsaigh na sceimhlitheoirí é, murach gur cuireadh moill air. Déanann sé cur síos anseo ar an lá uafásach sin, an 11 Meán Fómhair.
»»»Is ceap magaidh é George W. Bush do go leor daoine ach measann Barra Ó Donnabháin go bhfuil dul amú orthu siúd a mheasann gur daoi é an tUachtarán.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.