AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Ag cuimhneamh ar íospartaigh an Ghorta Mhóir
Tom Deignan Tom Deignan Tom Deignan

Osclaíodh an Irish Hunger Memorial i Nua-Eabhrac go hoifigiúil i lár na míosa seo caite. Féachann Tom Deignan ar an tábhacht bhreise a bhaineann leis an ionad seo anois de bharr eachtraí an 11 Meán Fómhair anuraidh.

Íomhá
Íomhá

radharc mórthaibhseach ag cuairteoirí ar Dhealbh na Saoirse agus ar Oileán Ellis ón Irish Hunger Memorial, a osclaíodh go hoifigiúil i lár mhí Iúil sa chuid íochtarach de Manhattan. Tá sé seo oiriúnach go maith nuair a smaoiníonn tú gur seo an chéad radharc a fuair na glúnta imirceach Éireannach ar Chathair Nua-Eabhrac.

Cuirfidh suíomh eile, áfach, nach féidir gan aird a thabhairt air, tocht ar chuairteoirí an ionaid. Níl an áit ina raibh an tIonad Trádála Domhanda suite ach coiscéimeanna ón áit a bhfuil an t-ionad cuimhneacháin, i Battery Park City ag Vesey Street agus North End Avenue, ar bhruach Abhainn an Hudson. Nuair a baineadh an chéad fhód don ionad cuimhneacháin leathacra, a chosain $5 mhilliún, Lá Fhéile Pádraig 2001, bhí an searmanas ar siúl faoi scáth an Dá Thúr. Bhí sé i gceist an t-ionad cuimhneacháin a oscailt Lá Fhéile Pádraig 2002, ach chuir uafás an 11 Meán Fómhair moill ar an phlean sin.

Mar sin, nuair a bhailigh oifigigh phoiblí, ceoltóirí agus daoine mór le rá le chéile Dé Máirt, 16 Iúil chun an t-ionad a oscailt atá mar chuimhneachán ar an Ghorta Mór a mharaigh breis is milliún Éireannach, ócáid shollúnta a bhí i gceist.

Mar sin féin, le linn turais phríobháidigh ar an ionad, dúirt oifigigh gur cheart do bhunadh Nua-Eabhrac a bheith bródúil go bhfuil ionad cuimhneacháin den scoth agus den dearadh is déanaí ar leic an dorais acu. De bharr go bhfuil sé chomh cóngarach sin don suíomh inar maraíodh beagnach 3,000 duine ar an 11 Meán Fómhair, is cinnte go ndéanfar treisiú ar na mothúcháin a bhí sé i gceist ag an ionad a mhúscailt i ndaoine.

“Is féidir leat bualadh isteach anseo chun do mhachnamh a dhéanamh ar an Ghorta. Is féidir leat bualadh isteach agus do mhachnamh a dhéanamh ar an 11 Meán Fómhair,” arsa an Dr. Maureen Murphy, staraí an tionscadail, a raibh a cuid glún agus a láimhíní clúdaithe le cré dhonn nuair a chas mé léi.

Ballóga i Maigh Eo

Beidh cuairteoirí in ann bualadh isteach chuig an ionad cuimhneacháin ón tsráid, ansin rachaidh siad suas smúitbhóithrín a éiríonn 30 troithe. Tá leagan amach an ionaid bunaithe ar bhallóga - mar aon le heolas a fuarthas ó bhéaloideasaithe - in Áit Tí an Mheasaigh, Contae Mhaigh Eo. Ach mar a deir Adrian Flannelly, an pearsa raidió atá ina oifigeach ceangail cultúrtha ar an tionscadal: “I ndáiríre, d’fhéadfadh seo a bheith ina bhallóg áit ar bith in Éirinn.”

Tá níos mó ná ceangal proifisiúnta ag Flannery leis an ionad cuimhneacháin seo: Bhí a athair Patrick ar dhuine de na hoideachasóirí a bhailigh eolas ar choinníollacha maireachtála in Áit Tí an Mheasaigh tar éis an Ghorta.

Bainfidh an duilliúr seo go léir i measc na coincréite agus an asfailt i Battery Park City geit as cuairteoirí. Ní go dtí go mbeidh tú tar éis an chéad radharc a fheiceáil a thuigfidh tú chomh cosúil is atá an suíomh seo le ballóg ó aimsir an Ghorta, gona thigín leagtha agus ballaí cloiche, mar aon le bóithrín casta a bhfuil plandaí de chuid na hÉireann le fáil ar an dá thaobh de.

Ach in ainneoin go ndéantar an 19ú haois a athchruthú go héifeachtach, tá rud amháin cinnte: is taispeántas stairiúil de chuid an 21ú haois amach is amach é an Irish Hunger Memorial.

Dar le Brian Tolle, an t-ealaíontóir a bhain an dianchomórtas chun an cuimhneachán a dhearadh, tá sé tábhachtach go bhfoghlaimeodh cuairteoirí, ní hamháin faoin Ghorta Mór in Éirinn, ach faoin ocras i ndomhan an lae inniu freisin.

“Is foláireamh beo é, ionad don ocras ar fud an domhain,” a deir Tolle, ar spreag cuairt a thug sé ar Chontae Mhaigh Eo tar éis dó a bheith roghnaithe go mór é. “Níor cheart go dtarlódh an rud a tharla in Éirinn sna 1840í áit ar bith ar domhan arís.”

I ndearadh Tolle, casann an bóithrín suas an bealach, cuma air go bhfuil sé ag tarraingt ar bhruach aille. Tá radharc ar an Hudson ón áit seo. Is féidir le cuairteoirí siúl síos go dtí an tigín bánaithe dhá sheomra freisin. Má shiúlann tú thart ar an taispeántas, beidh tú ábalta sleachta a léamh as leabhair staire, nó sleachta as díospóireachtaí polaitiúla ó aimsir an Ghorta, atá ar taispeáint ar bhallaí an struchtúir. Cloisfidh tú amhráin i dtaobh na himirce chomh maith, nó fiú tuairiscí nuachta ina dtugtar an scéal is úire faoi ghortaí an lae inniu, a bhuí sin le trealamh éisteachta an ionaid.

Nuashonrú

Theastaigh ó Tolle rud éigin eile a dhéanamh seachas cur síos leadránach ar dhátaí agus ar áiteanna a chur in airde. Déanfar “nuashonrú” ar an Irish Hunger Memorial, le scríbhinní nua agus difriúla. Beidh an t-ionad insroichte ag daoine faoi éalang, rud a thug deis do Tolle agus dá fhoireann forhalla cumhachtach a chruthú isteach sa tigín, gona thinteán agus spás leapa. Taobh istigh den fhorhalla beidh níos mó eolais scríofa agus ar téip le fáil.

Mar a dúirt Tolle féin: “Tá níos mó i gceist anseo ná fear éigin ar chapall.”

Ar ndóigh, tá díospóireachtaí teasaí tar éis a bheith ann faoin mhéid milleáin ba cheart a chur ar an Bhreatain faoin Ghorta Mór. Tá sé i gceist ag Tolle dul i ngleic leis an fhadhb seo trí eolas ilghnéitheach a thabhairt san ionad.

“Cuirfidh muid an t-eolas ar fad amach ansin agus fágfaidh muid faoin chuairteoir féin breithiúnas a thabhairt,” arsa Tolle, a fuair amach agus an t-ionad á dhearadh aige gur Chaitlicigh darbh ainm Brady cuid dá shinsear, a chuaigh ar imirce ó Ard Mhacha.

Rud amháin nach bhfuil aon díospóireacht faoi ná an méid ollmhór ábhair a tugadh trasna as Éirinn le cur san ionad cuimhneacháin. Cé gur tháinig an chuid is mó de na clocha ó Chontae Mhaigh Eo, tá clocha as gach ceann de na 32 contae ar an suíomh. Lena chois sin, ní hamháin gur plandaí atá le fáil in Éirinn atá san ionad ach is plandaí iad a d’fhás ó phór Éireannach. Úsáideadh clocha as Cill Chainnigh don chosán, agus aolchloch as Contae an Chláir chun na ballaí a thógáil.

Ach, tá sé ráite ag criticeoirí mór le rá go bhfuil i bhfad níos mó ná athchruthú tigín Éireannaigh i gceist anseo. De réir an New York Times: “D’fhéadfadh an Irish Hunger Memorial atá á oscailt inniu ar Abhainn an Hudson in aice le rinn theas Manhattan a bheith ar comhchéim leis an Vietnam War Memorial i Washington, saothar poiblí ealaíne atá in aghaidh coinbhinsin, a mhúsclaíonn mothúcháin dhoimhne i ndaoine, a théann i bhfeidhm ar lucht féachana de gach cineál agus a mhéadaíonn ar thuiscint daoine ar céard go díreach ba cheart a bheith i gcuimhneachán poiblí.”

Tá Tom Deignan ag obair mar eagarthóir agus mar cholúnaí leis an *Irish Voice i Nua-Eabhrac. Is iarléachtóir ollscoile é.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.