Measann Stephen E. Brown go bhfuil Rialtas na Stát Aontaithe ag iarraidh imní a chur ar dhaoine i dtaobh na sceimhlitheoireachta sa dóigh is go mbeidh siad sásta cuid dá gcuid ceart bunreachtúil a ghéilleadh.
Ní féidir mórán eile a rá faoi chomh fíochmhar agus chomh fuafar is a bhí an t-ionsaí ar an Ionad Trádála Domhanda ar an 11 Meán Fómhair (agus an dá eachtra eile an lá céanna), an chailliúint thragóideach beatha agus an trombhuairt a d’fhulaing daoine dá barr. Ar an ábhar sin, díreoidh mé m’aird ar nithe eile atá mar thoradh ar ionsaithe an 11 Meán Fómhair, nithe a léiríonn cuid acu an taobh síorghránna den tsochaí Mheiriceánach, agus nithe eile a mbeidh iarmhairtí acu go forleathan.
Chomh luath is a bhíothas cinnte de go raibh Osama Bin Laden, Al Qada agus an Taliban (go hindíreach) freagrach as na hionsaithe ar an 11 Meán Fómhair, bhí naimhdeas gránna le feiceáil ar an toirt i gcoinne na nArabach Meiriceánach, daoine de shliocht Meánoirthearach, agus daoine a raibh cuma Arabach nó Mheánoirthearach orthu, naimhdeas a bhí marfach go rómhinic. Bhí rudaí éagsúla i gceist sa naimhdeas seo, ó chaitheamh achasán go maslaí ciníocha, go hionsaithe fíochmhara poiblí ar na sráideanna agus dúnmharú, fiú.
Ciníochas agus seineafóibe
Is cuma cé chomh gortaithe agus coillithe is a bhraith na Meiriceánaigh, ní féidir iompar biogóideach agus suarach mar seo a chosaint. Ar an drochuair, áfach, bhí go leor Meiriceánach den tuairim go raibh sé de cheart acu a racht feirge a ligean amach le duine ar bith ar raibh cuma Arabach air. Léiriú a bhí sna hionsaithe seo ar an chiníochas agus ar an tseineafóibe atá de shíor ag fiuchadh agus ag ábhrú faoin dromchla go laethúil sa tsochaí Mheiriceánach, níos mó ná léiriú ar ghortú nó ar fhearg. Leithscéal a bhí in ionsaithe an 11 Meán Fómhair chun mothúcháin chiníocha agus dearcadh ciníoch a chur in iúl i leith dreama a bhí ina dtargaid pholaitiúil áisiúil.
Tá mé cinnte go dtuigeann na Seapánaigh Mheiriceánacha, go háirithe iad siúd a bhí ag cur fúthu sna Stáit Aontaithe le linn an Dara Cogadh Domhanda, cás na nArabach Meiriceánach go maith (bíodh siad ina saoránaigh Mheiriceánacha, ina n-eachtrannaigh chónaitheacha nó díreach ina gcuairteoirí) a cuireadh i ngéibheann tar éis eachtraí an 11 Meán Fómhair. Díreach mar a tharla i gcás na mílte Seapánach Meiriceánach a cuireadh isteach sna sluachampaí le linn an Dara Cogadh Domhanda, tá formhór na ndaoine seo á gcoinneáil faoi ghlas díreach mar gheall ar a náisiúntacht, nó mar gheall ar an chuma atá orthu, nó de bharr go bhfuil baint acu le daoine as tír nó tíortha a bhfuiltear in amhras orthu. Tá seo ar fad á dhéanamh ar mhaithe leis “an tslándáil náisiúnta”.
Tá go leor de na daoine seo de shliocht Arabach nó Meánoirthearach á gcoinneáil faoi ghlas gan aon choir a bheith curtha ina leith agus gan cead a bheith acu comhairle dlí a fháil. Níl an rialtas toilteanach ainmneacha na ndaoine atá i bpríosún a chur ar fáil, ar eagla is dócha go bhfaigheadh an pobal amach cé hiad na daoine seo a bhfuil a gcuid ceart á sárú de bharr nach bhfuil cead tugtha dóibh labhairt le habhcóide, i measc rudaí eile.
Tá na Stáit Aontaithe tar éis filleadh ar pholasaithe géibhinn an Dara Cogadh Domhanda. Agus díreach mar a tharla i gcás an chogaidh sin, níl ach daoine a bhfuil dath ar a gcraiceann á gcoinneáil i bpríosún gan cúis mhaith. Ná déan dearmad nár cuireadh aon Ghearmánaigh Mheiriceánacha faoi ghlas le linn an Dara Cogadh Domhanda. Cén fáth? Ba dhaoine geala iad.
Trialacha rúnda
Anois is mian le John Ashcroft (an tArd-Aighne) agus Tom Ridge (Stiúrthóir na Slándála Baile) trialacha rúnda agus binsí fiosraithe míleata a chur ar bun chun daoine a bhfuil an sceimhlitheoireacht curtha ina leith a thriail, rud atá ag teacht salach ar an Bhunreacht, a deir go bhfuil sé de cheart ag gach duine go ndéanfadh a chuid piaraí é a thriail agus go mbeadh deis aige seasamh os comhair a chúiseoirí. Ar ndóigh, déanann daoine an neamhaird seo ar an Bhunreacht a chosaint trí thagairt a dhéanamh don tslándáil náisiúnta agus an dóigh a gcaithfear an ceann is fearr a fháil ar lucht na sceimhlitheoireachta.
Cad é a tharlóidh, áfach, nuair a thabharfar saoránach Meiriceánach, bíodh sé ina Arabach nó nach bíodh, chun trialach agus an sceimhlitheoireacht curtha ina leith? An dtabharfar cead dó abhcóide a bheith aige? An ndéanfar é a thriail go poiblí? Ní bhíonn trialacha rúnda i gceist ach amháin nuair a bhíonn na daoine atá i gcumhacht ag iarraidh go ndéanfaí na cosantóirí a chiontú go cinnte.
Tá an chuid is mó den phobal sna Stáit Aontaithe paranóideach agus tá scaoll fúthu mar gheall ar eachtraí an 11 Meán Fómhair. Feiceann siad sceimhlitheoir ar chúl gach crainn agus thart gach coirneál, a bhuíochas sin do Tom Ridge agus an rialtas. Nuair a eisíonn sé foláirimh éideimhne shlándála agus gan eolas cinnte iontu faoi chontúirt faoi leith, ní dhéanann sé sin ach cur le paranóia daoine seachas iad a chur ag smaoineamh go bhfuil siad níos sábháilte. Éiríonn leis dhá rud a bhaint amach leis na foláirimh seo, áfach: (1) Cuireann sé cosaint ar fáil do Tom Ridge ar eagla go dtarlódh rud éigin; (2) Déanann sé an pobal solúbtha agus níos sásta cuid dá gcuid ceart bunreachtúil a ghéilleadh ar mhaithe leo féin a chosaint ón sceimhlitheoireacht.
Beidh na Meiriceánaigh níos toilteanaí cur suas le faire leictreonach, cur isteach ar a bpríobháideacht agus laghdú ar a gcearta bunreachtúla más féidir leo brath níos sábháilte.
Chun casadh a bhaint as cuid focal duine de “aithreacha bunaithe na tíre": Nuair a ghéilleann tú do chuid ceart ar mhaithe leis an tslándáil, ní bhíonn ceachtar agat sa deireadh”.
Tá Stephen Brown ina chónaí i Laurel, MD, taobh amuigh de Washington, DC. Is eolaí é atá ag déanamh staidéir ar an Ghaeilge le hocht mbliana anuas agus bíonn sé in Éirinn go minic. Faoi láthair, tá sé ina chathaoirleach cláracha ar Chonradh na Gaeilge, Washington.