AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Cúrsaí slándála agus ciall cheannaithe
Barra Ó Donnabháin Barra Ó Donnabháin Barra Ó Donnabháin

Tá drochamhras idir an CIA agus an FBI le roinnt mhaith blianta anois ach, mar a mhíníonn Barra Ó Donnabháin, tá iarrachtaí á ndéanamh ó tharla an tubaiste i Nua-Eabhrac ar an 11 Meán Fómhair an scéal a leigheas agus iad a chur ag obair as lámh a chéile.

Íomhá
An Gobharnóir Tom Ridge, atá i gceannas ar an oifig nua, Homeland Security.

Bíonn mallacht éigin ar rialtais dhaonlathacha go mbíonn siad de shíor ag féachaint siar ar na cogaí a bhíonn thart. I bhfichidí na haoise seo caite thaispeáin an Ginearál Billy Mitchell go bhféadfadh eitleán amháin long chogaidh ar bith, dá mhéad í, a chur go grinneall. Níor tugadh aon cheann dó. Bíonn ceannairí míleata coimeádach de ghnáth. Fiche éigin bliain níos déanaí thuig na ginearáil i Washington cad a bhí i gceist ag Billy nuair a tháinig na Seapánaigh aniar aduaidh ar an gcabhlach ag Pearl Harbour.

Bhíos ag obair le Comhlacht Teileafóin Nua-Eabhrac trasna na sráide ón Ionad Trádála Domhanda, ag 140 West St., nuair a cuireadh buama faoin Ionad i 1993. Toisc go raibh cúpla malartán agus trealamh teileachumarsáide de chuile shórt againn sa bhfoirgneamh, bhínn isteach is amach ann go minic á bhféachaint, ar feadh tamaill i ndiaidh an ionsaithe. Neartaigh go mór ar an gcóras slándála i rith an ama sin. Cuireadh bloic mhóra stroighne os comhair na ndoirse amach sa treo nach bhféadfaí leoraí a thiomáint isteach ann. Thosaíodar ag cuardach gach cairr a chuaigh isteach sa charrchlós. Bhí ar chuile dhuine a bhí ag obair sna Túir, nó ag dul isteach iontu go rialta, pas a raibh a phictiúr air a fháil.

Bhí na póilíní an-bheacht i dtaobh rialacha. Chuireas aithne mhaith ar oifigeach amháin díobh. Is cuimhin liom fós é á rá liom lá: “Ní fhéadfadh fiú luch teacht isteach anseo anois i ngan fhios dúinn.” Sea, rachadh sé dian ar luch ceart go leor ach níor bhuail an smaoineamh riamh iad nach mbeadh fadhb ar bith ag sciathán leathair leis an gcóras.

Gabhadh an dream sceimhlitheoirí a bhí taobh thiar den ionsaí san agus cuireadh faoi ghlas lena saol iad. Bhí na seirbhísí slándála lánsásta leo féin. Ach de réir fianaise a nochtadh i rith na trialach bhí scéim dhiabhlaí eile beartaithe ag na bithiúnaigh seo dá dteipfeadh orthu sa chéad iarracht. Bhíodar chun eitleán a fháil ar cíos, lastas dinimíte a chur ar bord, agus ionsaí a dhéanamh ar na Túir leis. D’fhágfadh san go raibh, ar a laghad, píolóta amháin acu gléasta chun gnímh ag an am sin. Dhealródh sé nár tugadh mórán airde ar na fíricí seo. Cén fáth go dtabharfaí agus na coirpigh faoi ghlas? Níor cuireadh suim rómhór ach oiread sna fiche éigin Arabach a bhí ag freastal ar ranganna eitilte le déanaí cé go raibh amhras ag cuid dá múinteoirí orthu. Theip glan ar an gcóras slándála sa chás seo freisin.

Drochamhras

=======

Is léir anois nach raibh an CIA agus an FBI ag comhoibriú le chéile ar feadh na mblianta. Ar ndóigh, ag cuimilt cheirt an smearaidh ar a chéile a bhíodar le blianta beaga anuas. Dob amhlaidh a cheap an FBI go raibh duine éigin sa CIA ag cur fáisnéise íogaire chun na Rúise, ó lár na n-ochtóidí amach. Bhí a leithéid ann, ach ba dhuine díobh féin é. Chun an drochamhras seo idir an dá eagraíocht a leigheas agus na fórsaí slándála go léir a shnaidhmeadh le chéile, chruthaigh an tUachtarán Bush roinn nua rialtais, “Homeland Security”. Thogh sé aire rialtais nua le bheith ina bhun, cara leis féin, Tom Ridge.

An lá a ghlac sé an post dúirt Ridge go raibh an seansaol imithe agus go raibh tús curtha le cluiche marfach ag na sceimhleitheoirí agus gur mhithid do na fórsaí slándála réamhthuairmí a chaitheamh i leataobh agus tabhairt faoi mhachnamh cúl le nósmhaireacht a dhéanamh. Tá breis is mí caite aige anois sa phost nua agus tá na heagraíochtaí in ainm is a bheith ag imirt a gcleas d’aontaobh ach táim in amhras faoi. Tá Ridge agus Condoleezza Rice, Comhairleoir ar Chúrsaí Slándála Náisiúnta, in adharca a chéile, cloisim. Béarfaidh am scéala.

Timpeall an 19 Samhain chuir an tUachtarán a ainm le reacht úr slándála eitlíochta faoi dheireadh. Shínigh Bush é cé nach raibh sé féin ná cuid mhaith de na hionadaithe róshásta leis dáiríre, mar gheall ar go gcuireann sé na haerfoirt faoi chúram 28,000 oibrí nua feidearálach. Beidh na hoibrithe seo ina gceardchumannaithe, tá a fhios agat, rud nach dtaitníonn leis na Poblachtaigh.

Go dtí seo, conraitheoirí príobháideacha a bhí i mbun slándála. Bunphá caolmhaireachtála á fháil ag a gcuid oibrithe agus gan sochair fhostaí ná eile acu. Bhí an ráta athraithe lucht oibre iontach ard, ní nach ionadh. Theip ar an gcóras sin arís is arís eile agus níor ghabh lá thart le mí anuas nach raibh eachtra éigin sna páipéir á léiriú san. Bhí práinn le córas nua.

Chuir an Seanad chuige láithreach agus mí ó shin ritheadar bille (100-0) a chuir slándáil na n-aerfort faoi chúram an rialtais agus seoladh go dtí an Teach é. Thosaigh an díospóireacht agus an chonspóid. Ar feadh an ama bhí Bush féin ag moladh shábháilteacht na n-aerfort. Bhí colg ag teacht ar lucht taistil. Chuir uafás eile deireadh leis an gcaint. Tharla tuairt i Queens agus cailleadh 260 duine ar Eitilt 587. Cé go raibh gach dealramh ar an scéal ó thús gur timpiste a bhí ann ghlac eagla an pobal. Ghlac na hIonadaithe le toil an phobail agus le vóta 410-9 cuireadh reacht ciallmhar chun an Tí Bháin chun sínithe.

Bíodh sé mar chloch ar charn na ndaoine a maraíodh ar Eitilt 587.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.