Tá na scannail ghnéis go léir a tháinig chun solais le tamall anuas ag déanamh an-dochair don Eaglais Chaitliceach i Meiriceá. Tuairisc ó Tom Deignan.
An lá roimh Dhéardaoin Chorp Chríost (27 Márta) bhí ná focail “Predator Priest” le feiceáil go suntasach ar chlúdach an nuachtáin thablóidigh The New York Daily News. Bhí cur síos sa tuairisc imscrúdaitheach ar an dóigh ar aistríodh sagart ó pharóiste go paróiste ar feadh tríocha bliain, agus líomaintí faoi mhí-úsáid ghnéasach á leanúint gach áit dá ndeachaigh sé. Léiríonn cáipéisí cúirte gur choimeád sé físeán dar teideal “The Art of Erotic Massage” ina leabhragán.
Tá beolíne speisialta theileafóin curtha ar fáil ag an New York Post do léitheoirí dá gcuid a ndearna cléirigh Chaitliceacha ionsaí orthu agus atá sásta a scéal a insint do thuairisceoirí. Tá cartúin pholaitiúla curtha i gcló a thaispeánann “Father O’Malley”, é á nochtadh féin dá phobal, é ar crith agus cuma fhiáin ina chuid súl, agus ceann eile a thaispeánann sagart sa tóir ar chléirigh altóra, díreach mar a bheadh fostóir drúisiúil ag rith i ndiaidh a rúnaí dhathúil.
Ní bréag ar bith a bheadh ann a rá go raibh Seachtain na Páise an-dian ag an Eaglais Chaitliceach i gcathair Nua-Eabhrac, agus ar fud Mheiriceá ar fad.
I seanmóir ar Dhomhnach na Pailme, d’iarr ceannaire an 2.2 milliún Caitliceach atá ina gcónaí i Nua-Eabhrac, An Cairdinéal Edward Egan, go ndéanfaí an Eaglais “a íonadh”. Bhí ar an Phápa Eoin Pól II, fiú, labhairt faoin cheist, i rith tréimhse atá in ainm is a bheith ar an cheann is naofa agus is sollúnta don Eaglais. Bhí scannail ghnéis ann cheana, ar ndóigh. Ach níor tharla sé riamh gur nochtaíodh oiread acu ag an am céanna. Ó Florida go Bostún, bhí an chuma ar an scéal go raibh líomhaintí nua ag teacht chun cinn gach lá le linn mhí an Mhárta, scéalta nua uafáis agus, thar aon ní eile, náire bhreise ar cheannairí de chuid na hEaglaise a raibh meas orthu tráth. (Chuir tuairisc amháin in iúl, fiú, go raibh náire ar shagairt anois a mbóna a chaitheamh go poiblí.)
Chuir na heachtraí seo i gcuimhne do Ghaeil-Mheiriceánaigh na scannail phoiblí a raibh an eaglais in Éirinn thíos leo le deich mbliana anuas, scannail, dar le daoine áirithe, nár éirigh leis an an eaglais sin teacht chuici féin arís ina ndiaidh.
Eaglais iasachta
Bhí agus beidh an Eaglais Chaitliceach i gcónaí ina heaglais “iasachta” agus mhionlaigh sna Stáit Aontaithe, tír a bunaíodh i 1776 le fréamhacha doimhne Protastúnacha, agus ina rabhthas i gcónaí in amhras mar gheall ar aon rud “pápánta”. (Go fóill, níl ach 25 faoin chéad de phobal Mheiriceá ina gCaitlicigh.)
Fiú ó toghadh John F. Kennedy, an chéad uachtarán Caitliceach, tá go leor Caitliceach sna Stáit Aontaithe den tuairim, in ainneoin nach bhfuil leithcheal á dhéanamh orthu, go bhfuil sé fós faiseanta a bheith frith-Chaitliceach. Mar a deir an sean-nath Meiriceánach, “is é an frith-Chaitliceachas frith-Ghiúdachas na huasaicme,” agus is é “an chlaontacht dheireanach mheasúil” i Meiriceá ilchultúrtha.
Go dtí le fíorghairid, d’fhéadfaí a bheith cinnte de rud amháin tar éis aon scannal san eaglais: labharfadh croíghrúpa beag daoine, dream coimeádach den chuid is mó, amach agus chuirfeadh siad i leith lucht cáinte na heaglaise gur frith-Chaitliceachas caolchúiseach a bhí ar bun acu.
Tharraingeodh siad aird, ar an chéad dul síos, ar an dóigh a mbíonn formhór na daoine sa tsochaí bhéasach an-cháiréiseach agus iad ag plé, cuir i gcás, Afra-Mheiriceánaigh nó Giúdaigh Mheiriceánacha, ach go mbíonn ealaíontóirí gríosaitheacha, scríbhneoirí na conspóidíochta agus lucht an ghrinn gháirsiúil den bharúil gur féidir tabhairt faoi Chaitlicigh.
Chuirfeadh siad i gcuimhne do dhaoine ansin an chaoi, sna 1830í agus 1840í, ar dódh séipéil Chaitliceacha, agus a raibh foilseacháin lasánta á scaipeadh a “thug chun solais” an dóigh a raibh sagairt agus mná rialta ag fuadach páistí breátha Protastúnacha agus á gcoinneáil mar sclábhaithe gnéis. (Anois, cén áit ar chuala tú a leithéid cheana?)
Ach is beag trácht atá déanta ar cheachtanna beaga staire mar seo ó thosaigh an scannal reatha. Tá idir Chaitlicigh liobrálacha agus Chaitlicigh choimeádacha ag cur a bhfeirge in iúl. Thosaigh sé le triail an Athar John Geoghan as Bostún, a fuarthas ciontach as mí-úsáid ghnéasach a dhéanamh ar suas le 130 páiste faoin aois dhleathach thar tríocha bliain. Bhí ar easpag a rugadh in Éirinn agus a bhí lonnaithe i Florida éirí as a phost de bharr líomhaintí den chineál céanna. Taobh istigh de thamall gearr, d’fhás an líon líomhaintí go dtí go raibh tuile mhór i gceist.
I bhfianaise an mhéid atá tarlaithe, tá fiú na Caitlicigh is goilliúnaí páirteach anois sa gháir cháinteach seo atá ag éileamh go mbéarfadh an eaglais greim uirthi féin, go n-admhódh sí an méid atá fulaingthe ag na híospartaigh, agus go dtabharfadh sí cléirigh atá tugtha do mhí-iompar gnéasach os comhair cúirte. Rinne tréimhseachán amháin de chuid na hEaglaise Caitlicí i mBostún polasaí aontumhachta na heaglaise a cheistiú go hoscailte. Bhí alt sa New York Times ina raibh cuid focal criticeora amháin a dúirt (agus é leath ag magadh) go rabhthas tar éis “caitheamh anuas an iomarca” ar an Chúistiúnacht.
Is fiú a lua gurb é an duine a scríobh an t-alt ná an t-iriseoir agus an staraí Gael-Mheiriceánach Terry Golway, fear a bhfuil beathaisnéis urramach den Chairdinéal John O’Connor, an fear ar tháinig an Cairdinéal Egan mar chomharba air i Nua-Eabhrac, díreach foilsithe aige.
Géarchéim
Nuair a chuireann tú gach rud san áireamh, tá gach cosúlacht ar an scéal go bhfuil ar an Eaglais Chaitliceach i Meiriceá dul i ngleic le ceann de na géarchéimeanna is measa ina stair, géarchéim atá gach pioc chomh holc leis an fhoréigean frith-Chaitliceach sna 1830í, an imirce ollmhór de bharr an ghorta sna 1850í agus 1860í, agus ról an Ku Klux Klan i scrios iarracht Al Smith, Caitliceach as Nua-Eabhrac, a bheith ina uachtarán i 1928.
Ag na hamanna sin go léir, bhí daoine sásta an eaglais leochaileach a chosaint le smaointe nó le harm.
Anois, den chuid is mó, tá oifigigh na heaglaise - dream a bhí éiginnte cheana féin faoina n-áit i gcultúr Meiriceánach atá ag éirí níos tuata agus níos ábharaíche - fágtha leis an fhód a sheasamh leo féin.
Mar sin, céard atá i ndán don eaglais sna Stáit Aontaithe?
Feictear do dhaoine áirithe gur seo tús le deireadh an tseanoird shóisialta Chaitlicigh. Cé go bhfuil a líon níos lú na laethanta seo, tá traenáil níos fearr, dar le daoine áirithe, faighte ag na sagairt óga maidir le cúrsaí íogaire gnéis. Tá siad siúd ar mian leo an eaglais a leasú ag rá arís go bhfuil sé in am deireadh a chur le riail na haontumhachta.
Maidir leis an dream traidisiúnta san eaglais, tá siadsan ag teacht ar an tuiscint go bhfuil sé in am éirí as a bheith ag féachaint ar ainteagmháil ghnéasach agus cúrsaí eile a bhaineann le gnéas mar “thinnis” a gcaithfear déileáil leo go síceolaíoch. Fríd am, b’fhéidir go bhféachfadh an eaglais ar an chur agus cúiteamh go léir atá ag dul ar aghaidh mar chomhartha de shláinte nua.
Go dtí sin, áfach, tá na híospartaigh ann, idir pháistí a éigníodh, agus an tréad atá lán amhrais. Mar a dúirt Ardeaspag Egan i Nua-Eabhrac, “Tá go leor á fhulaingt ag an eaglais faoi láthair”.
Tá Tom Deignan ag obair mar eagarthóir agus mar cholúnaí leis an Irish Voice i Nua-Eabhrac. Is iarléachtóir ollscoile é.