AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Ionracas agus an margadh airgeadra
Roibeard de Búrca Roibeard de Búrca

Measann Roibeard de Búrca go léiríonn na himeachtaí in Allfirst Financial agus in Enron go bhfuil easpa mhór ionracais i margadh airgeadra na Stát Aontaithe.

Íomhá
Íomhá
Jeffrey Skilling
Íomhá
Íomhá
Marie-Reine Le Gougne

I ndiaidh do Allfirst Financial (fochuideachta de chuid Allied Irish Banks) breis is $750 milliún, is é sin €860 milliún, a chailleadh sa mhargadh airgeadra bhí altanna ina thaobh ar chéad leathanach an nuachtáin áitiúil anseo i mBaltimore, Maryland ar feadh roinnt laethanta agus cuireadh scéal Enron siar go dtí an dara leathanach.

Bhí na rudaí céanna i gceist sa dá chás: saint, mímhacántacht agus easpa maoirseachta. I gcás Enron, an seachtú comhlacht ba mhó sna Stáit Aontaithe le 21,000 fostaí i mbreis is daichead tír, bhí comhpháirtíochtaí rúnda i gceist. Is beag duine a rinneadh saibhir mar thoradh ar an ghnó mídhleathach seo ach amháin roinnt de na feidhmeannaigh shinsearacha sa chomhlacht, leithéidí Jeffrey Skilling, Andrew Fastow agus Kenneth Lay. Chaill níos mó ná míle duine a phost agus chaill na mílte duine eile a n-airgead fuillimh, go háirithe daoine ar pinsean.

Ghlaoigh Comhdháil na Stát Aontaithe ar Skilling, iar-CEO Enron, chun fianaise a thabhairt ach mhaígh seisean nach raibh cuimhne aige ar shonraí na n-imeachtaí a tharla sular theip ar an chomhlacht. Ghlac oifigigh eile an Cúigiú Leasú Bunreachta in aghaidh féinchiontaithe agus dhiúltaigh siad ceisteanna a fhreagairt.

I mBaltimore, ag an am céanna, chaill John Rusnak, trádálaí airgeadra a bhí fostaithe ag Allfirst Financial, breis is $750 milliún (€820 milliún). Níl sé seo chomh mór leis an $1.4 billiún (€1.77 billiún) a chaill an Barings Bank i 1995, de bharr gníomhaíochtaí Nick Leeson, cailliúint a chuir deireadh leis an chomhlacht sin. Arís, i gcás Barings, ba chearrbhachas sa mhargadh airgeadais ba chúis leis an tubaiste.

Cuireadh saineolaithe airgeadais faoi agallamh agus dúirt siad go mbeadh sé deacair an cineál gnó a bhí ar siúl in Allfirst Financial a choimeád faoi rún dá mbeadh maoirseacht agus promhadh ceart á ndéanamh. Is cearrbhachas amach is amach é an margadh airgeadais agus bíonn na trádálaithe ag iarraidh tuar an ardóidh nó an ísleoidh luach airgeadra tíre amháin in aghaidh airgeadra tíre eile. Is é príomhchuspóir an mhargaidh áirithe seo brabús a dhéanamh - ní thugann sé faic ar ais don phobal!

Cad é ba chúis le gníomhaíochtaí John Rusnak? Bród? Nó ar mhian leis a bheith ina réalt sa chomhlacht? Saint chun níos mó airgid a shaothrú agus a chaitheamh? Nó cúis éigin eile? Níl a fhios againn, mar, fearacht na mboc mór in Enron, tá a bhéal dúnta ag Rusnack.

Idir an dá linn, tháinig fadhb mhór chun cinn maidir le moltóireacht sa scátáil oighir ag na Cluichí Oilimpeacha Geimhridh i Salt Lake City, Utah. Cuireadh i leith moltóra Fhrancaigh go ndearna sí leatrom ar an fhoireann Cheanadach. Cheap an lucht féachana gur bhuaigh na Ceanadaigh an comórtas ach dúirt an moltóir, Marie-Reine Le Gougne, gur chuir na Rúisigh brú uirthi a vóta a thabhairt dóibhsean.

Bronnfar bonn óir ar an bheirt Cheanadach, Jamie Sale agus David Pelletier, rud a fhágfaidh go mbeidh comhbhuaiteoirí i gceist i mbliana.

An t-ionracas - an bhfuil sé imithe ar fad, beagnach, i réimsí áirithe den saol?

Is fiaclóir é Roibeard de Búrca i mBaltimore a mhúineann an Ghaeilge go páirtaimseartha.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.