AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Na hÉireannaigh agus an FDNY
Tom Deignan Tom Deignan Tom Deignan

Tá Tom Deignan tar éis leabhar nua a léamh faoi Rannóg Dóiteáin Nua-Eabhrac (FDNY), saothar a léiríonn an ceangal láidir atá ag na hÉireannaigh leis an rannóg sin leis na glúnta.

Íomhá
Íomhá

Is as Nua-Eabhrac é Terry Golway agus is mac é le fear dóiteáin de chuid na cathrach, an grúpa fear sin a bhfuil aird an domhain air le bliain anuas. Tá sé fóirsteanach go maith, mar sin, go bhfuil Golway tar éis stair Rannóg Dóiteáin Nua-Eabhrac le trí chéad bliain anuas a scríobh, saothar dar teideal So Others Might Live: A History of New York’s Bravest - The FDNY From 1700 to the Present ($27.50 / 336 lch. / Basic Books). Cuireann Golway in iúl go soiléir gur grúpa iad cuid fear dóiteáin Nua-Eabhrac a bhí i gcónaí cróga, anamúil - agus neart Éireannach ina measc, gan amhras.

Rud tábhachtach faoi So Others Might Live ná nach cur síos brónach eile é ar an lá tubaisteach sin, 11 Meán Fómhair. (Tá suas le deich leabhar faoi 9/11 ar liosta na leabhar is fearr díol an New York Times.) Tá cur síos cinnte i bpáirteanna éagsúla de leabhar Golway ar na hionsaithe sceimhlitheoireachta a d’fhág 343 fear dóiteáin marbh. Tá an léargas a thugtar sa leabhar ar chuid de mhórlaochra an FDNY, agus cuimhní cinn faoi thubaistí eile ón am a chuaigh thart, chomh suimiúil céanna, áfach.

B’fhéidir nach raibh eachtra ar bith eile chomh scriosach céanna - cé go ndéantar dearmad go minic uirthi - leis an tine uafásach a bhí ann i mí na Nollag 1835. “Le breacadh an lae, ba léir cé chomh holc is a bhí an t-uafás, agus tinte a bhí scaipthe anseo is ansiúd ag diúltú a bheith ceansaithe,” a scríobhann Golway faoin lá i ndiaidh na tine móire i Manhattan íochtarach, nar maraíodh, go míorúilteach, ach beirt inti. “Bhí dhá acra is caoga, ó Broad Street go South Street, agus ó Wall Street go ceantar ar a tugadh Coenties Slip, scriosta. Bhí 674 foirgneamh, siopaí den chuid is mó, gnólachtaí agus stórais, loite … Fágadh idir 3,000 agus 4,000 oibrí gan fostaíocht.”

Ní fhéadfadh an cur síos ar an léirscrios - ar a laghad ar an timpeallacht i Manhattan íochtarach - gan an radharc a bhí le feiceáil díreach tar éis ionsaí an 11 Meán Fómhair a chur i gcuimhne duit.

Scéalta a athar

“Bhí spéis mhór riamh anall agam i stair na Rannóige Dóiteáin,” a dúirt Golway le déanaí. “Is dócha nach raibh an dara rogha agam ach suim a bheith agam inti tar éis cuid scéalta m’athar a chloisteáil.” Bhí athair Golway ag obair as Engine 162 i limistéar Great Kills ar Staten Island, buirg de chuid Nua-Eabhrac a chaill líon iomarcach oibrithe tarrthála ar an 11 Meán Fómhair, ag cur mhéid an cheantair san áireamh.

Is colúnaí, mar aon le hEagarthóir Cathrach, é Golway sa New York Observer. Le blianta beaga anuas, tá sé tar éis teideal eile a chur lena CV: údar leabhar. I measc na leabhar atá scríofa aige, tá ceann bríomhar ar stair na nÉireannach i Meiriceá, beathaisnéis an reibiliúnaigh Éireannaigh John Devoy, agus stair na gceannaircí Éireannacha, leabhar a raibh an-tóir air. Tá téama le feiceáil ina shaothar agus tá Gormley, mar sin, tar éis treo a athrú lena leabhar nua. Cineál de. Tosaíonn croinicil Golway de Rannóg Dóiteáin Nua-Eabhrac le hoibrithe deonacha thús an tseachtú haois déag. De réir mar a théann an leabhar ar aghaidh, úsáideann sé an FDNY mar scáthán a léiríonn stair na cathrach ina hiomláine. Tá cuntas ann ar an streachailt a bhí le déanamh chun uisce a thabhairt chun na cathrach nua, chun an tart a chosc, chomh maith (ar ndóigh) leis na tinte a mhúchadh a scaip go minic trí na foirgnimh adhmaid.

Tá cur síos den scoth ag Golway are an FDNY le linn an Chogaidh Chathartha, an t-athrú trioblóideach ó fhoireann dheonach go foireann a íocadh sna 1860í, agus “blianta cogaidh” na 1960í agus na 1970í, ach tá dhá théama a thagann chun cinn arís agus arís eile in So Other Might Live: uafás an 11 Meán Fómhair agus an ról lárnach a bhí ag na hÉireannaigh sa rannóg.

Tóg saol oibre Matthew T. Brennan, a d’éirigh aníos i sluma mícháiliúil Five Points i Nua-Eabhrac. Chuaigh Breannan isteach i rannóg dóiteáin na cathrach mar oibrí deonach i dtús na 1840í, agus ceapadh é sa deireadh mar shaoiste ar an bhuíon. Nuair a chuireann tú san áireamh, mar a léiríonn Golway, an ról tábhachtach a bhí ag na tithe dóiteáin i Nua-Eabhrac sa naoú haois déag, ba phost den scoth é seo. Ba laochra iad na fir dhóiteáin ina gcomharsanacht, agus bhí meas ag na dronga sráide agus ag na polaiteoirí araon orthu. D’fhás cáil Breannan go mór sa chathair agus bhí sé ar dhuine de na céad Chaitlicigh i Nua-Eabhrac a sheas d’oifig a bhain leis an stát ar fad. Níor éirigh leis sa toghchán, ach bhain sé post rialtais amach ina dhiaidh sin sa chathair, agus bhí sé ar dhuine de chumhachtaí móra Tammany Hall.

Ainmneacha Éireannacha

Léiríonn saol oibre Brennan an dóigh ar úsáid na hÉireannaigh an pholaitíocht agus an státseirbhís - go háirithe an FDNY - chun iad féin a bhrú chun cinn i Meiriceá. Faoi 1885, ba dhaoine a saolaíodh in Éirinn 17 faoin chéad d’oibrithe na rannóige saorálaí dóiteáin i Nua-Eabhrac. De réir Golway, léiríonn liosta de 1,000 d’fhostaithe an FDNY ón am sin gur tháinig beagnach 300 ar an saol in Éirinn. Is ainmneacha Éireannacha iad 75 faoin chéad d’ainmneacha na rannóige. Go deimhin, mar a thaispeánann So Others Might Live, tá dlúthcheangal idir stair an FDNY agus stair na nÉireannach i Nua-Eabhrac. Le beagnach 150 bliain, tá an FDNY ag mealladh daoine ó theaghlaigh Éireannach na cathrach - in ainneoin na gcontúirtí ar fad, a bhfuarthas léargas pianmhar orthu ar an 11 Meán Fómhair, 2001.

Tá an baol ann, áfach, go dtarraingeoidh an t-uafás sin, a bhí ar scála chomh mór sin, aird ó laochra eile a luann Golway, leithéidí John Bresnan. D’fhág a theaghlach siúd Éire sa bhliain 1844, agus chuir siad fúthu i Séú Barda Nua-Eabhrac. Thosaigh Bresnan ag obair le Engine 21 in 1861 mar oibrí deonach, agus d’éirigh leis ceannasaíocht a bhaint amach ar an rannóg ina dhiaidh sin agus a bheith ar dhuine dá ceannasaithe ba thábhachtaí. Ach ar oíche an-fhuar i mí na Nollag 1894, maraíodh Bresnan nuair a thit túr uisce le linn dóiteáin. Caoineadh a bhás ar fud na cathrach. Chuaigh cuid páistí Bresnan, a bhí fágtha gan aon tuismitheoir anois, chun cónaithe le gaolta. Chuaigh John Bresnan Jr. isteach sa FDNY nuair a tháinig sé i méadaíocht, agus rinne beirt dá mhic amhlaidh; chuaigh duine acu, Bill Bresnan, amach ar pinsean i mí Iúil 2001. Dá mba rud é go raibh pas faighte ag Bill i scrúdú na leifteanant, a rinne sé díreach sular éirigh sé as a phost, “is dócha go mbeadh sé ag obair mar leifteanant ar an 11 Meán Fómhair,” a deir Golway.

Tá Tom Deignan ag obair mar eagarthóir agus mar cholúnaí leis an *Irish Voice i Nua-Eabhrac. Is iarléachtóir ollscoile é.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.