AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Míshásamh ar na póilíní agus ar na fir dhóiteáin
Tom Deignan Tom Deignan Tom Deignan

Tá cuid póilíní agus fear dóiteáin Nua-Eabhrac míshásta lena gcoinníollacha oibre agus tá siad ar tí dul ar stailc dá bharr seo. Tuairisc ó Tom Deignan.

Íomhá
Méara Nua-Eabhrac, Mike Bloomberg
Íomhá
Agóid na bhfear tine ag Ground Zero, Samhain 2001

Agus muid ag tarraingt ar chothrom lae ionsaithe sceimhlitheoireachta an 11 Meán Fómhair anuraidh, tá go leor póilíní agus fear dóiteáin i Nua-Eabhrac ag smaoineamh siar ar an uafás agus ar an chaoi ar chaill siad beagnach 400 dá gcomhghleacaithe. Tá go leor eile acu, áfach, feargach. Bhailigh na mílte acu le chéile le déanaí, fiú, i Times Square. Tháinig siad le chéile ag lorg ardú pá. “Less praise, more raise,” an mana a bhí ag go leor acu. Bhí daoine eile ann a chuir a gcuid iníonacha in airde ar a nguaillí, comharthaí ina lámha acu leis na focail: “Will work for food. My Daddy is a cop”.

Agus d’fhéadfadh cúrsaí éirí ní ba mheasa do na póilíní agus do mhuinir Nua-Eabhrac i gcoitinne gan mhoill. Tá go leor daoine abhus anseo ag caint faoin stailc a d’fhéadfadh a bheith ann sa major league baseball ach ba cheart dóibh a bheith ag caint i ndáiríre faoin stailc atá ar intinn cuid ball an NYPD. Níor luaigh na Gaeil-Mheiriceánacha atá i gceannas ar cheardchumainn na bpóilíní agus na bhfear dóiteáin, Pat Lynch agus Stephen Cassidy faoi seach, an S-fhocal uafásach sin ag an teacht le chéile i Times Square, ach tá gnáthbhaill an NYPD ag caint cheana féin faoi dhianbheart a bheadh inchurtha le gníomhaíocht thionsclaíoch mhí-iomráiteach na bliana 1971.

Léiríonn cinneadh an FDNY páirt a ghlacadh i gcruinniú Times Square a míshástacht féin le rialtas an Mhéara Mike Bloomberg. Caithfidh na fir dhóiteáin idirbheartaíocht a dhéanamh dá gconradh nua i gceann cúpla mí. Tá oifigigh na bpóilíní ag obair gan chonradh le breis is dhá bhliain anois. Ina gcuid caibidlíochta leis an chathair, tá oifigigh cheardchumann an NYPD ag lorg ardú pá 23% sa dá bhliain atá romhainn.

Cuireadh dlús leis an chaint ar dhul ar stailc sa NYPD an tseachtain seo caite nuair a tuairiscíodh sa New York Daily News go mb’fhéidir nach dtabharfadh bord eadrána stáit ach ardú de 5% sa bhliain do na póilíní, thar dhá bhliain. Deir Uachtarán an PBA, Pat Lynch, áfach, go raibh an tuairisc sa News míchruinn. Mar sin féin, tá an moladh atá déanta ag Méara Bloomberg faoi arduithe a bheith ceangailte le táirgiúlacht níos airde ag cur isteach go mór ar Lynch. “Táthar ag íoc rátaí suaracha le hoifigigh de chuid na bpóilíní i Nua-Eabhrac. Tá siad ag saothrú 35%-40% níos lú i gcásanna áirithe i gcomparáid le póilíní i ranna eile. Cén dóigh ar féidir le hoifigigh na cathrach agus an stáit fiú a bheith ag smaoineamh ar níos mó tréimhsí ar dualgas?” a deir Lynch ar shuíomh gréasáin an PBA.

Tá an chathair ag déanamh réidh cheana féin do thobstailc neamhoifigiúil ar Labor Day, 2 Meán Fómhair. Dúirt Michael O’Looney, urlabhraí de chuid an NYPD: “Tá sé beartaithe againn dul i mbun réimse leathan gníomhaíochtaí agus níl muid sásta plé ar bith a dhéanamh ar aon rud hipitéiseach.”

Agóid

Beidh difear mór idir an radharc a bheas le feiceáil ar Labor Day, nuair a bheas na póilíní agus na fir dhóiteáin ina seasamh le chéile, agus an uair dheireanach a bhí an dá dhream go mór sa nuacht. I mí na Samhna 2001, níos lú ná dhá mhí tar éis uafás an 11 Meán Fómhair, gabhadh ocht bhfear dóiteáin déag i ndiaidh agóide ag Ground Zero. Tharla sé seo tar éis d’oifigigh na cathrach an líon fear dóiteáin a bhí ag glacadh páirte i misin chuardaithe ag Ground Zero a laghdú go mór. Chonaic daoine áirithe é seo mar an bruíon is déanaí idir an FDNY agus an NYPD, a bhíonn, dar le daoine áirithe, i mbun síorchoimhlinte faoi chúrsaí limistéir.

Dúradh fiú in altanna faoin 11 Meán Fómhair a foilsíodh sa New York Times le déanaí gurbh é an cogadh fuar idir na seirbhísí in éide ba chúis leis na deacrachtaí cumarsáide ar an lá tubaisteach sin. Ar aon nós, tá an chuma ar an scéal go bhfuil éirithe ag an NYPD agus ag an FDNY namhaid choiteann a aimsiú: méara a bhfuil poll $5 billiún ina bhuiséad.

Mhol an Seanadóir Chuck Schumer le déanaí gur cheart do Bloomberg $500 milliún de chúnamh feidearálach an 11 Meán Fómhair a úsáid chun arduithe pá an FDNY agus an NYPD a mhaoiniú. Bhí Lynch agus Cassidy beirt tógtha leis an mholadh seo. Mar sin féin, is beag seans go dtarlóidh sé, agus gach seans go n-éileoidh oifigigh na cathrach rud éigin ar ais go fóill má bhíonn aon arduithe i gceist. An mhí seo caite, dúirt Bloomberg le tuairisceoirí: “Sa deireadh thiar, ba mhaith leis an chathair an méid atá sé in acmhainn againn a íoc a thabhairt do gach oibrí.” Aistriúchán: Na laethanta seo, ní sin mórán.

Agus, mar sin, b’fhéidir ar Labor Day, 2 Meán Fómhair, go mbeidh sráideanna saor ó phóilíní againn ar feadh ceithre uair is fiche. Nuair a bhí stailc den chineál céanna ann i 1971, d’fhan an chathair réasúnta ciúin - le heisceacht amháin. Bhí pléascadh i mbothanna earcaíochta míleata i Manhattan agus sna Bronx agus gortaíodh beirt. Chuir lucht agóide frithchogaidh in iúl gur iadsan a bhí freagrach as na buamaí seo ar a dtabharfaí gníomhaíocht sceimhlitheoireachta seachas gníomhaíocht choiriúil sa lá atá inniu ann.

Tá an stailc seo ag titim amach agus muid ag tarraingt ar chothrom lae ionsaithe an 11 Meán Fómhair. Ba iad na hionsaithe céanna sin - a d’fhág 23 oifigeach de chuid an NYPD agus 343 fear dóiteáin marbh - a chuir tús tobann leis na deacrachtaí geilleagair atá mar an phríomhchúis nach féidir na harduithe atá, dar le go leor, tuillte ag na hoibrithe sin a bhronnadh.

Tá Tom Deignan ag obair mar eagarthóir agus mar cholúnaí leis an *Irish Voice i Nua-Eabhrac. Is iarléachtóir ollscoile é.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.