AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Ag cuimhneamh ar laochra an 11 Meán Fómhair
Tom Deignan Tom Deignan Tom Deignan

Bhí go leor searmanas ar siúl le cúpla seachtain anuas i gcuimhne orthu siúd a cailleadh san ionsaí sceimhlitheoireachta ar Nua-Eabhrac i mí Mheán Fómhair anuraidh. I measc na ndaoine a rabhthas ag cuimhneamh orthu ag na hócáidí sin, bhí póilín de bhunadh Éireannach, Stephen Driscoll. Tuairisc ó Tom Deignan.

Íomhá
Póilíní ag searmanas ag Ground Zero an mhí seo caite.
Íomhá
Íomhá
Stephen Driscoll ón NYPD

Bhí sé deacair ag duine gan a bheith croíbhriste sna seachtainí deireanacha de mhí na Bealtaine. Ar dtús, tháinig Lá na Máithreacha agus d’imigh sé i gCathair Nua-Eabhrac. Mar a bheifeá ag súil, thosaigh daoine ag smaoineamh ar mháithreacha na bpóilíní agus na bhfear tine, agus ar mháithreacha na ndaoine eile go léir, a maraíodh in ionsaí na sceimhlitheoirí ar an 11 Meán Fómhair. Ansin tháinig an scéala amach ar an 30 Bealtaine go raibh deireadh ag teacht go luath leis an oibríocht tarrthála agus tochailte ag Ground Zero - obair a bhí ar siúl ceithre uair is fiche sa lá le hocht mí roimhe sin. Chiallaigh sé sin go mbeadh na céadta teaghlach trombhuartha ann nach bhfaigheadh ar ais corp iad siúd a chaill siad go deo.

Bhí cuid de theaghlaigh na n-íospartach chomh feargach sin go raibh deireadh tagtha leis an oibríocht, agus gur tharla sé seo ar lá an-mífheiliúnach, an Déardaoin, gur chuir siad isteach ar cheadúnas chun a n-imeacht féin a reáchtáil ar an Domhnach, 2 Meitheamh. Léiríonn sé seo, in ainneoin go bhfuilimid ag tarraingt ar chomóradh bliana an ionsaí sceimhlitheoireachta, go bhfuil an créacht fós beo.

Féach ar chás Letitia Driscoll, as Cill Dara ó dhúchas, a raibh a mac, an tOifigeach Stephen P. Driscoll, ar dhuine den trí oifigeach is fiche den NYPD a maraíodh an lá uafásach sin. “Táimid ag cineál teacht chugainn féin,” a dúirt Driscoll, as Lake Carmel, Nua-Eabhrac liom, le linn cumarsáide giorra a bhí agam léi roimh dheireadh seachtaine Lá na Máithreacha, agus í tar éis bheith ag seirbhís chuimhneacháin in Albany. I ndiaidh na hócáide sin, bhailigh baill den teaghlach leo go Washington. Tháinig teaghlaigh na n-íospartach le chéile ansin ag leacht sa phríomhchathair a tógadh i gcuimhne ar na póilíní go léir a maraíodh agus iad i mbun oibre. An tseachtain seo, cuireadh 60 ainm nua leis an liosta: an 23 ón NYPD agus 37 eile ón Port Authority Police a maraíodh in uafás mhí Mheán Fómhair. Ina measc, bhí Stephen P. Driscoll.

An t-aon ábhar faoisimh a bhí ag na O’Driscolls ná go bhfuarthas corp Stephen. I mí Dheireadh Fómhair, bhí ócáid ar siúl i gcuimhne ar Driscoll, 38 - fear a raibh grá aige dá theaghlach agus dá phost, agus spéis aige sa tseoltóireacht agus a bheith ag maireachtáil in aice leis an uisce. Chuir comhghleacaí agus cara de chuid Driscoll, Joe McFadden - a bhfuil a bhreithlá ar 11 Meán Fómhair - síos ar a chara marbh, a rugadh ar 4 Iúil, mar laoch cróga. “Ba chara iontach é. Bhí sé bródúil as a bheith ina phóilín,” a dúirt McFadden ina aitheasc a bhí lán mothúchán. “Chuaigh Stephen isteach san Ionad Trádála Domhanda. D’fhág sé muid ag déanamh rud éigin a raibh a chroí istigh ann go hiomlán.”

Cuimhní ceanúla

Bhí Driscoll ina bhall den NYPD ó bhí Eanáir 1992 ann, agus ceapadh é mar bhall den Aonad Seirbhísí Éigeandála i mí Lúnasa 1998. Chaith sé tréimhse leis an Aonad Coireachta Sráide chomh maith. Bhí sé tráth le Cabhlach na Stát Aontaithe agus ba Gharda Onórach é san Emerald Society Pipe and Drum Band, chomh maith le bheith ina bhall gníomhach den Emerald Society. Tá deartháir céile Driscoll ina shairsint leis an NYPD. Maireann a bhean Ann, mac Barry, deirfiúracha Sheila, Jeanne, Gall agus Michelle, mar aon lena dheartháir Michael. Agus, gan amhras, a athair Patrick agus a mháthair Letitia.

Mar a tharla i gcás go leor daoine amuigh ansin, is cinnte go raibh cuimhní ceanúla chomh maith le cinn phianmhara ag na Driscolls Lá na Máithreacha. (De réir meastacháin amháin, chaill breis is 120 páiste athair ar phóilín é ar an 11 Meán Fómhair.) Bhí na mothúcháin sin le feiceáil go soiléir sna híomhánna a tháinig ó shearmanais i Washington i mí na Bealtaine a chuir tús le Seachtain Náisiúnta na bPóilíní. Bhí an balla ar a gcuimhnítear ar na póilíní a chaill a mbeatha agus iad ar dualgas breac le nithe pearsanta: grianghraif, litreacha agus go leor eile.

I láthair freisin bhí páiste an aon mháthar ón NYPD a cailleadh lá an uafáis. Sin Patricia Smith atá dhá bhliain d’aois arbh í a máthair, Moira, an t-aon phóilín mná ón fhórsa sin a maraíodh ar an 11 Meán Fómhair. “Tá sí ag tosú ag tuiscint,” a dúirt athair Moira, Jim Smith, “go bhfuil a mamaí sna flaithis.” Bhí píopa mála sollúnta le cloisteáil. Bhí bigil coinnle ann. Agus, níos tábhachtaí fós, bhí a lán teaghlach ansin a thuig cailliúint a chéile. “Braithim onóir nuair a fheicim na daoine seo go léir,” a dúirt deirfiúr Stephen Driscoll, Jeanie, leis an New York Daily News le linn di bheith i Washington. “Ba é mo dheartháir an rud ba thábhachtaí i mo shaol agus braitheann gach duine a shábháil sé mar sin faoi anois chomh maith.”

Cuimhníodh ar Stephen Driscoll an mhí seo caite chomh maith sa chathair ar oibir sé inti ar feadh beagnach deich mbliana. Ag One Police Plaza, chruinnigh póilíní agus a dteaghlaigh le chéile do sheirbhís ag ar nochtaíodh plaic. Tá ainmneacha na bpóilíní de chuid an NYPD a maraíodh ar an 11 Meán Fómhair ar an phlaic seo: Driscoll, Smith agus a gcomrádaithe go léir a chaill a mbeatha. Cuirfidh an phlaic shimplí seo in iúl dóibh siúd a thabharfaidh cuairt ar oifig riaracháin an NYPD an praghas ard a d’íoc siad siúd a fuair bás.

Is beag faoiseamh a thabharfaidh a leithéid do dhaoine nuair a thiocfaidh Lá na Máithreacha - nó Lá na nAithreacha nó aon saoire eile. Ar a laghad, ó Washington go Manhattan, is slí é dóibh siúd atá fós beo lena mbuíochas ó chroí a chur in iúl.

Tá Tom Deignan ag obair mar eagarthóir agus mar cholúnaí leis an Irish Voice i Nua-Eabhrac. Is iarléachtóir ollscoile é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.