AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Michael Collins: duine de bhunadh Nua-Eabhrac
Tom Deignan Tom Deignan Tom Deignan

an-ráchairt ar úrscéal nua leis an Ghael-Mheiricéanach Dermot McEvoy, saothar a bhfuil Micheal Collins mar phríomhcharachtar ann. Labhair an t-údar le Tom Deignan faoin úrscéal agus faoina shaol.

Íomhá

“Níl aon fhianaise stairiúil ann gur thug Michael Collins cuairt riamh ar Nua-Eabhrac,” a scríobhann Dermot McEvoy i mbrollach a úrscéil nua, Terrible Angel. “Is é sin, fhad is a bhí sé (Collins) beo …” Leis an chasadh spraíúil seo, cuireann McEvoy - a bhog ó Bhaile Átha Cliath go Nua-Eabhrac lena thuismitheoirí nuair a bhí sé trí bliana go leith - tús le scéal nach bhfuil mórán dealraimh air. Mar a deir fotheideal an leabhair, “is úrscéal é *Terrible Angel *faoi Michael Collins i Nua-Eabhrac.” Cé go bhfuil a fhoilsitheoir fós ag iarraidh conradh leabhair a fháil do Collins in Éirinn, tá ráchairt an-mhór ar an úrscéal i measc léitheoirí Gael-Mheiriceánacha.

I Terrible Angel, cuirtear an reibiliúnach glic Éireannach ón saol eile chun coir a réiteach i Greenwich Village sna 1990í. Ach níl cead ag Collins foréigean a úsáid, agus é ag déanamh a shlí trí lúbra sráideanna chroílár na cathrach, agus ag bualadh le carachtair a bhfuil níos mó datha ag baint leo ná mar atá le fáil i bpictiúr de chuid Jackson Pollock. Tá comóradh déanta cheana ar McEvoy agus ar a leabhar san áit sa Village ina mbíodh gnáthóg na scríbhneoirí, The Lion’s Head, suite. (Tugtar The Kettle of Fish anois ar an institiúid seo ar Christopher Street). Bhí Frank McCourt, Dennis Duggan agus naoimh is peacaithe eile Éireannacha i láthair chun comhghairdeas a dhéanamh le McEvoy, fear a raibh eolas maith aige féin ar an “Head” le linn ré órga an tábhairne.

Ní scríobhtar leabhair i mbeáir,” a dúirt McEvoy, ar fear giorraisc go maith é, leis an Irish Voice *an mhí seo caite, le linn lóin i mbialann Indiach ar 29th Street. “D’fhoghlaim mé é sin nuair a dhún an Lion’s Head.” Go deimhin, le blianta beaga anuas, tá roinnt tionscadal ardaidhmeannach scríbhneoireachta pleanáilte ag McEvoy, ina measc an leabhar a thiocfaidh i ndiaidh *Terrible Angel, ina bhfuil Collins seolta ar mhisean eile, go Baile Átha Cliath roimh thús an Dara Cogadh Domhanda. Tá sé ag obair ar úrscéal níos réadúla chomh maith, a bhfuil an teideal caolchúiseach Crackheads air. Tabharfaidh an leabhar sin deis do McEvoy roinnt spraoi a bheith aige agus a bheith ag cur thairis faoi staid na polaitíochta áitiúla i Nua-Eabhrac sna 1990í.

Cumhacht na scéalta

Rud amháin is gá a rá faoi *Terrible Angel *ná go n-éiríonn leis a bheith ina leabhar atá Éireannach amach is amach, chomh maith le bheith ina leabhar Meiriceánach. Deir McEvoy gur fhoghlaim sé faoi chumacht na scéalta go luath ina shaol óna ghaolta Éireannacha. “Bhí dúil mhór agam i leabhair ó bhí mé an-óg,” a deir McEvoy, a bhí ina chónaí tráth i bparóiste Naomh Brian i Manhattan, agus a d’fhreastail ar an scoil grád áitiúil, sula ndeachaigh sé go hAcadamh La Salle.

“Oícheanta áirithe thagadh deartháireacha m’athar anuas ó na Bronx. Shuíodh siad thart ag insint scéalta. Bhíodh sé go hiontach.” Ní raibh rudaí chomh maith céanna i gcónaí i dtigh McEvoy, mar gur minic a bhíodh troid idir Dermot agus a athair. Mar sin féin, bhí meas i gcónaí ag McEvoy ar rud amháin ag baint lena athair. “Bhí sé ceithre bliana is daichead nuair a tháinig sé go Nua-Eabhrac. Léiríonn sé sin go raibh an-mhisneach aige. Níor réitigh mé féin agus é féin go maith le chéile - ach tá meas agam air ar go leor cúiseanna.”

Ba dhuine de cheithre pháiste déag é athair McEvoy agus d’oibir sé mar dhoirseoir agus mar phluiméir i ngach cúinne de Greenwich Village, ar chomharsanacht den lucht oibre Caitliceach ba mhó a bhí ann ag an am. Chuir na McEvoys (deartháir agus beirt deirfiúr Dermot san áireamh) fúthu sa deireadh ar Charles Street, áit a bhfuil an t-údar ina chónaí fós. “Ní smaoineoinn ar dhul ar imirce go deo,” a deir sé, cé go n-éiríonn leis dul go hÉirinn go minic, chun taighde a dhéanamh nó cuairt a thabhairt ar a theaghlach.

D’fhreastail McEvoy ar Hunter College, áit a raibh litríocht na Breataine mar phríomhábhar aige. Cúis iontais, ag cur san áireamh go raibh an traidisiún ann i bhfad siar ar thaobh a mháthar a bheith gníomhach sna Fíníní agus san IRA. “Ach céard a mhúintear sa chúrsa mar litríocht na Breataine?” a d’fhiafraigh McEvoy. “James Joyce, William Butler Yeats, George Bernard Shaw.”

Deir McEvoy gur éirigh sé tógtha le Michael Collins ar dtús le linn chomóradh caoga bliain Éirí Amach na Cásca i 1966. Sa bhliain sin, cheannaigh sé albam agus leabhar amhrán agus scéalta faoin éirí amach cáiliúil sin. Cé gur dhírigh an t-ábhar sa phacáiste ar Eamon de Valera den chuid is mó, chuaigh dhá ghrianghraf de Collins i bhfeidhm go mór ar McEvoy. Tá sé i mbun taighde gan staonadh ar an Fhear Mór ó shin, agus tá a mheas air tar éis méadú go mór.

“Amharc ar na slíomadóirí ar fad atá mar pholaiteoirí againn i Meiriceá. Anois, tá siad in Éirinn chomh maith. Má bhí solas geal ina riamh, ba é Micheal Collins é - bhí sé crua, bhí sé cliste.” Dúnmharaíodh é fosta, ar ndóigh, de bharr gur tháinig sé ar chomhréiteach leis na Briotanaigh, rud a chruthaigh Éire nua-aimseartha agus an chríochdheighilt. I ndiaidh ceolchoirme tráth, chroith McEvoy lámh de Valera, an fear a mheastar ar mharaigh fórsaí a bhí dílis dó Collins. In ainneoin sin, léiríonn radharc amháin i *Terrible Angel *cén seasamh a ghlacann McEvoy sa scoilt seo idir Collins agus de Valera. Sna Flaithis, sula dtosaíonn a chuid eachtraí i Nua-Eabhrac, cuireann Collins ceist ar a chomhreibiliúnaí, Tom Clarke, cá bhfuil Dev. “Níl de Valera san áit seo,” arsa Clarke.

Tá Tom Deignan ag obair mar eagarthóir agus mar cholúnaí leis an *Irish Voice i Nua-Eabhrac. Is iarléachtóir ollscoile é.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.