Tá an-bhorradh faoi chúrsaí Léann na hÉireann Ollscoil Notre Dame, a bhuíoch sin do Donald Keough a thug suim mhór airgid don institiúid i 1992 chun tús a chur leis an chlár. Labhair Tom Deignan le Keough agus thug cuairt ar an choláiste féin le déanaí.
Cá bhfuil an pobal Éireannach is bríomhaire sna Stáit Aontaithe? Is cinnte go gcaithfí na cathracha móra mar Bhostún, Nua-Eabhrac agus Chicago a lua. Ach, cé go gcuirfeadh sé iontas ar dhaoine, le deich mbliana anuas tá machaireacha fairsinge Indiana tar éis baile a chur ar fáil do cheann de na pobail is gníomhaí agus is ilghnéithí i Meiriceá.
“Is iontach an scéal é,” a deir Brendan Doherty liom. Níl Doherty mar chuid de ghrúpa nua eisimirceach as Éirinn nár tugadh faoi deara cheana féin, a sheachain cathracha móra Mheiriceá le cur fúthu i mbailte mar South Bend sa Mheániarthar. Ba iad sinsear Doherty a chuaigh trasna an Atlantaigh, agus a throid go fada agus go tréan chun áit a bhaint amach sa tsochaí Mheiriceánach. Tá Doherty i measc na gcéadta mac léinn - Éireannaigh, Gaeil-Mheiriceánacha agus daoine nach Éireannnaigh iad - atá ag dul i mbun staidéir go bliantúil in Institiúid Mhic Eochaidh don Léann Éireannach, institiúid de chuid Ollscoil Notre Dame a bhfuil an-iomrá uirthi.
Cé nach bhfuil an institiúid ann ach le haon bhliain déag, tá sí tar éis scoláirí agus mic léinn den scoth a mhealladh, agus tá cáil uirthi ar an dá thaobh den Aigeán Atlantach mar áit atá thar barr ó thaobh scoláireacht na hÉireann de. Tá an-tóir ar an Ghaeilge ach go háirithe anseo.
I ndiaidh mo thurais gluaisteáin dhá uair an chloig as Chicago le déanaí, bhí spéir gheal ghlé - a bhí thar a bheith fairsing - romham nuair a bhain mé South Bend amach. Bhí sneachta ina luí ar an talamh, radharc atá chomh coitianta le páirceanna coirce sa chuid seo de Mheiriceá.
Clár nua
Tosaíonn an scéal a spreag an turas seo i 1992. Ag an am sin, thóg Donald Keough, duine d’fheidhmeannaigh shinsearacha Coca Cola, a shuim sheanbhunaithe i stair agus i gcultúr na hÉireann go leibhéal nua nuair a bhronn sé airgead ar Notre Dame, chun maoiniú a dhéanamh ar chlár nua i réimse Léann na hÉireann.
“Bhí oiread céille leis. Tá stair na hÉireann mórthimpeall ar an áit (Notre Dame) ar fad,” a dúirt Keough liom le gairid, óna oifig ar Fifth Avenue i lár-Manhattan, díreach i ndiaidh dom filleadh ó South Bend. Mar a tharlaíonn sé, is céimí de chuid Ollscoil Creighton é Keough féin, arb as Iowa ó dhúchas é. D’fhás an bhaint a bhí aige le Notre Dame, agus chuaigh an áit i gcion go mór air, tar éis dá chúigear páistí freastal ar an ollscoil. Cé go raibh maoiniú Keough tábhachtach, deir sé: “Bhí gach rud ag brath ar an duine ceart a fháil le dul i mbun na hInstitiúide.”
Bhí Keough ar dhuine den dream a bhí bainteach le hInstitiúid an Léinn Éireannaigh i Notre Dame a chreid gur cheart go dtosódh agus go gcríochnódh a gcuid iarrachtaí chun Ceannasaí a aimsiú leis an scoláire iomráiteach Seamus Deane.
“Labhair mé leis i 1992. Bhí coláistí eile á lorg ... Dúirt mise leis, ‘Féach, níl ach áit amháin ar fiú duit a dhul,’” a chuimhníonn Keough. Chinn Deane ar an phost a thógáil sa deireadh, agus ceapadh é mar Cheannasaí ar an Institiúid.
Chonaic Deane - údar agus eagarthóir roinnt leabhar ceannródaíoch ar stair agus ar litríocht na hÉireann, a d’fhoilsigh úrscéal dar teideal *Reading in the Dark *i 1996 fosta - an ceapachán i Notre Dame mar dhúshlán nua. Na príomhchúraimí a bhí air ná lárghrúpa láidir a chur le chéile le hoibriú sa dámh, agus cur go mór leis an ábhar faoi chúrsaí na hÉireann i leabharlann Notre Dame. Is beag a shíl sé ag an am go gcabhróidh sé sa deireadh leis an Institiúid teacht i dtír ar an tnúthán domhain a bhí ann ar fud Mheiriceá le clár den chineál seo.
“Chuir sé iontas orm chomh gasta is a d’fhás an clár,” a dúirt Deane, ag caint liom ina oifig.
Is breá le Christopher Fox, Stiúrthóir Institiúid an Léinn Éireannaigh, an tsuim atá ag na mic léinn i ngach rud a bhaineann le hÉirinn a léiriú trí scéal a insint faoin Ghaeilge.
“I dtús ama, bhí na húdaráis i Notre Dame amhrasach. Níor chreid siad go mbeadh go leor mac léinn ann do chúrsa amháin Gaeilge, fiú,” a deir sé. Ach chinn siad ar rang amháin a thairiscint, mar sin féin. “Fuair mé glao teileafóin ón chláraitheoir an lá dár gcionn agus dúirt sé, ‘Ní chreidfidh tú é seo.’ Bhí an rang Gaeilge lán. Dúirt mise leo ceann eile a thairiscint. Líonadh é sin in dhá lá.”
An t-earrach seo, tá sé beartaithe ag Notre Dame ar a laghad cúig rang Gaeilge (ag leibhéil éagsúla) a thairiscint.
As gach cearn
Ag úsáid na tóra a bhí ar na ranganna Gaeilge mar bhonn, mhéadaigh an t-éileamh a bhí ar na ranganna agus ar na cláracha a bhí á dtairiscint ag an Institiúid go tapa. Tháinig mic léinn, ar Ghaeil-Mheiriceánaigh iad den chuid is mó, as gach cearn de Mheiriceá ina sluaite chun freastal ar chúrsaí fochéime agus iarchéime i litríocht, stair agus polaitíocht na hÉireann. Ach anois, dar leis na múinteoirí, mic léinn agus lucht riaracháin go meallann na ranganna i Léann na hÉireann daoine as gach cineál cúlra, ina measc iadsan a chinneann ar é a dhéanamh mar mhionábhar, nó ar obair a dhéanamh sa ghort.
I Seimeastar Fómhair na bliana 2002 chláraigh breis is 300 mac léinn do chúrsa éigin de chuid an Léinn Éireannaigh. Tá Brendan Doherty i measc na mac léinn atá ag plé leis an Léann Éireannach mar mhionábhar. Tá sé tar éis a bheith in Éirinn cheana féin mar chuid den chlár, agus tréimhse a chaitheamh i mBaile Átha Cliath mar chuid lárnach den turas.
“Bhí na daoine thar cionn,” a deir Doherty, ag tagairt do na léachtóirí agus don fhoireann eile a dhéanann Clár Staidéir Idirnáisiúnta Notre Dame a reáchtáil as an Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath agus as Coláiste na Tríonóide. Déanann na mic léinn iarchéime obair níos déine arís, le linn na gcúpla seachtain a chaitheann siad sa chathair gach samhradh. Meallann an tréimhse sin in Éirinn, mar aon leis an réimse leathan cúrsaí Éireannacha a thairgíonn Institiúid Mhic Eochaidh, go leor mac léinn fochéime mar Sean O’Brien go Notre Dame.
“An fáth gur theastaigh uaim an clár seo a dhéanamh ná go gcreidim i gcur chuige idirdhisciplíneach,” a dúirt O’Brien, a chaith am agus é in Éirinn ní hamháin i mBaile Átha Cliath, ach i gceantair Ghaeltachta san iarthar, agus i gcathair dheighilte Dhoire.
“Nuair a dhéanann tú an Léann Éireannach (i Notre Dame) bíonn deis agat féachaint ar rudaí i gcúpla slí éagsúil,” a deir sé.
Cé gur seo tionscadal acadúil a bhfuil an-rath air é seo, tá na húdaráis in Institiúid Mhic Eochaidh den tuairim mar sin féin go bhfuil neart oibre le déanamh go fóill. “Níl rudaí ach ina dtús … Nuair a bhíonn rath ar chúrsaí, turas a bhíonn i gceist agus ní ceann scríbe,” a dúirt Keough. Nuair a chuir mé ceist air ar mheas sé go raibh luach a chuid airgid faighte aige ón Institiúid, dúirt Keough: “Tá i bhfad níos mó faighte agam as seo ná mar a chuir mé isteach.”
*Tá Tom Deignan ag obair mar eagarthóir agus mar cholúnaí leis an *Irish Voice i Nua-Eabhrac. Is iarléachtóir ollscoile é.