Fuair Mícheál Ó hAodha blaiseadh breá, bíodh gur brónach, de shaol na Rómáine i scannán le Cristian Mungiu le déanaí, scannán a dhearc isteach i saol na tíre sin sa lá inniu.
»»»Tá Mícheál Ó hAodha ag iarraidh orainn gan dearmad a dhéanamh ar roinnt den aos ealaíne a chuaigh romhainn.
»»»Más gar do dhuine dearadh a chóta is gaire dó ealaín a léine. Shiúil Mícheál Ó hAodha trasna teorainn an dá aicme, aos ealaíne agus aos deartha éadaí, le tuiscint a fháil ar an scéal.
»»»Bhí Mícheál Ó hAodha ag machnamh ar ghnéithe zenúla na scríbhneoireachta a d’eascair as tuairimí William Strunk, tuairimí arbh fhiú do dhuine a leagan roimhe mar mhíreanna treorach, b’fhéidir, i réimsí eile saoil.
»»»Síneann staire na scannánaíochta i bhfad siar ach má mhúch forbairt na haibhléise a lán de na taibhsí, thug forbairt na scannánaíocht cineál fad saoil do na púcaí ar feadh tamaill dar le Mícheál Ó hAodha.
»»»Labhair Mícheál Ó hAodha le ridire mná, Niamh Dunne, a shiúlann bóithre mhór-ranna an domhain mar bhall den bhuíon aitheanta oilte Beoga.
»»»Bhí Mícheál Ó hAodha ag faire ar údarás crua an stáit: ollmharú na sluaite agus ag coigistiú chuige féin saothar cinniúnach i saol duine ‘ar son na hoidhreachta coitinne’.
»»»Bhí Mícheál Ó hAodha ag iniúchadh scéal Cheiro, B’le Átha Cliathach, fáidh fir a raibh cumas cainte agus teacht i láthair ann agus fear a dhéanamh cat is dhá ruball air.
»»»Tá Mícheál Ó hAodha an-tógtha le leabhar mór téagartha a d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht anuraidh. Ní toirt eolais go dtí é.
»»»Chaith Mícheál Ó hAodha súil ar an dóigh a shiúlann aigne lucht déanta scannán ár linne, Michael Haneke, na deartháireacha Dardenne agus mórán nach iad, i leabhar le Dara Waldron, Cinema and Evil: Moral Complexities and the Dangerous Film.
»»»Bhí Mícheál Ó hAodha ag léamh leabhar staire de chuid ár linne féin ar na mallaibh. Is é a thuairim go mbeidh an saothar seo mar lámhleabhar ag lucht staire go leor amach anseo.
»»»Chuir Mícheál Ó hAodha suim i leabhar, Pauper Limerick, a léirigh scéal daoine nach bhfaca mórán sa saol ach cruatain agus drochíde.
»»»Tuilleadh gáire a theastaíonn, dar le Mícheál Ó hAodha. Tá sé saor in aisce agus ní fios an leas a dhéanann sé do shláinte agus do réimsí eile i saol an duine.
»»»Tá Mícheál Ó hAodha den bharúil go bhfuil lagar ar réimeas al-Assad na Siria, ach go bhfuil cúinsí an taoibh sin domhain ag imirt tionchair ar an scéal i rith an ama.
»»»I ngan fhios don saol is fearr a bheith ann in amanna. Bhí Mícheál Ó hAodha ag amharc ar an tsiocair gur fearr le creidimh sní faoin talamh scaití.
»»»Chuir Mícheál Ó hAodha spéis i scéal fir as ceantar Thrá Lí a raibh lámh aige i gcinniúint a lán d’Éireannaigh an bháid bháin i leath deiridh an chéid seo caite.
»»»Is ceadmhach d’ainm is do shloinne a athrú i dtíortha an Dlí Choitinn, ní a thug ábhar machnaimh agus a spreag Mícheál Ó hAodha i mbun cleite an ailt seo.
»»»Tharraing sár-urghairí cúirte agus seanbhlas na liarlóg nuachtáin ar imreoirí sacair aird Mhíchéail Uí Aodha.
»»»Measann Mícheál Ó hAodha gurbh fhearr a mhairfeadh na daoine ar scath a chéile nár faoi scáth an ainm chleite i ré seo na hoscailteachta.
»»»Tá Mícheál Ó hAodha ag súil go mór le scannán atá bunaithe ar úrscéal Jack Kerouac On the Road a fheiceáil ar an scáileán go luath.
»»»Is spéis le Mícheál Ó hAodha fear a bhí i lár shaol nualitríochta agus ceoil na Stát Aontaithe agus a d’fhág a rian ar scríbneoirí ar nós Allen Gisberg, Jack Kerouac, Bob Dylan agus eile, agus ar a saothair.
»»»Déanann Mícheál Ó hAodha trácht ar leabhair sa dara halt faoin Lucht Siúil, leabhair a scríobh roinnt den Lucht Siúil iad féin.
»»»Caitheann Mícheál Ó hAodha súil sa chéad cheann seo de dhá alt, ar shaol nár bhlaiseamarna de mar dhílseánaigh socraithe, saol atá ag athrú as éadan, saol an Lucht Siúil.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.