AR NA SAOLTA SEO
Ní Bhítear mar a Shloinntear
Mícheál Ó hAodha Mícheál Ó hAodha

Is ceadmhach d’ainm is do shloinne a athrú i dtíortha an Dlí Choitinn, ní a thug ábhar machnaimh agus a spreag Mícheál Ó hAodha i mbun cleite an ailt seo.

Íomhá
An Mac Rí
(le Nicogenin ar Flickr)
Íomhá
Mark Twain
(le Mathew Brady ar Vicipéid)
Íomhá
Uaigh an tsaoi file Hafez i Shiraz
(le Amir Hussain Zolfaghary ar Vicipéid)
Íomhá
George Orwell
(leis an NUJ ar Vicipéid)

Sheinn an ceoltóir agus popamhránaí Prince i mBaile Átha Cliath i mí Mi Iuil seo caite. Bhí an cheolchoirm seo mar chuid dá chamchuairt dhomhanda nua. Is cosúil go bhfuil go leor de na daoine bhí ar scor le tamall anuas ar tí filleadh ar obair go luath, sean-phopcheoltóirí ar nós na Jets, agus Adam Ant ina measc. B’fhéidir go bhfuil baint aige seo leis na deacrachtaí i ngeilleagar an domhain atá ár gcrá i láthair na huaire?

Níl mé cinnte an ceart dom Prince a thabhairt ar a mhórgacht. Ar aon nós, is ealaíontóir é a d’athraigh a ainm ardáin go minic roimhe seo, beagnach chomh minic agus a d’athraigh sé a réimse leathan gutha nó a chultacha gáifeacha. Níl sé ró-éasca an Prionsa a aicmiú ó thaobh an cheoil de ach an oiread. Tá ar a chumas an t-uafás gléasanna ceoil a sheinm agus tá meascán de R&B, anamcheol, func, cnag, gormacha, Tonn Nua, dioscó, ceol tíre, snagcheol agus popcheol le haireachtáil ar na díolamaí éagsúla, deich gcinn acu, a d’eisigh sé laistigh de scór bliain anuas. Ó thaobh íomhá de, bhí tréimhse ann nuair a dúirt sé leis na meáin gan Prince a thabhairt air a thuilleadh. Bhaist sé é féin le hainm (nó meirge) aisteach dofhuaimnithe éigin cúpla bliain ó shin, rud a thug ar na meáin tagairt dó go minic mar “The Artist Formerly Known as Prince” nó “TAFKAP”, (nó “The Artist”).

Ní Lia Scríbhneoir ná Ainm

Is duine é an Prionsa a thuigeann cúrsaí poiblíochta ár linne níos fearr ná mórán eile. Ar ndóigh, tá nósmhaireacht seo na n-ainmneacha ardáin, na leasainmneacha agus na n-ainmneacha cleite ann le fada. Ba mhinic ainmneacha cleite ag na filí Gaelacha fadó. Mar an gcéanna le scríbhneoirí na Gaeilge anuas go dtínár linn féin, An Gabha Gaelach, Biddy Jenkinson agus mar sin de. Bhí a bhfáthanna féin leis an nósmhaireacht sin ar ndóigh. Ní hé go raibh paranóia de shaghas éigin ag cur as don “Chraoibhín Aoibhinn”, do “Mháire”, ná don “Seabhac”. Ba nós seanda é nós na n-ainmneacha cleite, nós a bhí go forleathan i measc scríbhneoirí an domhain thiar agus thoir.

Nom de plume a bhaist na Francaigh ar an gcoinbhinsiún liteartha seo, coinbhinsiún a d’úsáid mórán scríbhneoirí agus ealaíontóirí thar na blianta. Ba mhinic mar sciath chosanta ag ealaíontóirí áirithe é. Thug sé deis dóibh triail a bhaint as réimsí eile ealaíne nó stileanna nua nach raibh baint acu leo roimhe sin.

Ar uairibh, d’úsáidfi an nom de plume chun fioraitheantas an scríbhneora nó an ealaíontóra a cheilt. Slí ab ea é chun díoltas a sheachaint nó chun margaíocht níos cliste a dhéanamh ar shaothar nua. B’fhéidir gur shábháil na hainmneacha cleite mórán ealaíontóirí ón gcroch síos trí na blianta.

Tá cultúir áirithe ann, áfach, agus is gnáthrud é ainmneacha cleite a úsáid, na daoine sin a dtugtar “shâ’er” orthu i gcultúr an Mheán-Oirthir, na filí Urdúise agus Peirseacha, fágaim. Is aoibhinn le mórán léitheoirí filíochta dánta an mhórfhile Hafez, ach níorbh é Hafez/Hafiz fiorainm an fhir seo. Aimn cleite a bhí ann in ionad an ainm Shams al-Din. Sa luathlitríocht Indiach, ba eisceacht é an file a chuirfeadh a ainm le dán nua; gníomh mustrach a bheadh ann d’ainm féin a lua le dán, fiú más tusa a scríobh. Ahmed Hulusi ár linne féin, as an Tuirc, ba leabhair gan ainm údair agus gan grianghraf údair a chéad cheithre leabhar.

Ní Lia Scríbhneoir ná Ábhar Ainm

San Iarthar, is minic a d’úsáid údair ainmneacha cleite chun tuilleadh airgid a shaothrú, go mór mór nuair a bhí billí le híoc, an saineolaí áirimh Charles Dodgson a scríobh scéalta fantasaíochta faoin ainm cleite Lewis Carroll, abair. An rud céanna i gcás Samuel Langhorne Clemens a raibh na hainmneacha cleite “Mark Twain” agus “Sieur Louis de Conte” ar bharr a phinn aige.

Is ábhar suntais é gur scríobh Clemens Cuimhní Cinn Pearsanta Jean d’Arc faoi ainm na mná rialta sin. Oireann na hainmeacha cleite do na húdair bhisiúla sin a bhfuil fuadar chun gnímh fúthu. Agus é ag tosú ar bhóthar na scríbhneoireachta lánaimseartha, d’fhoilsigh rí na n-údar uafáis, Stephen King, ceithre úrscéal faoin ainm Richard Bachman. Bhraith sé nach mbeadh glacadh ag an bpobal léitheoireachta le níos mó ná úrscéal amháin in aghaidh na bliana ó scríbhneoir úr anaithnid.

Bhí faitíos ar C. S. Lewis roimh bhreithiúnas “ardnósach” a chomhghleacaithe acadúla ina ionad oibre, Ollscoil Oxford, agus bhí dhá ainm bhréige á n-úsáid aige dá shaothar cruthaitheach dá bharr sin. An scéal céanna i gcás Eric Blair nó George Orwell mar ab fhearr aithne air, fear a ghnóthaigh cáil dhomhanda leis an dá leabhar chlúiteacha Animal Farm agus Nineteen Eighty Four. Ní raibh leisce ar scríbhneoirí mná ainmneacha na bhfear a thógáil dóibh féin chun cúrsaí foilsitheoireachta a éascú dóibh. B’iad na hainmeacha Currer, Ellis agus Acton Bell na hinmneacha cleite a bhí ag Charlotte, Emily agus Anne Bronte faoi seach, bíodh gur Prunty (< Ó Proinntigh, a chiallaigh ‘an duine fial flaithiúil’) ab ea bunús sloinne an athar, Éireannach, ach scéal eile é sin).

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.