AR NA SAOLTA SEO
Más Fíor Bréag
Mícheál Ó hAodha Mícheál Ó hAodha

Tharraing sár-urghairí cúirte agus seanbhlas na liarlóg nuachtáin ar imreoirí sacair aird Mhíchéail Uí Aodha.

Íomhá
Coleen, bean Wayne Rooney
(le Maarten ar Flickr.com)
Íomhá
Wayne Rooney
(le Gordon Flood ar Flickr.com)
Íomhá
John Terry
(le Paul Blank, Postproduktie.nl ar Vicipéid)
Íomhá
Steven Gerrard
(le Nigel Wilson ar Flickr.com)

Bhí an t-imreoir sacair John Terry i mbéal an phobail arís ar na mallaibh. Cuireadh ina leith gur thug sé íde béil chiníoch d’imreoir sacair eile agus iad mbun imeartha. Tá ceist an chiníochais mar a bhaineann sé le cúrsaí spóirt ina ábhar imris arís. Do bhuachaillí agus do chailíní óga na linne seo is minic gurb iad laochra spóirt agus popcheoil na sárlaochra atá acu. Iad siúd a bhfuil spéis acu i ngnóthaí sacair, fágaim, tá cuimhne mhaith acu ar an eachtra aighnis eile a bhain le John Terry. Sea, tá cuid de lucht tacaíochta sacair na tíre seo a deir go mba chuma leo, más fíor dóibh féin é, conas a d’éirigh leis na Sasanaigh sa Chorn Domhanda deiridh san Afraic Theas. Ní gá na sonraí suaracha a chíoradh arís ach chun an scéal a ghiortú, seo mar a tharla. Díreach roimh fhágáil na tíre dóibh – le himirt sa Chorn Domhanda sacair (2010) – cuireadh i leith Terry go mba fhear mór ban é agus go raibh caidreamh seachphósta aige le mainicín fo-éadaí ‘aitheanta’ éigin. Bhí an scéal ar na liarlóga nuachta ar feadh cúpla seachtain. Rinne siad an t-uafás airgid as, na nuachtáin chéanna. Cé gur chuir bainisteoir Shasana – Fabio Capello – a chuid buíonta i bhfolach i gcampa traenála amuigh faoin tuaith chomh luath agus a thuirling an t-eitleán san Afraic Theas, choinnigh na meáin chumarsáide an scéal ag rith níos faide fiu ná mar d’éirigh leis na nuachtáin bhaothamaideacha sin.

An rud a chuir an lasair sa bharrach ná gur baineadh feidhm an cheannaire de Terry agus tugadh suaitheantas an chaptaein do Steven Gerrard, Learphollach, fear atá sách ciúin ann féin agus nach raibh an tóir chéanna aige ar an bpoiblíocht agus a bhí ag Terry. Dúradh go raibh scoilt i gcampa na Sasanach cé gur shéan formhór na n-imreoirí an méid sin. Ainneoin iarrachtaí Capello chun an fhoireann a chosaint ar na meáin, bhí an t-uafás raflaí á mbíogáil ar twitter agus ar láithreáin líonraithe shóisialta den chineál sin. Bhí na liarlóga agus na comhairleoirí meáin chumarsáide i lár an aonaigh. Dúradh go raibh scoilt idir mhóruaisle an airgid, lucht rachmais sacair Londain, agus na himreoirí toisc go mba tuaisceartaigh iad – na Scouséirigh, na Geordigh, na Manchanaigh agus mar sin de.

Ag Ceapadh agus ag Tiomáint Scéalta

D’eagraigh Terry preasagallamh ag am amháin inar labhair sé mar a bheadh sé fós i gceannas ar an bhfoireann. Dúradh go raibh na “wags” (mná céile agus cailíní na n-imreoirí) ag cothú mioscaise sa chúlra, go raibh teannas idir Terry agus Gerrard agus go raibh an ghabháil a rinne Terry ar Gerrard ar an bpáirc traenála thar cailc ar fad. D’fhan Gerrard dílis don bhainisteoir, áfach. Níor eagraigh sé preasagallamh. Ní raibh sé ag giolcaireacht faoin scéal. Ní dúirt sé faic. Chun cúrsaí a dhéanamh níos measa, bhí a chuid fadhbanna féin ag duine de laochra Shasana, Wayne Rooney, an fear óg de bhunadh na hÉireann; bhí sé gortaithe agus bhí fadhbanna pearsanta dá chuid féin aige siúd chomh maith. Lucht twitter ag léamh mar gheall orthu. Bhí an bainisteoir, Capello, go mór ar buile le Terry, ní nach ionadh. Caithfidh go raibh an fear bocht trína chéile. Ní mar seo – amuigh sa chibearspás agus trí na meáin – a rinne na hIodálaigh réiteach ar chúrsaí príobháideacha (go háirithe cúrsaí grá agus drúise).

Buaileadh Sasana go dona sa chluiche deiridh a bhí acu agus abhaile leo. Dúradh go mbeadh imreoirí áirithe ag sceitheadh faoin méid a tharla as champa traenála sin. Ní dúirt Gerrard faic. Cad ba chúis leis an anord seo go léir? Ní le cúrsaí peile a bhain sé – tá sé sin cinnte. Is cosúil gur sár-urghaire nó superinjunction ba bhun leis an scliúchas. Lorg Terry sár-urghaire chun an scéal faoin gcaidreamh seachphósta a cheilt ach dhiúltaigh an breitheamh dó. Bhí Terry ar buile mar bhí a fhios aige go raibh a leithéid ceadaithe cheana i gcás imreoirí spóirt agus pearsana poiblí eile nach iad. Caithfidh nár thaitin fear oirthear Londan leis an mbreitheamh ar údar éigin!

Is Binn Béal

I ndeireadh na dála, d’éirigh go maith leis na Sasanaigh sa chomórtas Corn Domhanda deireanach sin – fuaireadar áit níos fearr ná mar a bhí tuillte acu – nuair a chuirtear san áireamh na fadhbanna móra a bhí acu ar an bpáirc imeartha agus lasmuigh di. Bhí acu rinne na Gearmánaigh scrios iomlán ar Terry agus ar na cosantóirí eile sa chluiche deiridh, laistigh de dheich nóiméad. Bhí an cluiche thart roimh leath ama.

Thug na nuachtáin Ghearmánacha marcanna as a deich do na himreoirí Sasanacha an lá dár gcionn. Níor éirigh go rómhaith lena bhformhór acu ach ba é captaen na foirne an t-aon imreoir a fuair a hocht as a deich. Níor dúirt Gerrard faic.

Bhí Sasana curtha abhaile go maolchluasach ó mhórchomórtas domhanda eile. Agus bhí ré nua ar an tairsigh. Bhain Terry leis an gcéad ghlúin de na réaltaí spóirt sin a bhí lánsásta modhanna poiblíochta na meán cumarsáide nua-aimseartha – giolcaireacht san áireamh - a úsáid chun margaíocht a dhéanamh orthu féin agus chun iad féin a chur chun cinn ar bhonn rialta. Ach nuair a d’oir sé dó, rinne sé iarracht na gléasanna nua cumarsáide céanna sin a mhúchadh. Tá lucht an bhéadáin scaipthe fud fad na cruinne anois a bhuíochas leis na twitterati. Is féidir eolas, bíodh sé fíor nó bréagach, a scaipeadh ar luas lasrach. Tá lucht an bhéadáin ag dul i líonmhaire agus tá an sraidbhaile domhanda ag éirí níos lú.

Is cosúil gur ainmnigh lucht béadáin an idirlín peileadóir eile le déanaí: is é a dúradh faoi go raibh sé ag imirt as baile. Ach scaipeadh an t-eolas mícheart. Cuireadh na líomhaintí sin i leith an pheileadóra mhíchirt. Cad faoi chlann an fhir seo? Cad faoin duine féin a ainmníodh? “Is binn béal ina thost” a d’fhoghlaimíomar ar scoil blianta ó shin. Cé déarfas nach bhfuil lomlán na fírinne sa seanfhocal sin i gcónaí.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.