AR NA SAOLTA SEO
An Lucht Siúil
Mícheál Ó hAodha Mícheál Ó hAodha

Caitheann Mícheál Ó hAodha súil sa chéad cheann seo de dhá alt, ar shaol nár bhlaiseamarna de mar dhílseánaigh socraithe, saol atá ag athrú as éadan, saol an Lucht Siúil.

Íomhá
Martin Jingos Ward lena bhean Ellen Collins
as Maigh Eo
Íomhá
Ag Tórramh Pat the Mun Ward ar Bhóthar Mór na Gaillimhe 1955
Íomhá
'Galway John' Ward, a bhean Biddy lena mbeirt iníonacha
Íomhá
Clann Mhic an Bháird, Martin, Pat, Edward agus Bridget 1

We are a different people - Is pobal ar leith muidne – (Nan Joyce, údar Traveller (Farmar Publishing 1985)

Nuair a phléitear litríocht na Gaeilge sa lá atá inniu ann is minic an ‘t-imeallachas’ á lua léi. Imeallachas na scríbhneoirí, imeallachas an ghutha Ghaelaigh, imeallachas na Gaeilge agus cé déarfadh nach mionlach i gcónaí sinn in Éirinn na linne. Go deimhin, is ábhar spéise an méid saothair chriticiúla a chíorann litríocht na hÉireann sa naoú haois déag agus san fhichiú haois agus nach dtagraíonn don Ghaeilge ar chor ar bith.

Bhí aicmí eile in Éirinn agus ar tugadh neamhaird orthu freisin, ar ndóigh, ó thaobh na staire de, an Lucht Siúil ina measc. Áirítear 35,000 míle duine ina measc sna 26 Contae agus tá os cionn 7,000 duine a bhfuil cónaí orthu sna Sé Contae. Is cosúil go bhfuil scaipeadh mór na míonéan den Lucht Siúil ar fud na cruinne – sa Bhreatain, ar mhór-roinn na hEorpa agus i Meiriceá Thuaidh ach go háirithe.

Ó thaobh na litríochta de, is féidir mionlach an Lucht Siúil a áireamh i measc na ndreamanna ‘Eile’ sin. Tá siad ‘difriúil’ ar mhodh éigin nach ndéantar soiléiriú ceart air riamh. Tá an Eachtarthachtan Eileacht sina raibh an méid sin dúile ag intleachtóirí na Fraince inti - le sonrú leo.

Ba liosta le háireamh na scribhneoirí a d’úsáid carachtair ón Lucht Siúil ina gcuid scéalta agus drámaí. Ina measc tá Synge, Yeats, Pádraic Ó Conaire, James Stephens, Liam Ó Flaithearta, John B. Keane, Bryan MacMahon, Jennifer Johnston, Richard Murphy, Ken Bruen agus Moya Carr - agus níl ansin ach liosta beag.

An FhírinneCruinneas Áirithe

Cé gur chuir an iliomad scribhneoirí idir scribhneoirí Gaeilge agus Béarla spéis iontu i gcaitheamh na mblianta is beag leabhar a bhfuil léargas réalaíoch déanta ar an mionlach seo iontu, léargas a bhfuil fírinne nó cruinneas áirithe ag baint leis – (is eisceachtaí anseo iad an léargas a thugann Pádraic Ó Conaire ar Lucht Siúil na Seónna Taistil in Deoraíocht agus an dream ar tugadh na ‘tincéirí’ uair amháin orthu sa nóibhille Eitleán le Seán MacMathúna).

Go hiondúil is trí dhearcadh an díláraithe, a léirítear iad. Is carachtair imeallacha iad, daoine a thagann is a imíonn ón ollinsint nó ón ‘master-narrative’ mar a thugtar air sa Bhéarla. Níos minice ná a chéile, is carachtair neamhghníomhacha iad. Is ann ach ní hann dóibh ag an am gcéanna. An rud a cheanglaíonn na scríbhneoirí Béarla thuasluaite ná go mbunaíonn a bhformhór acu na carachtair ón Lucht Siúil ar allagar réamhbhunaithe, allagar foirmleach, réamhluaite a bhfuil athrá agus athdhéanamh déanta air ó ghlúin litríochta amháin go glúin eile. De réir na foirmle seo, is dream imeallach sa scéal iad an Lucht Siúil, dream nach ndéantar mórán forbartha pearsanta orthu ó thaobh carachtair de. Más ar éigean féin a dhéantar tagairt dóibh, is de réir chúinsí na foirmle i gcónaí é, an t-eolas réamhluaite nó ‘inherited knowledge’ nó ‘epistemes’ mar a thugann criticeoirí ar nós Foucault orthu. Is iondúil gur íomhánna an-ghinearálta, íomhánna comhordanáithe a úsáidtear chun léiriú a dhéanamh ar an Lucht Siúil. Spéisiúil go maith, is minic gur macasamhala iad desna híomhánna diúltacha céanna a ceanglaíodh leis na Gaeil in imeacht na gcéadta bliain anuas.

Priompallán an Chéiteannaigh sa Chac Bó Arís

Nuair a áirítear lena chéile iad, is athreic iad de na seanmhúnlaí maslacha a thiomsaigh leithéidí Giraldus Cambrensis i gcoinne na nGael chomh fada siar leis an dara haois déag – Na Gaeil – (nó sa chás seo na Gaeil ar de bhunadh an Lucht Siúil iad) mar dhream a bhfuil fírinne na steiréitíopaí seo le sonrú orthu – an mhímhacántacht, an t-ól, an foréigean, easpa dílseachta (ach amháin dá ‘dtreibh’ féin), lorg deirce, an leisciúlacht, an scéalaí, an díbeartach, an trodaí agus mar sin de. Seo an ‘colonial Irishman’ nó ‘Stage Irishman’ go bhfuil daigniú déanta air san fho-chomhfhios Briotnach, Angla-Mheiriceánach agus Éireannach, faraor, le cianta. Tá oidhreacht fhada ag an allagar seanchaite seo, ar ndóigh. Is allagar é a cuireadh chun cinn chun tograí uafáis agus díchultúrú an choilíneachais a chosaint. Ba leithscéal iad na tréithe ‘Gaelacha’ seo chun an coilíneachas a ‘cheadú’. Is allagar é a bhain le cumhacht a chur i bhfeidhm, cumhacht síceach agus fisiceach a bhfuil easpa cothromaíochta agus an leatrom le sonrú ann. Mar a dúirt Foucault uair amháin agus é ag tagairt do chúrsaí cumhachta sa tsochaí nua-aimseartha iarchoilíneach seo:

Chaque société a son régime de vérité, sa ‘politique générale’ de la vérité: c’est-à-dire, les types de discours qu’elle accueille et fait fonctionner comme vrais (Tá a réimeas féin den fhírinne ag gach sochaí ar leith, a cuid ‘polaitíochta ginearálta’ den fhírinne – is é sin, na cineálacha allagar a nglactar leo agus a chuirtear i bhfeidhm mar fhírinne…)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.