Measann Mícheál Ó hAodha gurbh fhearr a mhairfeadh na daoine ar scath a chéile nár faoi scáth an ainm chleite i ré seo na hoscailteachta.
Tá cónaí orainn i ndomhan ina bhfuil ceist an ionannais á ríomh ar bhonn laethúil. Ionannas cultúir, ionannas náisiúnta, ionannas teanga, ionannas inscne, fiú ionannas pearsanta, an DNA san áireamh. B’fhéidir go raibh sé i gcónaí amhlaidh. Cé go dtaitníonn an riaradh ionannais agus an síor-idirdhealú seo go mór le daoine áirithe – an lucht acadúil fágaim – tá a thuilleadh atá amhrasach ina thaobh.
An bhfuil an ceart acu, meas tú? Ar ndóigh, bhí baint nach beag ag cúrsaí ionannais – ionannas cine agus cultúrtha – leis na heachtraí ba bharbartha a tharla le linn an fhichiú haois agus arís ar na mallaibh – na mórshléachtanna a mharaigh na milliúin daoine san Uileloscadh, gan trácht ar Ruanda agus ar Bhoisnia.
Nuair a tháinig an t-idirlíon ar an saol, suas is anuas le fiche bliain ó shin, dúirt daoine áirithe go dtarraingeodh sé an cine daonna le chéile ar shlí úrnua – rud atá fíor go pointe is dócha. Dúradh freisin, áfach, go mbeadh deiseanna nua cumarsáide agus idirbheartaíochta againn agus nach gcuirfeadh siad isteach ar ár bhféiniúlacht dhaonna, ná ar ár bpríobháid phearsanta. Is trua le rá, ach má bhíonn tú ag plé leis na meáin shóisialta nua éagsúla sa lá atá inniu ann - twitter, facebook agus a leithéidí sin - tá ceist na príobháide pearsanta ar bharr an liosta.
Cloismid mar gheall ar “ghadaíocht aitheantais” agus bíonn orainn ár gcuid sonraí pearsanta agus focal faire a athrú go rialta ar mhaithe le príobháid. I gcás leanaí agus déagóirí deir na saineolaithe gur cheart dóibh a bheith an-chúramach agus iad istigh ar an idirlíon. Tá slua contúirteach daoine ar an idirlíon - péidifiligh san áireamh. Tá an t-idirlíon breac le pornagrafaíocht agus bíonn maistíneacht agus caitheamh anuas ar a chéile ag tarlú ar na meáin sóisialta freisin, is léir anois.
Greim Luchóige
Ar ais arís go dtí ceisteanna an ionannais. Iad siúd atá ar an eolas, deir siad go bhfuil caimiléireacht chibearspáis coitianta go maith ach go ndéantar na bainc a robáil anois ní leis na lámhghunnaí ach leis na “luchóigíní” beaga láimhe sin agus le ríomhairí glúine. Bíonn na bithiúnaigh ina suí in íoslach beag dorcha éigin “amuigh ansin” – ní áirím na toicithe ramhra a bhí ag tochras ar a gceirtlín féin laistigh de na boghtaí bainc in Éirinn le blianta beaga anuas! Is minic a ghoidtear airgead trí ainmneacha agus pasfhocail daoine eile a sciobadh uathu. Is minic nach léir cé a scríobh an comhartha bainc. An rud céanna le blaganna suainseáin agus blaganna a phléann le saol pearsanta na gceiliúrán. Agus cad faoi na coluín tuairimíochta sna nuachtáin agus an t-aischothú a leanann iad inar féidir le duine anaithnid breithiúnas a thabhairt ar an scríbhneoir agus ar an alt.
Caithfear an cheist a chur. An féidir díospóireacht oscailte a bheith againn i ndáiríre – go háirithe ar na hábhair sin a bhfuil tuairimí láidre ag daoine orthu. Baineann na ceisteanna sin go minic, in Éirinn, le cúrsaí airgeadais, freagracht phearsanta, oidhreacht na nEaglaisí difiriúla, an stair agus an pholaitíocht, iad go léir fite fuaite ina chéile.
I ré nua na hoscailteachta seo bímidne, Gaeil, ag ligean orainn go minic go bhfuilimid sásta gach ábhar, is cuma cé chomh casta nó chomh dorcha agus atá sé, a chíoradh go hoscailte os comhair an tsaoil mhóir. Tá gach rud ar an mbord. Nach é sin a deirtear? Ach cé a mhúnlaíonn an tuairimíocht choiteann?
Nach mbeadh díospóireacht phoiblí níos fearr againn dá mbeadh ainmneacha na “n-imreoirí” ar eolas ag cách? Nach mbeadh cur agus cúiteamh i bhfad níos macánta agus níos cuimsithí againn dá bharr? Dá mbeadh gach éinne “sofheicthe” nach ndéanfadh sé cúrsaí i bhfad níos sibhialta ná mar atá i láthair na huaire? An fearr leis an bhformhór againn a bheith ag ag plé le “fíordhaoine” agus le féiniúlacht sho-aitheanta leanúnach nó an é go bhfuil an mheatacht go forleathan inár measc i gcónaí?
Chomh Sean leis na Cnoic
Ní rud nua é an cur i gcéill agus an chleasaíocht seo i dtaobh cúrsaí ionannais agus ainmneacha ar ndóigh. Tá cultúr an Iarthair, an cultúr Gaelach san áireamh, breac le samplaí den solúbthacht aitheantais chéanna. Bhain an t-ilchruthach nó an shape shifter le fabhascéalta agus le piseoga na nGael riamh anall.
Tá úrscéalta agus scannáin thaitneamhacha bunaithe ar a leithéid. Cad faoi Catch Me If You Can, an scannán Meiriceánach sin atá bunaithe ar shaol Frank Abagnale Jr., cleasaí a ghlac aitheantais dhifriúla chuige féin agus é ag taisteal na spéartha? Bhí an fear óg sin chomh maith mar aisteoir go ndearna sé sciob sceab ar na milliúin dollair agus é fós ina dhéagóir. Lig sé air féin go mba phíolóta aerlíne Pan Am é, go mba dhochtúir leighis é, go mba abhcóide é – i measc gairmeacha beatha eile. Bhí sé chomh hoilte sin – go háirithe ó thaobh seiceanna bréagacha a chruthú de – gur thug an FBI post dó sa deireadh.
An rud céanna sa scéal Harry Potter and the Goblet of Fire, scéal ina ngoideann Barty Crouch Jr. aitheantas pearsanta Mad-Eye Moody trí asarlaíocht éigin. In úrscéal eile dar teideal The Talented Mr. Ripley a scríobhadh in 1955, ligeann Ripley air féin go mba é féin Greenleaf cé go bhfuil sé tar éis Greenleaf bocht a dhunmharú.
Seans go bhfuil an cur agus cúiteamh ar chúrsaí ionannais agus aitheantais chomh seanda leis na cnoic. Deirtear go bhfuil Gianni Schicchi, ceoldráma le Puccini, bunaithe ar thagairt don Inferno, an chéad chuid den eipic Divina Commedia a scríobh Dante sa cheathrú haois déag. Tá carachtar ann “a athraíonn a scéal” agus a ligeann air féin gurb é atá ann i ndáiríre ná fear atá básaithe. Cén fáth an cur i gcéill seo? Ba mhaith leis uacht agus comharbas an fhir mhairbh a bheith aige dó féin. Mar a deir na Francaigh – “plus ca change, plus cést la meme chose”!