Bhí Mícheál Ó hAodha ag faire ar údarás crua an stáit: ollmharú na sluaite agus ag coigistiú chuige féin saothar cinniúnach i saol duine ‘ar son na hoidhreachta coitinne’.
Tá ceist an chinedhíothaithe agus na coireanna cogaidh a leanann í sa nuacht arís. Ba i gcroílár na hEorpa a rinneadh an iarracht mhór seo - an tUileloscadh - ar chinedhíothú a dhéanamh. Uaireanta, déanaimid dearmad air sin.
Tá macallaí ó ré sin an uafáis le cloisteáil i gcónaí. Tagann díospóireachtaí stairiúla ar ghnéithe éagsúla den Uileloscadh chun solais ó am go chéile. Sa lá atá inniu ann, baineann cuid mhór de na conspóidí sin le ceisteanna freagrachta agus leis an méid cabhrach a thug dreamanna nár cuireadh chun báis do dhaoine eile.
Cé leis an ealaín a cruthaíodh sna campaí báis i ré na Naitsithe, ealaín a chruthaigh na cimí faoi éigeantas go minic. Mar a shamhlófá tá na díospóireachtaí seo bríomhar go maith sa Ghearmáin agus sna tíortha Oirthearacha sin a bhí san Aontas Sóivéadach tráth.
Cé leis iad? Cén áit is ceart na hoibreacha ealaíne ón ré Naitsíoch a choinneáil nó an ceart iad a chaomhnú nó a thaispeáint go poiblí ar chor ar bith? Ar ndóigh, is ceist chonspóideach eile í an bunús a bhí le saothar ealaíne áirithe agus cé leo anois iad – go mór mór i gcás na míreanna sin a goideadh ó na Giúdaigh agus ó mhionlaigh eile agus atá i seilbh daoine eile anois.
Bhí tuiscint an-mhaith ag na Naitsithe ar chumhacht na healaíne agus ar an luach bolscaireachta a ghabhann léi. I measc na n-ealaíontóirí cáiliúla a cuireadh ag obair ar bhonn éigeantach bhí péintéirí mór le rá, Fernand Van Horen, Moshe Rynecki, Joseph Nassy agus Karl Stojka ina measc.
Saothar Dina Gottliebova
Tharraing cás ealaíontóra Mheiriceánaigh amháin Dina Gottliebova (Babbitt) – (bhí Gottliebova pósta ar chartúnaí mór le rá darbh ainm Art Babbit sula scaradar), tharraing an cás sin aird ar na ceisteanna casta seo ní fada ó shin nuair a d’iarr sí ar Iarsmalann Auschswitz cúpla pictiúr a tharraing sí nuair a bhí sí faoi ghlas ansin a thabhairt ar ais di. Dhiúltaigh an Iarsmalann di agus lean conspóid an cinneadh sin ar feadh i bhfad ina dhiaidh sin. Bhí scéal Dina Gottliebova eisceachtúil go maith. Ba dhéagóir naoi mbliana déag d’aois í nuair a gabhadh í féin agus a máthair ag na Naitsithe. Cosúil le go leor Giúdach eile cuireadh go campa Auschwitz-Birkenau an bheirt acu agus b’ansin a bhuail siad leis an duine sin ar tugadh “aingeal an bháis” air – is é sin Josef Mengele.
Bhí Mengele i mbun a chuid turgnamh aisteach leighis ag an tráth sin, turgnaimh a bhí bunaithe ar mheascán de theoiricí áiféiseacha ciníocha a bhí coitianta i measc “intleachtóirí” áirithe ag an am. Bhí dul chun cinn na grianghrafadóireachta ag pointe an-luath faoi seo agus ní raibh teacht fós ar fhormhór na dteicnící nua-aimseartha atá in úsáid sa lá atá inniu ann – go mór mór na teicnící sin a bhaineann leis an ngrianghrafadóireacht dhaite. Theastaigh portráidí de na Giofóga (na Roma) ó Mhengele agus ní raibh sé sásta go raibh an córas grianghrafadóireachta dubh agus bán sách maith dá thurgnaimh aisteacha. (Ní gá na turgnaimh urghráiniúla a rinne sé ar na Giúdaigh agus ar na Roma a ríomh anseo – is leor a rá go ndearna sé iad ar an ngin gan bhreith agus ar dhaoine beo.
D’fhéach na Naitsithe ar na Giofóga – agus ar aicmí “imeallacha” eile – mar chiní “truaillithe” nó “azocialen, neacha fodhaonna nach raibh an bheatha dhaonna “tuillte” acu, is cuma iad a bheith fós sa bhroinn nó iad a bheith tagtha ar an saol. Chuige sin, chuir na Naitsithe tograí aisteacha ar bun chun na tréithe “aitheanta” seo a chlárú sa chaoi is go bhféadfadh siad fáil réidh leis na ciní sin faoi dheireadh.
Gilín Sneachta in Auschwitz-Birkenau
Tar éis do Mengele múrmhaisiú de Gilín Sneachta agus an Seachtar Abhac a rinne Dina Gottliebova ar bhalla an champa a fheiceáil, chuir Mengele iallach uirthi pictiúir eile a dhéanamh.
Léirigh an bhean óg a misneach ag an bpointe sin áfach, mar rinne sí socrú leis an “dochtúir” diabhalta sin. Dhéanfadh sise na portráidí de na Giofóga dá ngeallfadh Mengele nach gcuirfeadh sé Dina féin ná a máthair chun báis. Ghlac Mengele leis an socrú sin, creid é nó ná creid. Níl fágtha ón tréimhse sin anois ach seacht gcinn de na portráidí uiscedhatha a phéinteáil Gottliebova, iad ar fad lonnaithe in Iarsmalann Stáit Auschwitz-Birkenau. B’in croí na conspóide. Dúirt Gottliebova go mba léi bunchearta na bpictiúr sin i gcónaí agus go rabhadar ag teastáil ar ais uaithi.
“Is liomsa na pictiúir sin gan cheist. Baineann siad go dlúth liom, tá m’anam iontu, agus murach na pictiúir sin ní bheinn beo, ní bheadh mo leanaí féin beo ná clann mo chlainne ach an oiread.”
Tháinig Iarsmalann an Stáit ar mhalairt tuairime maidir le ceist na húinéireachta, áfach. Dúirt na húdaráis go mba fianaise thar a bheith tábhachtach iad na pictiúir sin den togra cinedhíothaithe a chuir na Naitsithe i gcrích agus, dá bhri sin, gur gné riachtanach d’oidhreacht chultúrtha an domhain i gcoitinne iad. Dúirt siad gur cruthúnas doiciméadach thar a bheith tábhachtach atá sna pictiúir sin – cruthúnas den Uileloscadh “ceilte” sin a rinneadh ar na mílte íospartach Roma, slad nach bhfuair aitheantas forleathan go fóill. (Fuair Dina Gottliebova bás sa bhliain 2009).