Tá Mícheál Ó hAodha ag iarraidh orainn gan dearmad a dhéanamh ar roinnt den aos ealaíne a chuaigh romhainn.
Eagraíodh taispeántas ealaíne dar teideal Analysing Cubism i nDánlann Crawford i gCorcaigh an Samhradh seo caite (2013). Iniúchadh a bhí sa taispeántas sin ar shaothar ealaíontóirí Éireannacha ceannródaíocha a thaistil chun na Fraince agus níos faide ó bhaile le staidéar a dhéanamh ar ealaín nua-aimseartha na hEorpa ag tús na haoise seo caite.
Ba léargas ar chomhthéacs stairiúil na n-ealaíontóirí sin a bhí sa taispeántas ach anuas air sin, bhí an tionchar a d’imir a gcuid oidí orthu faoi chaibidil chomh maith, oidí a rinne iniúchadh ar na chéad samplaí den ghluaiseacht sin ar tugadh an Ciúbachas uirthi. Bhain teideal an taispeántais leis an téarma a úsáideadh i dtús aimsire le cur síos a dhéanamh ar an stíl shainiúil péintéireachta sin a d’fhorbair leithéidí Picasso agus Braque idir na blianta 1910 agus 1912. Sa Fhrainc a bhláthaigh an Ciúbachas, gluaiseacht a bhí go mór faoi thionchar oide André Lhote (1885-1962) agus Gleizes Albert. An bheirt Fhrancach sin, ba mhúinteoirí agus taispeántóirí ealaíne iad a raibh tionchar nach beag acu ar na healaíontóirí is fearr de bhunús na hÉireann sa tréimhse roimh an Dara Cogadh Domhanda, lena n-áirítear Mainie Jellett agus Evie Hone.
Acadamh Ibeirneach na hÉireann, Jellet, Hone agus Purser
Chuir an bheirt bhanealaíontóirí sin teoiricí an Chiúbachais in oiriúint dá gcuid riachtanas féin ach níl amhras ar bith ná gur imir Lhote tionchar orthu seo agus ar dhaltaí Éireannacha eile ag an tréimhse sin i leith réimse leathan stíleanna péintéireachta lena n-áirítear ábhar neamhbheo, ábhar tírdhreacha agus portráidíochta agus eile.
Cad ba chúis le himeacht Jellet agus Hone chun na Fraince ar mhaithe le heolas níos fairsinge a lorg ar na modhanna is nua-aimseartha i réimse na péintéireachta – agus ar mhaithe leis an eolas sin a thabhairt ar ais leo agus é a dháileadh ar a gcomhghleacaithe i ndomhan beag ealaíne Éire a linne? Tá freagra sách simplí ar an gceist sin. Sna 1940í bhí domhan beag ealaíne na hÉireann faoi riail fós ag prionsabail a dheachtaigh Acadamh Ibeirneach na hÉireann, prionsabail a bhí sách cúngaigeanta agus teoranta le bheith fírinneach faoi. Formhór bhaill an Acadaimh an uair úd, thugadar neamhaird ar fhorbairtí nua ealaíne a raibh an Fhrainc mar bhunús ag a bhformhór acu, forbairtí dála an Réalachais, an Impriseanachais agus nuálaíocht Cézanne agus an Chiúbachais ina measc. Chomh maith leis sin, ní raibh sé de chumas ag formhór mór ealaíontóirí na hÉireann slí bheatha a bhaint amach ar bhonn gairmiúil mura mbeadh airgead agus maoin an tsaoil acu.
Is ansin a tharla cor sa scéal, áfach. Tháinig dream nua ealaíontóirí chun cinn, banealaíontóirí a bhformhór, a raibh fís nua radacach acu agus a raibh lé acu le briseadh rialacha agus coinbhinsiúin ealaíne a bhí fadbhunaithe. Orthu siúd bhí Sarah Purser, péintéir sárchumasach a raibh cur amach maith aici ar chúrsaí gnó chomh maith le bheith ina healaíontóir ilghnéitheach. Bhunaigh Purser An Túr Gloine i 1903, iarracht idéalach ar thraidisiúin ársa na gloine daite a athbheochan in Éirinn. Sa bhliain 1934 a cuireadh an ‘Purser-Griffiths Certificate in the History of Painting’ ar bun agus ba as sin a shíolraigh an chéad dá roinn ollscoile in Éirinn a raibh an Ealaín agus Stair na hEalaíne ach go háirithe mar chúram orthu.
Francoise Henry a bhí mar cheann roinne ar Roinn Staire na Péintéireachta Eorpaí i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Cúpla bliain ina dhiaidh sin arís is ea a bunaíodh Roinn Stair na hEalaíne i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, faoi stiúir Anne Crookshank.
Ceannródaí i bhForbairt na Nua-Ealaíne
Aisteach le rá, tá Lhote dearmadta ag cuid mhór daoine anois, fiú ina thír dhúchais féin, an Fhrainc. Is trua sin mar ba cheannródaí é i bhforbairt na nua-ealaíne, ní hamháin sa Fhrainc ach in Éirinn leis. Ba dhealbhóir tréitheach é Lhote agus ba phéintéir thar a bheith cumasach freisin é. Ba iad Gauguin agus Cézanne an dá mhórealaíontóir Francach a chuaigh i bhfeidhm go mór air agus é ina ógfhear ag cur faoi i bPáras. Sa bhliain 1918, chabhraigh Lhote chun an iris ealaíne ríthábhachtach, an Nouvelle Revue Française, a bhunú. Bhíodh ailt rialta ag Lhote san iris chéanna ar theoiricí agus ar stíleanna ealaíne ar feadh na mblianta ina dhiaidh sin, anuas chomh fada leis an mbliain 1940.
Thaistil sé go forleathan agus thug sé léachtaí ar chúrsaí ealaíne ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin. Ó na 1950í ar aghaidh, bhí sé ina léachtóir san Éigipt agus sa Bhrasaíl, mar shampla. Tugadh aitheantas d’obair saoil Lhote sa Fhrainc nuair a bronnadh an Grand Prix National de Peinture air sa bhliain 1955. Ó thaobh na hÉireann de, ba mar mhúinteoir agus mar scríbhneoir ar chúrsaí ealaíne a raibh an tábhacht agus an tionchar is mó aige. Fuair Lhote bás i bPáras i 1962. Ná déanaimis dearmad air.