AR NA SAOLTA SEO
Tús Sláinte Gáire
Mícheál Ó hAodha Mícheál Ó hAodha

Tuilleadh gáire a theastaíonn, dar le Mícheál Ó hAodha. Tá sé saor in aisce agus ní fios an leas a dhéanann sé do shláinte agus do réimsí eile i saol an duine.

Íomhá
Aoibh an gháire ar Mharcas Ó Murchú ag an Fhleadh Cheoil
Íomhá
Faoi aoibh i dtólamh
(le SatyrTN ar Vicipéid)
Íomhá
Greann cosáin
Íomhá
Gáire
(le Charles Andrew Whatley ar Picasaweb)

Tá cúpla bliain ó shin anois ann. Ag freastal ar sheimineár a bhain le cúrsaí oibre a bhí mé – tuigeann tú an cineál seimineáir a bhí ann, na cinn sin a bhfuil dualgas ort freastal orthu chuile bhliain ar mhaithe le forbairt phroifisiúnta, breis oiliúna agus mar sin de.

Chríochnaigh an lá agus muid faoi stiúir ag traenálaí gáire, pé rud é sin a deir tú! Caithfidh mé a admháil go raibh mise agus mo chomhghleacaithe amhrasach go maith mar gheall ar an seisiún áirithe sin. Mhothaíomar go raibh rud éigin beagáinín bréagach ag baint leis, gur bhain sé le cur i gcéill de shaghas éigin maidir le ‘treisiú foirne’ san ionad oibre. É sin ráite, bhaineamar an-taitneamh as an seal gáire. Thosaíomar ag gáire. Ba chlabhsúr thar a bheith oiriúnach é ar an lá sin. Bhí gné éigin den fhírinne sa ghealtacht i ndeireadh báire. Bhí tábhacht le spraoi, le gáire, fiú san ionad oibre is leadránaí amuigh.

Ar ndóigh, is iad na fir agus mná grinn réaltaí móra an lae inniu. Tuilleann cuid acu airgead mór agus tá go leor acu atá aitheanta go hidirnáisiúnta. Tá bealaí teilifíse speisialta tiomnaithe do chúrsaí grinn fiú amháin, bealaí a oibríonn 24/7 anois! Cé a shíl go dtarlódh a leithéid? Ar ndóigh bhí áilteoirí riamh in Éirinn agus abhac ag Fionn Mac Cumhail féin, Cnú Dearóil, chun ceol agus gáire a sholáthar dó.

Léiríonn na cáipéisí staire go raibh ról suntasach ag lucht grinn, abhlóirí agus na “hamadáin” anallód agus ionad faoi leith acu sa chóras Ceilteach a bhí sa tír seo uair amháin. Thuig na sean-Ghaeil tábhacht an ghrinn agus bunús daonna an gháire i bhfad siar. An cineál grinn a thaitníonn le muintir na hÉireann sa lá inniu, is greann uirbeach agus is greann tuaithe é, meascán den éadrócaire agus den chomhbhá (an greann sin inar leor nod don eolach chun é a thuiscint go minic).

Déanfaidh sé Leas agus Leigheas

Agus cad faoi thábhacht an gháire féin? Tá maitheas sa gháire, idir mhaitheas aigne agus colainne, creid é nó ná creid. Agus an t-uafás ciorruithe ar siúl i láthair na huaire, ní haon tír í Éire don duine lag nó dóibh siúd atá breoite idir anam agus chorp – tá sé sin cinnte. Tá leigheas amháin a dhéanann maitheas d’óg agus aosta, is dealraitheach, leigheas atá saor in aisce. Leigheas an gháire. ‘Gáirí móra geala ort’, a deireadh an seandream agus nár dheas an ghuí é. Tá léirithe ag aigneolaithe agus ag lucht leighis i gcoitinne go gcabhraíonn an gáire go mór linn ó thaobh cúrsaí sláinte de.

Tá leigheas feidhmiúil sa racht gáire, sa scigireacht chiúin, nó fiú sa mheangadh séimh. Is frithnimh chumhachtach é an gáire, fiú an gáire gáifeach ar strus, ar bhreoiteacht chorpartha agus intinne agus ar an teannas a bhraithimid ar bhonn laethúil i réimse na hoibre agus sa tsochaí aisteach uirbeach iar-nua-aoiseach seo a bhfuilimid go léir ag streachailt léi i gcónaí.

Ní hamháin go gcabhróidh an gáire leat mar leigheas, ach cabhraíonn sé leat tú féin a nascadh le daoine eile in aois neamhphearsanta seo an ríomhphoist agus na meán sóisialta, ré seo na giolcaireachta más maith leat. Galar tógálach is ea an greann. Tá sé i bhfad níos fusa é a tholgadh ná mar atá fríd urlacain gheimhridh nó an ulpóg is deireanaí atá ag imeacht. An gáire a roinntear le daoine eile, sin an gáire a cheanglaíonn daoine lena chéile agus a thugann uchtach dóibh. Sin an gáire sona agus bíonn tionchar an domanó ag baint leis. Ar an mbonn sláinte, is léir go neartaíonn an gáire do chóras imdhíonachta, treisíonn sé d’fhuinneamh agus laghdaíonn sé an phian a ghoilleann orainn go laethúil.

Faireoga a Mhúscailt

cumhacht athnuachana ag an ngáire agus cuireann sé nithe i gcomhthéacs dúinn – go háirithe na fadhbanna sin a bhfuil an chuma orthu nach féidir iad a leigheas. Sa lá atá inniu ann, is follas go mbíonn strus ag cur isteach ar leanaí óga fiú. Is deacair dóibh scíth a ligean agus go minic, bíonn siad ag léim timpeall gan smacht nó a mhalairtsínte ar an tolg, an teilifís nó an ríomhaire os a gcomhair.

Go bunúsach, oibríonn gáire rialta sa tslí chéanna agus sileadh na n-ionoirfiní úd a bhíonn á lorg againnag bogshodar ar na sráideanna agus ár marú féin ar mhuileann coise seo na beatha. Tá go leor díospóireachtaí inniu in Éirinn faoi conas ár gcuid seirbhísí meabhairshláinte a fheabhsú, go háirithe agus fadhb thromchúiseach an fhéinmharaithe ag goilliúint ar fhir óga na tíre ach go háirithe. Deir na saineolaithe go bhfuil i bhfad an iomarca daoine sa tír seo ag brath ar fhrithdhúlagráin. Ní bhraitheann tú imníoch, feargach, ná brónach agus tú i mbun gáire. Le tuiscint cheart a lorg ar chumhacht an ghrinn agus ar thábhacht an gháire, ní gá ach scathamh a chaitheamh ag faire ar pháistí óga i mbun spraoi. Ag gáire a bhíd an chuid is mó den am.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.