AR NA SAOLTA SEO
Cad a Tharla don Chaisideach?
Mícheál Ó hAodha Mícheál Ó hAodha

Is spéis le Mícheál Ó hAodha fear a bhí i lár shaol nualitríochta agus ceoil na Stát Aontaithe agus a d’fhág a rian ar scríbneoirí ar nós Allen Gisberg, Jack Kerouac, Bob Dylan agus eile, agus ar a saothair.

Íomhá
Neal Cassady
le Wesley Blixt ar Picasaweb
Íomhá
Na Merry Pranksters, Neal Cassady 7rl ar bus Ken Kesey
le Andrew Chernov, Picasaweb
Íomhá
Seanbhus na Merry Pranksters deisithe 2010
le Joe Mabel ar Vicipéid
Íomhá
The Grateful Dead c. 1979
le Marcia Wright ar Vicipéid

Tá sé blianta fada ó shin ó léigh mé an “ródscéal” cáiliúil ‘On the Road’ den chéad uair. Thaitin an t-úrsceal sin le Jack Kerouac go mór liom, caithfidh mé a rá. Bhí funneamh aisteach le sonrú sa scéal sin, fuinneamh a bhí le brath ar scríbhneoireacht Kerouac trí chéile.

Thug mé suntas don charachtar a raibh sloinne Éireannach aige, Neal Cassady, (alter-ego Dean Moriarty) mar a tugadh air sna húrscéalta éagsúla a scríobh Kerouac ar luas lasrach. Cérbh é an Caisideach seo a bhí mar ábhar tinfidh ag na Beats eile agus iad ag dul i mbun turgnaimh óil, gnéis, LSD agus drugaí eile.

Bhí íomhá thar a bheith rómánsach agus Bóihéamach aige sna húrscéalta agus sna dánta. Luaigh cara mór leis, an file Allen Ginsberg an Caisideach mar fhoinse inspioráide liteartha go minic. Chaith sé roinnt blianta ina chónaí in aontíos leis an racghrúpa cáiliúil The Grateful Dead freisin; tá tagairtí ómóis dó i roinnt amhrán leo, rud eile a chuirfeadh ar do shúile duit go raibh saol rómánsach, fiáin an rock-and-roller aige. Ach ní bhítear mar a shíltear.

Cruas Cúlra

Ní raibh mórán rómánsachais ag baint le luathshaol Neal Cassady is cosúil. Rugadh i Salt Lake City, Utah, é. Fuair a mháthair bás go hóg. Fágadh athair Neal, fear a raibh fadhb dhona óil air, i bhfeighil Neal óig agus ní go rómhaith a chruthaigh sé mar thuismitheoir. Ba mhinic Neal óg fágtha ar an ngannchuid agus é ag cur faoi ar an tsráid in éineacht lena athair.

Bhí baint aige le coiriúlacht ar feadh i bhfad agus cuireadh go scoileanna ceartúcháin agus chun carcrach é as eachtraí gadaíochta. Ba í an ghadaíocht an choir is coitianta a chleachtadh sé – bradaíl charrana agus a leithéid. Chaith Cassady roinnt ama ar an leaba chláir sa bhliain 1945 agus nuair a scaoileadh saor arís é, phós sé a chailin LuAnne Henderson. Ní raibh LuAnne ach cúig bliana déag d’aois ag an am. Bhog Cassady agus a bhean chéile go Nua-Eabhrac 1947, áit ar chuir siad aithne ar Kerouac, Ginsberg agus na Beats eile – bhi na fili sin i mbun staidéir ag Ollscoil Columbia ag an am.

Tá an carachtar aitheanta sin “Dean Moriarty” in Ar an mBóthar bunaithe ar Cassady de réir dealraimh. I gcuid mhaith d’úrscéalta Kerouac, tagann Cassady os ár gcomhair freisin i ndealramh carachtair eile a dtugtar “Cody Pomeray” air. Luaigh Ginsberg Cassady, nó “NC” mar a thug sé air sa téacs, mar phríomhionspioráid agus “laoch rúnda an dáin” chluitigh sin Howl, dán a bhain cáil mhór amach do Ghinsberg agus na Beats trí chéile. Fear mór ragairne agus scléipe ab ea Cassady a bhí róthugtha do na drugaí b’fhéidir. Gabhadh é sa bhliain 1958 nuair a thairg sé roinnt bheag raithní do ghníomhaire faoi cheilt i gclub oíche i San Francisco agus chaith sé tréimhse eile i ngéibheann an stáit, an uair seo i San Quentin.

Saol ar Mire

Tar éis do na húdaráis é a scaoileadh amach ar a chead sa bhliain 1963, is cosúil go ndeachaigh Cassady bocht le craobhacha ar fad. Bheadh sé i láthair ag gach cóisir mhór a raibh drugaí sícideileacha á nglacadh ag daoine i San Francisco agus sna ceantair máguaird.

Luaigh an scríbhneoir Hunter S. Thompson é go minic agus deir sé go mba bhall é Cassady den drong ar tugadh na “Merry Pranksters” orthu, dream a bhíodh i gcuideachta an scríbhneora Ken Kesey, fear a mbíodh cóisirí móra aige – na “Hells Angels parties” – ag a mbíodh an t-uafás drugaí le fáil.

Cé go bhfuil dearmad déanta anois air, ba scríbhneoir cumasach é Cassady. Bhí Cassady ar nós carachtair amach as leabhar de chuid na mBeats i ndeireadh ama, é ag taiseal ó cheann ceann na tíre. Chaith sé an bhliain 1968, an bhliain a bhfuair sé bás go hóg (ní raibh sé ach 42 bliain d’aois) agus é ag taisteal ó áit go háit ar luas lasrach, ó San Francisco go Denver, Nua-Eabhrac, Texas, Meicsiceo agus áiteanna eile nach iad.

Fuair sé bás go tobann ag cóisir i Meicsiceo agus meastar gur ródháileog ba chúis leis. Foilsíodh úrscéal dírbheathaisnéiseach leis, The First Third, trí bliana tar éis a bháis. Foilsíodh dhá bhailiúchán litreacha leis – Grace Karma Beats: Letters from Prsion (1993) agus Neal Cassady: Collected Letters, 1944-1967 (2007). Tuigtear inniu go raibh tionchar tábhachtach ag Cassady ar scríbhneoirí ar nós Hunter S. Thompson, Ken Kesey, Haruki Murakami, agus ar cheoltóirí ar nós The Grateful Dead, The Beatles, Bob Dylan, Jim Morrison agus Tom Waits.

Níorbh fhada gur deineadh dearmad ar a shaothar, áfach. An bhfuil baint ag an easpa chuimhne seo leis an gcineál domhain ina mairimid faoi láthair? An é fírinne an scéil é go bhfuil folús spioradálta i gcroílár an domhain nua-aimseartha? Tá íoróin mhór sa méid sin de bhrí go mbainimid le cultúr na gceiliúrán gearrshaolach, ceiliúráin atá á n-adhradh ag an bpobal inniu agus a ndéanfar dearmad glan orthu amárach.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.