AR NA SAOLTA SEO
Buille Deiridh na Siria?
Mícheál Ó hAodha Mícheál Ó hAodha

Tá Mícheál Ó hAodha den bharúil go bhfuil lagar ar réimeas al-Assad na Siria, ach go bhfuil cúinsí an taoibh sin domhain ag imirt tionchair ar an scéal i rith an ama.

Íomhá
Beckett
(le Roger Pic, Bibliothéque nationale de France, Vicipéid)
Íomhá
Bashar al-Assad leis an Uachtarán Lula
(le Roosewelt Pinheiro, Agenica Brasil ar Vicipéid)
Íomhá
Aleppo DF 2012 i ndiaidh ionsaí sceimhlitheoireachta
(le Zyzzzzy ar Flickr)
Íomhá
Mahdi al-Harati as BÁC, a bhunaigh Liwa al-Umma i Siria
(le Magharebia ar Flickr)

Dráma clúiteach a scríobh an tÉireannach Samuel Beckett is ea Endgame agus is cosúil go bhfuil “endgame” de chineál éigin tosaithe anois sa tSiria. Ní chiallaíonn sé sin go bhfuil críoch leis an gcogaíocht bhrúidiúil thall ansin ná go mbeidh deireadh le réimeas al-Assad go luath. Baol air. Ach tá na réamhthosca ann do thitim réimeas Uachtarán na Siria mar sin féin. Ar sheasamh na dtíortha eachtrannacha sin a bhfuil spéis faoi leith acu sa cheantar sin a bhí na tosca sin ag brathar shlí amháin nó ar shlí eile.

Cé go bhfuil rialtas al-Assad ag feidhmiú i gcónaí, déarfar linn nach bhfuil smacht iomlán aige a thuilleadh ar na cathracha móra ar nós Aleppo, Homs agus na Damaisce. Tá an cogadh ann féin athraithe, anois go bhfuil sé á throid sna cathracha móra seo, lárionaid cumhachta agus tráchtála na Siria idir chumhacht pholaitiúil agus mhíleata. Feallmharaíodh ceathrar ball tábhachtacha de rialtais al-Assad i gcathair na Damaisce cúpla mí ó shin, eachtra a thaispeáin go bhfuil a rialtas siúd níos leochailí ná mar a cheapamar ar an gcéad amharc.

Anuas ar sin, ainneoin cosc ar nuachtóirí i gcuid mhaith den tír faoi láthair, is soiléir go bhfuil smacht caillte ag an rialtas ar cheantair a bhfuil tábhacht geilleagair agus straitéise leo. Chinn fórsaí al-Assad an t-éirí amach a chur síos trí dul i muinín anmhéid foréigin i gcoinne na gceannairceach, shocraíodar ar na huirlisí troda is troime agus is gránna a úsáid – tá siad ag cur ina luí ar a gcuid naimhde i gcónaí nach mbeadh drogall orthu uirlisí troda ceimiceacha a úsáid ina gcoinne cé gur thug Meiriceá foláireamh láidir dóibh gan a leithéid a dhéanamh.

Drogall an Oirthir

Tá al-Assad ag brath ar shaighdiúirí tuarastail agus ar fhórsaí neamhrialta chun an réabhlóid a chosc freisin. Cibé rud a tharlóidh, má éiríonn le al-Assad filleadh i mbun rialaithe na Siria arís amach anseo, ní gan dúshlán a bheas sé. Cé nach léir dúinn fós cén chuma a bheas ar chúrsaí na tíre sin go hinmheánach, tá pictúir níos soiléire againn anois ar an seasamh a thógfaidh iar-chomhghuaillithe na Siria (seasamh iad siúd a bhí sásta tacú le al-Assad go nuige seo ar mhaithe lena leas féin sa réigiún, ba chirte a rá) an tSín, an Rúis agus na Stáit Aontaithe, abair.

Ceist idirnáisiúnta í ceist na Siria ina hiomláine toisc gur chuir mórchumhachtaí an domhain a ladar curtha sa scéal acu. Thóg na Stáit Aontaithe, an Fhrainc agus tíortha Eorpacha eile seasamh i gcoinne réimeas al-Assad ach thacaigh an Rúis, an tSín agus an Iaráin leis ar chúiseanna éagsúla. Dhiúltaigh na Rúisigh d’achainí na dtíortha Iartharacha go rachaidís i mbun idirghabhála le réimeas al-Assad ar mhaithe le cosaint chearta daonna agus chun an foréigean a mhoilliú. Faitíos ba bhun le seasamh seo na Rúiseach, faitíos nach raibh i moltaí idirghabhála an Iarthair ach cleas chun a gcuid cumhachta sa réigiún a leathnú faoi bhrat na síochána, cumhacht a d’úsáidfí ina gcoinne arís amach anseo.

Cumhacht na hIaráine

Mar an gcéanna, leis, i gcás na Síneach. Thugadar tacaíocht do na Siriaigh ar na cúiseanna céanna a bheag nó a mhór. Ní raibh Moscó ná Béising sásta go mbeadh an chuma ar an scéal go rabhadar ag géilleadh do bhrú ón Iarthair. An cluiche atá á imirt ag na Rúisigh agus na Sínigh, tá sé níos caolchúisí ná mar a shílfeá ar an gcéad léamh.

Dírithe ar an Iaráin atá sé i ndáiríre. Má éiríonn le al-Assad a chumhacht a choinneáil, is ar an Iaráin cuid mhó a bheidh sé ag brath i gcomhair tacaíochta. Tá an Iaráin ag tabhairt tacaíocht mhíleata agus morálta do réimeas al-Assad. Is deis iontach é cás na Siria do na hIaránaigh agus sin an fáth gur thugadar trúpaí speisialta, airgead agus airm d’al-Assad.

Anois go bhfuil Saddam Hussein agus na Meiriceánaigh imithe leo, is ionad fíorthábhachtach í an Iaráic i súile na hIaráine. Ní hamháin go bhfuil tionchar na hIaráine ag méadú in aghaidh an lae laistigh den Iaráic – idir thionchar polaitiúil, míleata agus creidimh, ach dá bhféadfaidís cinntiú go mairfeadh rialtas al-Assad (a bhuíochas sin dóibh siúd – na hIaránaigh) bheadh an tSiria anois ag brath ar an Iaráin fiú níos mó ná mar atá muintir na hIaráice i láthair na huaire. Chuirfeadh sé sin le seasmhacht na hIaráine san Iaráic agus bheadh tionchar ag an Iaráin an bealach ar fad ó iarthar na hAfganastáine go dtí an Liobáin, áit ina bhfuil a gcairde Hezbollah. Dá dtarlódh a leithéid, bheadh ar na Stáit Aontaithe gníomhú le cinntiú nach n-éireodh leis an Iaráin a cumhacht sa réigiún a mhéadú tuilleadh. Bheadh ar na Meiriceánaigh acmhainní móra a chur i dtreo na ‘faidhbe’ sin.

Cé nach ndeirtear amach go hoscailte é, is léir gur tháinig méadú as cuimse ar chumhacht na Síne agus na Rúise sna blianta a lean 9/11. De bhrí go raibh an tUachtarán Bush gafa go huile agus go hiomlán leis an domhan Ioslamach, níor léirigh sé mórán spéise ina sean-namhaid – iar-Chumannaigh na Síne agus na Rúise. Agus an cogadh san Afganastáin ag teacht chun deiridh, tá gach dealramh ar an scéal go mbeidh na Meiriceánaigh ag coinneáil súil níos géire ar na hollchumhachtaí nua seo.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.