519
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Is iomaí duine a tháinig faoi dhraíocht áilleacht na coille. Ní taise do PJ Mac Gabhann é mar tá sé faoi dhraíocht na coille gar don áit a bhfuil sé ag cur faoi, St. Germain-en-Laye.
»»»Tá cónaí ar Panu Petteri Höglun in iardheisceart na Fionlainne agus tá ocht dteanga ar a thoil aige, an Ghaeilge ina measc. Sa dara cuid d’agallamh ríomhphoist a chuir Beo! air, déanann sé cur síos, i measc rudaí eile, ar na teangacha ar fad atá aige, tábhacht an idirlín agus a bhfuil i ndán don Ghaeilge, dar leis.
»»»Más aon léiriú é na fadhbanna atá ag Roinn na Gaeltachta scéim teanga a aontú le hOifig an Ombudsman, níl Breandán Delap ródhóchasach go mbeidh an Roinn sin in ann don phleanáil teanga sa Ghaeltacht.
»»»Chaith Liam Mac Con Iomaire cúig bliana dá shaol ag obair ar bheathaisnéis an fhonnadóra chlúitigh as Conamara, Seosamh Ó hÉanaí, agus tá toradh a chuid oibre le feiceáil anois sa leabhar Nár fhágha mé bás choíche, a foilsíodh le déanaí. Labhair Éamonn Ó Dónaill leis faoi scríobh an leabhair seo agus faoin obair eile a bhí ar siúl aige roimhe sin, mar oideachasóir agus mar iriseoir.
»»»San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Ben Mac Lochlainn, Gael-Taca, Baile Átha Cliath.
»»»Fuair Brian Ó Broin blaiseadh den saol i Meiriceá san ochtú haois déag nuair a thug sé cuairt ar Virginia le gairid.
»»»Dar le hÁine Ní Ghallchóir, is deacair a mhíniú an tairbhe a bhaineann le turais oilithreachta, ach bhraith sí féin go hiomlán ar a suaimhneas le linn di a bheith ag siúl Camino de Santiago le gairid. An mhí seo, scríobhann sí faoin gcéad chuid dá turas agus leanfar den alt in eagrán [i]Beo![/i] mhí na Samhna.
»»»Tá iarracht á déanamh ag Aire Oideachais na hIodáile, Letizia Moratti, leasuithe móra a dhéanamh ar an chóras oideachais ina iomláine, ach tá formhór na ndaltaí scoile agus na mac léinn an-mhíshásta leis na leasuithe sin. Tuairisc ó Roberta Stefan.
»»»Tá lucht cruthaithe na gcluichí ríomhaireachta ag teacht i dtír ar an bhfisic anois, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna, chun domhain níos réadúla a chruthú.
»»»Bíonn an-chuid deacrachtaí ag tiománaithe leoraí in amanna mar gheall ar chaochspota a bheith ag cúl a gcabhán. Ba é caochspota mar seo ba chúis le timpiste bóthair a chonaic Tony Birtill le gairid.
»»»D’fhoilsigh Cois Life leabhar nua faoi iriseoireacht na Gaeilge, [i]Ar an Taifead: Fís, Fuaim, Focal[/i] le Breandán Delap, an mhí seo caite. Sa chaibidil seo ón leabhar déantar cíoradh ar na meáin úra agus na dúshláin a gcaithfidh na meáin Ghaeilge aghaidh a thabhairt orthu.
»»»Tá sé beagnach céad bliain ó bunaíodh Cumann Báire Caoimhín, cumann atá lonnaithe i lár na cathrach i mBaile Átha Cliath. Ar chúiseanna éagsúla, athruithe sóisialta ina measc, tá dúshlán mór roimh an gclub agus iad ag tabhairt a n-aghaidhe ar an dara céad. Tuairisc ó Cholm Mac Séalaigh.
»»»Chuir Mícheál Ó hAodha suim i leabhar, Pauper Limerick, a léirigh scéal daoine nach bhfaca mórán sa saol ach cruatain agus drochíde.
»»»Tá sé beartaithe ag na húdaráis 20,000 teach a leagan go talamh ar Merseyside, an ceann inar tógadh Ringo Starr ina measc, agus cinn nua a thógáil ina n-áit. Tá go leor daoine ag cur i gcoinne an phlean seo, áfach, mar a mhíníonn Tony Birtill.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.