Tá iarracht á déanamh ag Aire Oideachais na hIodáile, Letizia Moratti, leasuithe móra a dhéanamh ar an chóras oideachais ina iomláine, ach tá formhór na ndaltaí scoile agus na mac léinn an-mhíshásta leis na leasuithe sin. Tuairisc ó Roberta Stefan.
Tarlaíonn sé i gcónaí go bhféachann an páirtí polaitiúil a bhíonn i gceannas tíre lena rian féin a fhágáil go láidir ar gach gné de shaol na ndaoine. Tá sé seo amhlaidh san Iodáil ó bhí mí na Bealtaine anuraidh ann nuair a d’éirigh leis na lárnaigh dheasacha (Forza Italia, Alleanza Nazionale agus Lega Nord) tromlach a bhaint amach san olltoghchán.
Tá an t-oideachas ar cheann de na réimsí a bhfuiltear ag díriú air. Le roinnt blianta anuas, tá athruithe déanta ar aon nós i gcuraclam na scoile, ar an dóigh a n-eagraítear na scoileanna, ar ról an mhúinteora agus ar an dóigh a ndéantar eolas na ndaltaí a mheas. Tá na hathruithe is déanaí atá déanta, áfach, tar éis mearbhall a chur ar na daltaí meánscoile; ní raibh a fhios acu ar feadh cúpla mí, cuir i gcás, cén cineál scrúduithe a bheadh le déanamh acu ag deireadh na scoilbhliana - an ndéanfadh a gcuid múinteoirí féin measúnacht ar a gcuid oibre nó coimisiún seachtrach agus cén córas marcála a bheadh i gceist (an ndéanfaí iad a mharcáil as 60 mar a tharlaíodh roimhe seo nó as 100, cuir i gcás).
Ceapadh Letizia Moratti mar Aire Oideachais tar éis bhua na heite deise le teacht i gcomharbacht ar Luigi Berlinger agus tá sise ag féachaint le leasuithe a chur i bhfeidhm sa chóras scolaíochta chun go mbeadh rian d’idé-eolaíocht na heite deise le brath níos mó air. Tá athruithe curtha i gcrích aici cheana féin sa churaclam bunscoile agus meánscoile atá ag cothú díospóireachta agus conspóide i measc na ndaltaí.
Cuireadh na leasuithe faoi bhráid an Stati Gerarali, cruinniú a bhí ar siúl ar an 19 agus 20 Nollaig in Foligno (in aice le Perugia) chun iad a mheas. I measc na ndaoine a bhí i láthair bhí an t-oideachasóir Giuseppe Bertagna, duine den dream a rinne na leasuithe a dhréachtú. Bhí sé curtha in iúl acu siúd a bhí chun a bheith ag an chruinniú go ndéanfaí plé cuimsitheach ar na curaclaim ag gach leibhéal den chóras scolaíochta. An deacracht a bhí ann, áfach, ná gur dearnadh na cinntí ón bharr anuas agus nach raibh cead ag aon bhall d’aontas na mac léinn a bheith páirteach sa phlé.
Gan mhoill i ndiaidh an chruinnithe, thosaigh na daltaí ag cur a gcuid tuairimí in iúl go láidir. Bhí fearg orthu nach ndeachthas chun cainte leosan faoi na leasuithe a bhí á ndéanamh, leasuithe a mbeadh tionchar an-mhór acu ar a dtodhchaí. Mhaígh siad go mbeadh na hathruithe a bhíothas ag cur i gcrích ina míbhuntáiste acusan, go mbeadh an córas i gcoitinne thíos leis, nach n-ardófaí na caighdeáin, agus go mbeadh nithe níos casta ná riamh do na daltaí agus do na múinteoirí.
Cúpla lá roimh an Nollaig, d’iarr toscaireacht ina raibh daltaí ó mheánscoileanna poiblí na Róimhe agus mic léinn ollscoile cruinniú leis an Aire í féin faoi na leasuithe, leasuithe dar le go leor daoine a rachaidh chun tairbhe do na scoileanna príobháideacha níos mó ná na cinn phoiblí. Amach anseo, beidh na cearta céanna agus an t-aitheantas céanna stáit, beagnach, ag na scoileanna príobháideacha is atá ag na scoileanna poiblí. San am a chuaigh thart, nuair a bhíodh an scrúdú deireanach le déanamh ag daltaí i scoileanna príobháideacha, chuireadh coimisiún seachtrach faoi scrúdú iad le déanamh cinnte go ndéanfaí a gcumas a mheas go cothrom. Faoi na leasuithe nua, áfach, is iad foireann na scoile a bheas ar an choimisiún seo (rud a chiallaíonn go mbeidh daltaí á meas ag a gcuid múinteoirí féin) - ní thiocfaidh ach ball amháin, an tUachtarán, ó scoil eile. Cén dóigh ar féidir a bheith cinnte nach mbeidh caimiléireacht ar siúl maidir le torthaí i scoileanna príobháideacha, nach é an duine a íocfaidh an tsuim is airde a gheobhaidh na torthaí is fearr (mar a tharlaíonn go minic san Iodáil, ar an drochuair)?
De bharr gur dhiúltaigh an tAire Moratti bualadh leis na daltaí seo ó scoileanna poiblí na Róimhe, ghlac siad seilbh ar scoil ar feadh cúpla lá agus rinne siad troscadh mar agóid. Ghéill Moratti sa deireadh agus thoiligh sí bualadh leo. Níor leor an méid sin, áfach, chun feabhas a chur ar chúrsaí.
Tá páirtithe na heite clé i gcoinne na leasuithe chomh maith ach tá an chuma ar an scéal go bhfuil na polaiteoirí i mbun argóna faoi na ceisteanna seo de bharr na polaitíochta seachas de bharr iad a bheith buartha faoin oideachas nó faoin mhúinteoireacht.
Ullmhúchán do ghairm bheatha
Is mian leis an Aire Moratti athruithe a chur i gcrích a chinnteoidh go mbeidh scoileanna ansin chun daltaí a ullmhú do ghairm bheatha seachas chun saibhriú a dhéanamh ar a saol. Is mian léi saghas plean gnó a leagan síos do scoileanna agus fostaithe a íoc de réir an líon uaireanta a oibríonn siad, an méid a tháirgíonn siad agus na cuspóirí a éiríonn leo a bhaint amach faoi dheireadh gach míosa. An féidir eolas a mheas mar seo?
Rachaidh cuid de na hathruithe i bhfeidhm ar dhaltaí an-óga chomh maith, mar shampla iad siúd atá sna scuole elementari (páistí idir sé bliana agus deich mbliana), a raibh scrúdú le déanamh acu go dtí seo dá mba mhian leo dul isteach sa scuola media (do dhaltaí idir aon bhliain déag agus trí bliana déag). Ón bhliain seo chugainn, ní bheidh an scrúdú sin i gceist níos mó. Ní scrúdú ródhian a bhí ann ach féachadh air mar chéim thábhachtach i saol an dalta - chuir sé in iúl go raibh deireadh ag teacht le ré amháin agus go raibh tús á chur le ceann eile.
Tá rudaí dearfacha i gceist sna leasuithe chomh maith. As seo amach, tosófar ag múineadh teanga iasachta Eorpach sa scuola elementare seachas sa scuola media agus múinfear an dara teanga iasachta do dhaltaí agus iad sa dara scoil sin. Déanfar staidéar ar ríomhairí sna scoileanna chomh maith, rud a chinnteoidh go mbeidh níos mó i gceist leis an teicneolaíocht sin ná uirlis chun cluichí a imirt.
Tá sé beartaithe deis a thabhairt do dhaltaí os cionn cúig bliana déag taithí oibre a dhéanamh le comhlacht chun iad a ullmhú do shaol na hoibre. Íocfaidh na comhlachtaí scoláireacht leis na daltaí agus gheobhaidh siadsan creidiúintí as an taithí oibre seo a dhéanamh. Tá córas na gcreidiúintí i bhfeidhm sna scoileanna cheana féin (d’obair dheonach, mar shampla) agus is cinnte go gcuirfidh na hathruithe a dhéanfar air mearbhall ar na daltaí, gan trácht ar na tuismitheoirí. Tá an smaoineamh áirithe seo faoi thaithí oibre an-doiléir go fóill agus tá gá le míniú soiléir ar an dóigh a bhfuil sé i gceist an córas a chur i bhfeidhm.
Tá cur agus cúiteamh go leor ann go fóill faoi leasuithe Moratti. Beidh cead ag na 21 réigiún riaracháin san Iodáil athruithe a dhéanamh ar chodanna áirithe den churaclam, ach beidh na treoirlínte ginearálta á dtabhairt ag an Stát. Ach an bhfuil na réigiúin réidh le glacadh le freagracht chomh mór seo? Tá siad i mbun oibre cheana féin ach is fada go mbeidh siad réidh i gceart don tasc ollmhór seo.
Córas oideachais na hIodáile
Scuola materna (asilo) (réamhscolaíocht) 3 - 5 bliana
Scuola elementare (bunscoil) 6 bliana - 10 mbliana
Scuola media 11 bhliain - 13 bliana
Scuola superiore (an mheánscoil) 14 bliana - 18 mbliana
Università (an ollscoil) 19 mbliana -
Is múinteoir Béarla i Milano na hIodáile í Roberta Stefan. Chríochnaigh sí tráchtas ar mhúineadh na Gaeilge in Éirinn i mí na Nollag 2000.