D’fhoilsigh Cois Life leabhar nua faoi iriseoireacht na Gaeilge, [i]Ar an Taifead: Fís, Fuaim, Focal[/i] le Breandán Delap, an mhí seo caite. Sa chaibidil seo ón leabhar déantar cíoradh ar na meáin úra agus na dúshláin a gcaithfidh na meáin Ghaeilge aghaidh a thabhairt orthu.
Ba go caithréimeach a fógraíodh don domhan mór ar chasadh na bliana 2007 gur crochadh Saddam Hussein, duine de na ceannairí ba bhrúidiúla san fhichiú haois. Mhaígh rialtas na hIaráice gur léirigh a bhás go raibh an báire curtha ar an iardheachtóir agus a chuid comrádaithe mallaithe. Craoladh an scannán oifigiúil den bhású ó cheann ceann na cruinne agus foilsíodh pictiúir éadrócaireacha de Saddam agus snaidhm reatha ar a mhuineál. Ach laistigh de cheithre lá tháinig claochlú ar thuairim roinnt mhaith de phobal na cruinne agus iad den bharúil nach gníomh cóir a bhí sa chrochadh ach linseáil sheicteach an daoscarshlua.Tháinig an t-athrú meoin seo de bharr fístéipe a tógadh ar phictiúrfón agus a léirigh go raibh na gardaí slándála ag fonóid faoi Saddam agus á náiriú bomaití beaga sular crochadh é. Bhíothas ag scairteadh ainm Moqtada al-Sadr leis – an cléireach raidiciúil de bhunadh na Shia ba chúis le bás na mílte duine san Iaráic. Seachas a bheith ina ‘chlochmhíle thábhachtach’ i ndaingniú an daonlathais san Iaráic, mar a mhaígh Uachtarán SAM, George W. Bush, b’amhlaidh gur bronnadh stádas an mhairtírigh ar Saddam tríd an scannán gairid seo, nár mhair ach 156 soicind.
Bhí ciallachais nach beag ag "snuff video" Saddam do na meáin chumarsáide. Léirigh an fhístéip nach raibh smacht eagarthóireachta a thuilleadh ag na meáin fhadbhunaithe ar scaipeadh na nuachta. Léirigh sé fosta nach bhféadfadh na húdaráis nó foinsí seachtracha scaoileadh eolais a rialú ar a rogha bealaigh. In aois seo na bhfón póca agus suíomhanna físe idirlín is beag is fiú a bheith ag díospóireacht faoi chúinsí eitice agus pé acu ar cheart nó nár cheart na pictiúir a thaispeáint. Bhreathnaigh beagán le cois cúig mhilliún duine ar an fhístéip seo ar an chéad lá a raibh fáil air ar an idirlíon agus tháinig athrú ó bhonn dá bharr ar an chéad mhórscéal nuachta i 2007. Léirigh an fhístéip nach bhfuil teorainn le fiosracht an phobail agus nach bhfuil rud ar bith ródhéisteanach le cur ar an idirlíon. Léirigh sé fosta gur beag smacht is féidir a choinneáil ar na meáin úra agus nach bhfuiltear ag feidhmiú laistigh den chomhthéacs eitice céanna is atá na meáin fhadbhunaithe.
Ar an lámh eile, thiocfadh leat a mhaíomh go raibh an leagan idirlín den fhístéip níos gaire don fhírinne. Ach is cinnte go raibh paraiméadair chraobhscaoilte na nuachta athraithe ó bhonn. Mar a scríobh Richard Woodward sa Wall Street Journal ag an am: “We better get used to living without visual boundaries – and with the curiosity and flexible morality of the viewer as the only limit on what we can see – from now on.”
Easpa RialacháinAch is é an scaoilteacht seo agus an easpa rialacháin seo a thugann tábhacht agus ardán do na meáin úra. Níl aon smacht ag an tionscal, ná ag foinsí seachtracha, ar a nochtar iontu. Lena chois sin, tugtar deis don ghnáthdhuine a bheith gníomhach i gcumadh na nuachta agus é féin a chur in iúl mar iriseoir. Pléitear an borradh atá faoi na meáin úra sa chaibidil seo, na féidearthachtaí atá iontu don phobal agus na dúshláin a thugann siad do na meáin mhóra.
Is léir, mar shampla, go bhfuil an tóin ag titim as ról fadbhunaithe na hiriseoireachta traidisiúnta mar gheatóirí a dhéanfadh cinneadh faoi na míreanna nuachta agus faoi na tuairimí ba cheart a chur faoi bhráid an phobail. Go deimhin is iomaí tuairisceoir a mheasann go bhfuil blagadóirí ag iarraidh bunaíocht na hiriseoireachta a bhaint dá boinn. Ach is fada blagadóirí agus iriseoirí in adharca a chéile. Le linn thoghchán Uachtaránachta SAM i 2004 cheistigh rabharta blagadóirí iontaofacht scéal faisnéise a bhí ag an fhear ancaire cáiliúil, Dan Rather, ar an chlár "60 Minutes". Chuir sé seo iar-Leas-Chathaoirleach CBS, Jonathan Klein, sna cearca fraoigh. Tuairiscítear go ndúirt sé: “You couldn’t have a starker contrast between the multiple layers of check and balances (at CBS), and a guy sitting in his living room in his pyjamas writing.” B’as sin a d’eascair an téarma dóibh siúd a bhíonn gafa lena leithéid de ghníomhaíocht ar líne – pyjamahadeen.
Tá dúshláin nach beag do na meáin fhadbhunaithe sa bhorradh atá faoi na bealaí cumarsáide úra seo. Tá meath leanúnach tagtha ar fhigiúirí díolacháin na nuachtán ar fud na cruinne le scór bliain anuas, mar shampla. Is iomaí buntáiste atá ag seirbhísí ar líne nach bhfuil ag an nuachtán clóite – idirghníomhaíocht agus cuardach cartlainne ina measc. De bharr an tiomántán crua atá ar ghléasanna dvd
anois agus de bharr seirbhísí ar nós SkyPlus, níl aon ghá go mbreathnódh aon duine ar chláir ag am a gcraolta a thuilleadh agus beidh impleachtaí móra aige seo don teacht isteach a fhaigheann na stáisiúin teilifíse ó fhógraíocht feasta. Tá todhchaí na dtréimhseachán i mbaol fosta de bharr a líonmhaire is atá a macasamhail dá saineolas ar fáil ar an idirlíon agus gan fadhbanna dáileacháin ag baint leo.
Ach táthar ann a deir go mbeidh nuachtáin linn i gcónaí go dtí go gceapfar scáileán a thig a chrapadh faoi d’ascaill, sceallóga a bhurláil ann agus tine a lasadh leis! Bíodh sin mar atá, tá fianaise ann lena léiriú go bhfuil teacht aniar áirithe sna meáin fhadbhunaithe. Is cuid de dhlúth is d’inneach na meán anois é an suíomh idirlín agus na deiseanna fógraíochta a théann leis. Bíonn seirbhísí idirghníomhacha á n-úsáid go flúirseach ag na cainéil teilifíse uile. Seachas a bheith báite ag an teilifís, tá borradh agus fás faoi sheirbhísí raidió agus iad ar fáil tríd an ríomhaire, teilifís dhigiteach, satailít agus fón póca. Thig nuachtáin a phriontáil in iliomad láithreacha anois seachas a bheith á seachadadh ar thraenacha nó leoraithe ó aon lárionad amháin. Laghdaíonn sé sin an costas dáileacháin agus tugann sé níos mó deiseanna dóibh eagráin faoi leith a fhoilsiú do réigiúin éagsúla. Ina theannta sin, is iomaí nuachtán anois a bhíonn ag soláthar físeán ar a gcuid suíomhanna idirlín. Go deimhin, is ar cheamaraí físe amháin a bhíonn grianghrafadóirí de chuid nuachtáin áirithe i SAM ag glacadh a gcuid pictiúr anois. Cuirtear frámaí socra i gcló sa nuachtán agus bíonn an físeán le feiceáil ar an suíomh idirlín.
Mar thoradh ar dhul chun cinn i gcumarsáid na satailíte agus i gcórais eagarthóireachta dhigiteacha thig le hiriseoirí a gcuid tuairiscí teilifíse a tharchur go gasta ó achan chearn den domhan. Cuidíonn ceamaraí níos lú agus trealamh níos éadroime le soghluaisteacht an tuairisceora teilifíse. Lena chois sin, tá uirlisí taighde úra ar fáil anois d’iriseoirí trí chnaipe a bhrú, ach úsáid shiosmaideach a bhaint astu. Dornán beag de bhlianta tar éis chéadcheapadh an phodchraolta –
comhaid fuaime dhigiteacha a chuirtear ar fáil do ghairis éisteachta ar nós an iPod ina dtig linn a roghnú cad leis ar mhaith linn éisteacht agus cá huair – tá na stáisiúin raidió uile in Éirinn nach mór ag soláthar na seirbhíse sin. Go deimhin, tá nuachtáin áirithe – Lá Nua ina measc – ag tairiscint podchraoladh fuaime óna gcuid suíomhanna idirlín. I gcás na Gaeilge de, is áis iontach foghlama iad na podchraolta seo siocair go dtig leat foghraíocht na bhfocal a chluinstin fad is atá tú á léamh.
Nuacht ar líneThiocfadh leat a rá gur ar chúrsaí nuachta ba mhó a chuaigh teacht an idirlín i bhfeidhm. Tá glúin úr tagtha i méadaíocht in Éirinn a bhíonn ag dréim go mbeadh nuacht ar fáil ar líne am ar bith den lá saor in aisce. Dea-scéala é seo dóibh siúd a bhfuil cíocras mór orthu maidir le cúrsaí reatha ach cothaíonn sé neart fadhbanna don tionscal féin.
Ba iad na meáin chumarsáide ba thúisce a tháinig i dtír ar an éileamh seo agus is nós coitianta anois é leathanaigh phearsanta agus blaganna a chumadh. Is éard is weblog nó blag ann ná dialann phearsanta nó pholaitiúil ina ndáiltear eolas agus ina dtugtar cuireadh do dhaoine eile a mbarúil a nochtadh faoina bhfuil ann. Cúis bhróid don bhlagadóir é eolas te-bhruite a bheith ar fáil ar a shuíomh. Bíonn sé de bhuntáiste acu nach mbaineann na srianta agus na rialacháin leo lena bhfeidhmíonn na meáin fhadbhunaithe. Foinse úsáideach eolais iad mar sin in aimsir chogaíochta nó ansmachta. Glactar leis, mar shampla, nach bhfuil na meáin ag feidhmiú mar is ceart san Iaráic faoi láthair ach sáraítear an bhearna eolais le blaganna, bíodh siad ó shaoránaigh den uile fhaicsean nó ó bhaill den arm forghabhála.
Suíomhanna idirghníomhacha iad den chuid is mó ach in amanna bíonn easpa inchreidteachta acu, de cheal córas ceart leis an eolas a phromhadh. Ní shin le rá, áfach, nach mbíonn a gcuid córas rialaithe féin ag cuid acu. Is mó de thábhacht atá le dinimic shóisialta an bhlaig ná leis an ábhar atá faoi chaibidil. Is i mbun comhrá a bhíonn lucht blagadóireachta agus cé go bhfuil cead ag gach mac máthar páirt a ghlacadh sa chomhrá sin, éilítear méid áirithe dea-iompair ar uairibh. Amharctar ar bhlaganna mar a bheadh seomra i dteach, ina dtugtar cuireadh do dhaoine teacht isteach le dreas comhrá a dhéanamh. Má thosaíonn duine ag screadaíl agus ag tabhairt íde na muc is na madraí sa seomra sin, caitear amach iad! Is geall le seomra ranga, seachas seomra suite, iad blaganna i dteangacha neamhfhorleathana ar nós na Gaeilge. Deir Diarmaid Mac Mathúna, léiritheoir/stiúrthóir i réimse na heolaíochta, in Beo! i 2006 go léiríonn an lucht leanúna díograiseach atá ag suíomhanna blagadóireachta ar nós An tImeall go bhfuil:
a lán daoine le Gaeilge timpeall an domhain ag lorg áiseanna
ilmheán chun cabhrú leo an teanga a chleachtadh. Is iontach an
rud é go bhfuil na teicneolaíochtaí is nua ar fad in úsáid chun an
comhluadar Gaelach a neartú ar an idirlíon – bímis ag
blagadóireacht ar son na cúise!
Ceann de na tionchair is mó atá ag an bhlag ar na meáin chumarsáide ná go bhfuil sé níos deacra anois idirdhealú ceart a dhéanamh idir iriseoireacht ghairmiúil agus amaitéarach. Fístéipeanna amaitéaracha don chuid is mó a bhí le feiceáil sna tuairiscí ón tsunami tubaisteach a mharaigh os cionn 200,000 i ndeisceart na hÁise i ndeireadh na bliana 2004. Pictiúr le smál de dhaoine ag éalú ó charráiste lán deataigh agus a glacadh le fón póca a bhí ar an íomhá ba mhó chuimhne den scrios a rinne buamálaithe féinmharfacha ar thraein agus busanna Londan ar 7 Iúil, 2005. Nuair a mharaigh Cho Seung-Hui 32 dá chomhscoláirí in Virginia Tech in Aibreán 2007, ba ar bhlaganna a bhí an cur síos ab uafásaí den slad agus iad ag cur thar maoil le físeáin agus grianghraif fón póca. Tar éis do Matt Drudge an scéal a scaoileadh ar an idirlíon go raibh caidreamh collaí ag Uachtarán SAM, Bill Clinton, le hintéirneach sa Teach Bán, Monica Lewinsky, dúirt sé go raibh tréimhse úr i ndán do na meáin ina mbeadh macalla na milliún glórtha beaga le cluinstin go hard.Ar lean. an mhí seo chugainn
Tá an leabhar *Ar an Taifead: Fís, Fuaim, Focal le Breandán Delap le ceannach ar €20 ar shuíomh Cois Life: www.coislife.ie.*
Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ/TG4 é Breandán Delap. Tá cónaí air sa Spidéal.
Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.