CÚRSAÍ SPÓIRT
Cumann báire Caoimhín agus an pobal lárchathrach
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Tá sé beagnach céad bliain ó bunaíodh Cumann Báire Caoimhín, cumann atá lonnaithe i lár na cathrach i mBaile Átha Cliath. Ar chúiseanna éagsúla, athruithe sóisialta ina measc, tá dúshlán mór roimh an gclub agus iad ag tabhairt a n-aghaidhe ar an dara céad. Tuairisc ó Cholm Mac Séalaigh.

Íomhá
Íomhá

Bunaíodh Cumann Báire Caoimhín i 1902. Tá fianaise ann gur craobh de Chonradh na Gaeilge a bhí ann mar bhí an méid seo i gcló ar an Irish Independent ar an 16 Márta 1903: “For close on half a mile of the procession came an almost interminable line of little boys and little girls which at length culminated in the really striking muster of the members of St. Kevin’s Branch in the midst of which was borne a pretty banner bearing the words: ‘St. Kevin spoke Irish, so should you’. They carried hurleys and were representing St. Kevin’s Branch of the Gaelic League in the parade through Dublin which was held to mark the opening of Irish Language Week in March 1903”.

Sa leabhar cuimhneacháin a d’fhoilsigh an cumann i 1977, scríobh Lughaidh Mac Mathúna, Corcaíoch, an méid seo: “Thanag-sa go dtí Baile Átha Cliath i dtosach na bliana 1933 agus chuas isteach i gCraobh na gCúig gCúigí de Chonradh na Gaeilge. Chuireas aithne sa Chraoibh sin ar bhaill de Chumann Báire Caoimhín agus ní raibh sé ró-dheacair mé a mhealladh isteach sa chumann san mar go raibh ana-shuim agam riamh san iománaíocht agus ana-bháidh agam léi.”

Cibé faoin nasc le Conradh na Gaeilge, is cinnte go raibh an-bhaint ag an gCumann Báire le cúrsaí iománaíochta i mBaile Átha Cliath, go mor mhór i lár na cathrach, mar tá an cumann lonnaithe sa cheantar ceannann céanna, is é sin thart ar an gCuarbhóthar Theas, na Saoirsí, Sráid Chamden, Ráth Maonais, agus tá gaol speisialta aige le Scoileanna na mBráithre Críostaí, Sráid Synge agus Sráid Phroinsias, le céad bliain nach mór.

Ní minic a dhéantar tagairt do thraidisiún na hiománaíochta i mBaile Atha Cliath ach bhí sé de nós ag fir óga dul amach go dtí Páirc an Fhionnuisce agus báire a imirt ar thrathnóntaí fada samhraidh. Tá cumainn mar Chumann Uí Thuathail, Eoghan Ruadh agus Caoimhín ina gcuid lárnach de thraidisiún na hiománaíochta san Ardchathair le breis is céad bliain. Deirtear gur bunaíodh Cumann Báire Caoimhín faoi chrann i bPáirc an Fhionnuisce, ach is cosúil gur tionóladh an chéad chruinniú foirmeálta i dteach i Sráid Chamden.

Bhí an nasc le Scoil na mBráithre, Sráid Synge an-tábhachtach maidir le forbairt an chumainn ar feadh blianta fada tar éis a bhunaithe. Thosaigh Ned Murphy ag múineadh i Sráid Synge i 1931 agus thug sé an-spreagadh don iomáint sa scoil agus sa chumann. Is i gcuimhne ar Ned a thugtar Páirc Uí Mhurchú ar pháirc Chumann Bhaile Buadain - Naomh Éanna i dTeach Giúise i mbruachbhailte theas na cathrach.

Bhí na Bráithre an-ghníomhach i gcur chun cinn scileanna na hiomána i measc daltaí na scoile go mór mhór sna 1970í nuair a bhuaigh Sráid Synge agus Cumann Báire Caoimhín beagnach gach comórtas faoi aois i mBaile Atha Cliath sa tréimhse sin. Ní hamháin sin ach chuir siad tús le ré órga i stair an chumainn mar, ag deireadh na seachtóidí agus tús na n-ochtóidí, bhuaigh an cumann gach cineál comórtais, idir shraithchomórtais, chraobhchomórtais agus choirn, i ngrád na sóisear, idirmheánach agus sinsear, ach amháin an ceann mór, is é sin an craobhchomórtas sinsear.

Institiúid shóisialta

=======

Tá tábhacht ar leith le Cumann Báire Caoimhín mar institiúid shóisialta toisc go mbaineann sé le ceantar lárchathrach theas Bhaile Átha Cliath. Is beag cumann spóirt, gan trácht ar chumainn de chuid Chumann Lúthchleas Gael, atá lonnaithe sa cheantar lárchathrach. Ó am go ham bíonn deacrachtaí móra ag an gcumann leanúint ar aghaidh. Ní cumann paróiste é ar nós mórán gach cumann eile de chuid an CLG ar fud na tíre sa mhéid is gur bhain sé le Conradh na Gaeilge sna blianta tosaigh agus le scoileanna na mBráithre ina dhiaidh sin. Chomh maith leis sin tá athruithe móra tar éis teacht ar phobal an cheantair le blianta fada, óir is ceantar é ina bhfuil seantithíocht, nach tithe cónaithe ag teaghlaigh níos mó den chuid is mó iad ach árasáin ag lucht tuaithe atá ag obair i mBaile Átha Cliath.

Nuair a éiríonn le muintir na tuaithe postanna buana a fháil bogann siad amach chuig na bruachbhailte, mar a bhfuil tithíocht níos saoire agus níos nua-aimseartha le fáil, agus, dar ndóigh, is amhlaidh go bhfuil siad ag dul níos faide agus níos faide amach ón gcathair chun tithe measartha saor a fháil. Tá seo fíor faoi mhuintir dhúchasach an cheantair chomh maith nó ar a laghad ar bith an chuid sin a bhfuil dúil acu a gcuid tithe leathscoite féin a fháil. Dá bhrí sin cónaíonn formhór de bhaill Chumann Báire Caoimhín sna bruachbhailte agus iad scaipthe go maith dá réir. Ach is é an rud a choinníonn iad páirteach sa chumann ná a ndúil san iománaíocht agus a ndílseacht do “Kevins”, mar a thugtar go coitianta ar an gcumann.

Ach céard tá i ndán do chumann ar nós Cumann Báire Caoimhín? Cen chaoi ar féidir le cumann feidhmiú i gceantar ina bhfuil bochtaineacht shoiléir agus fadhb mhór drugaí i measc daoine óga ar thaobh amháin agus pobal neamhbhuan, sealadach ar an taobh eile? Is cumann beag é, cumann gan chumhacht, a mheall isteach buachaillí a d’fhreastail ar scoileanna áirithe sa cheantar, chomh maith le corrfhear óg ó Chorcaigh nó Uíbh Fháilí a tháinig ag obair sa cheantar agus dúil san iománaíocht aige.

Agus iad ag tabhairt aghaidhe ar bhliain an chéid sa chumann, tá na baill ag streachailt leis na ceisteanna seo agus ag iarraidh freagraí a fháil. Ba mhaith leo ionad pobail a thógáil a mbeadh áiseanna ann do shuaitheadh coirp de chineálacha éagsúla agus ina bhféadfadh muintir an cheantair imeachtaí sóisialta a reáchtáil. Ba mhaith leo ionad iománaíochta a thógáil agus freastal i gceart ar aos óg an cheantair. Ach caitheann siad a gcuid fuinnimh ar fad, nach mór, ag eagrú foirne, ag cur oiliúna ar dhaoine óga agus ag bailiú airgid chun na costais reatha a ghlanadh.

Mhair Cumann Báire Caoimhín ar feadh céad bliain go dtí seo, uaireanta ar éigean agus uaireanta le flosc agus le spleodar. Agus iad ag tabhairt a n-aghaidhe ar an dara céad, níl aon dabht faoi ach go bhfuil dúshlán mór roimh na Caomhánaigh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.