Tá cónaí ar Panu Petteri Höglun in iardheisceart na Fionlainne agus tá ocht dteanga ar a thoil aige, an Ghaeilge ina measc. Sa dara cuid d’agallamh ríomhphoist a chuir Beo! air, déanann sé cur síos, i measc rudaí eile, ar na teangacha ar fad atá aige, tábhacht an idirlín agus a bhfuil i ndán don Ghaeilge, dar leis.
- Cad iad na teangacha eile atá agat? An raibh siad ina gcuidiú agat agus tú ag foghlaim na Gaeilge?
Tá an Fhionlainnis ó dhúchas agam, d’fhoghlaim mé Béarla, Sualainnis agus Gearmáinis ar scoil, agus i m’fhear fásta domh, tharraing mé orm an Pholainnis, an Íoslainnis, roinnt drochRúisise - tá sé beagnach dodhéanta Polainnis mhaith agus Rúisis mhaith a bheith agat ag an am chéanna, nó tá an dá theanga chomh cosúil le chéile is gur dual daofa cur isteach ar a chéile - agus an Ghaeilge. Tá mé ag foghlaim Spáinnise anois.
Bhí na teangacha uilig ina gcuidiú mór agus an Ghaeilge á foghlaim agam, agus mé ag cur na Gaeilge i gcomparáid leofa.
- An mbíonn mórán deiseanna agat an Ghaeilge a úsáid ó lá go lá?
Bíonn. Bíonn mo bhosca ríomhphoist ag cur thar maoil le teachtaireachtaí Gaeilge gach maidin! Dáiríribh, le bheith in ann aon rud eile a dhéanamh tógaim cúpla lá scíste ón Ghaeilge uaireanta. Ach is deacair í a chur i leataobh go ceann i bhfad, agus an tsaint atá agam inti, mar Ghaeilge. An chuid is mó den am, bím ag déanamh taighde ar an Ghaeilge fá choinne foclóra Fionlainnise agus Gaeilge atá mé a chur ar an idirlíon, nó ag scríobh leathanaigh eolais nó siamsaíochta as Gaeilge le haghaidh lucht scimeála an idirlín.
Thar aon rud eile, tá an ríomhaire in úsáid agam le cur leis na leathanaigh idirlín. Níor bhain mé triail as aon diosca CD-ROM go fóill, mar shampla.
- An bhfuil mórán cainteoirí Gaeilge eile san áit ina bhfuil tú ag cur fút?
Níl. Tá cupla foghlaimeoir eile san Fhionlainn, áfach. Agus is dócha gur chuala tú iomrá ar Anders Ahlqvist cheana féin - duine d’ár gcuid eisean fosta.
- An bhfuil mórán ama caite agat in Éirinn?
Chaith mé seacht mí i nGaillimh trí bliana ó shin, ach dáiríribh chuaigh aimsir na hÉireann i bhfeidhm orm ar dhóigh bharrúil ar fad. Nuair nach raibh an aimsir ag athrú, b’fhacthas domh go raibh an lá céanna ag gealadh aríst agus aríst eile. Chaill mé cuntas na laethanta ar fad - bhí sé cineál osréalaíoch. Tháinig mé go hÉirinn i mí na Samhna agus phill mé i ndeireadh na Bealtaine, agus dheamhan athrú a bhí ar an aimsir - mar sin, níor mhothaigh mé an t-am ag sleamhnú uaim.
Chaith mé an chuid ba mhó den am i Leabharlann James Hardiman, ach ar a laghad, d’éirigh liom an-eolas a chruinniú fá dtaobh den Ghaeilge, mar a theastaigh uaim. Nuair a tháinig mé ar ais chun na Fionlainne, chrom mé láithreach ar leabhar faisnéise a scríobh as Fionlainnis fá dtaobh de stair agus cultúr na Gaeilge. Shíl mé ar dtús nach dtógfadh sé ach leathbhliain orm an leabhar a chríochnú, ach tá an scéim seo ar na bacáin i gcónaí, ó tá leabhartha nua suimiúla as Gaeilge nó fá dtaobh den teanga á bhfoilsiú go tiubh an t-am ar fad, agus mise róchíocrach chun gach líne a léamh.
Chaith mé ceithre lá i mBaile Átha Cliath i lár mhí Iúil i mbliana, agus ar ndóighe, tháinig mé abhaile le lastas mór leabhartha - thar aon rud eile, an chéad chuid de “Scríbhinní Mháire”, sraith atá Nollaig Mac Congáil a chur in eagar fá láthair, nár lagaí Dia a lámh. Tá andúil agam i scríbhinní Mháire, nó tá Gaeilge iontach iontu, cibé locht atá orthu mar litríocht - agus sílim go bhfuil an iomarca déanta de na lochtanna ag lucht na léirmheastóireachta. Ní bhfuair Séamus Ó Grianna a cheart riamh ón drong sin go dtí gur chrom Alan Titley ar an obair: tá an-léargas aige ar shaothar Mháire sa leabhar mór critice udaí, An tÚrscéal Gaeilge.
- An bhfuil tú dóchasach faoi thodhchaí na teanga?
Creidim nach bhfuil sa bhéal bhocht a bíos i gcónaí ar siúl ag lucht na Gaeilge ach stráitéis shlógtha, go bunúsach. Táthar ag tuar an bháis don teanga leis na dea-dhaoine a shlógadh le chéile chun a ndícheall a dhéanamh ar son na teanga. Sin é an léamh a bhainim as an scéal, mar shochtheangeolaí. Tá an Ghaeilge i bhfad níos fearr as ná mar a shíltear, ach tá feidhm le hatmaisféar na gcríoch déanach, nó coinníonn sé an sracadh sa chuid is gníomhaí de ghluaiseacht na Gaeilge. San am chéanna, is féidir nach é an bealach is fearr leis an teanga a chur ar fáil do Thadhg an mhargaidh. Sílim go mba chóir níos mó béime a chur ar na rudaí a d’éirigh linn, mar Ghaeilgeoirí, a bhaint amach tar éis an tsaoil: na suíomh ghréasáin Ghaeilge, mar shampla, ar nós Beo! féin.
Le stádas na Gaeilge a ardú, ní mór an ollscoil lánGhaeilge a chur ar bun agus teanga lánoifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh a dhéanamh dithi. Seo iad an dá phríomhchuspóir a gcaithfidh muid díriú orthu i láthair na huaire.
Níl mé cinnte an bhfuil mé dóchasach faoi thodhchaí na teanga, mar sin, ach ritheann an cur síos liom a thug Norman Davies ar obair a chuid carad sa Pholainn i dtús na n-ochtóidí. (Staraí Sasanach é Davies a scríobh leabhar maith fá stair na Polainne, cibé locht atá ar an cheann a scríobh sé fá stair na hÉireann.) Bhuel, ag fáil léargais dó ar an dóigh a raibh an freasúra neamhdhlíthiúil sa Pholainn ag obair, ag foilsiú leabhartha, ag cruthú sochaí dhaonlathach beag beann ar an chóras oifigiúil, ba é an tátal a bhain sé as an scéal ná “go raibh an bhuaidh daite do na daoine seo”. Caithfidh mé a rá i dtaca le holc, go dteachaidh lucht na Gaeilge i bhfeidhm orm ar bhealach mar seo, agus an fuinneamh is an sracadh atá iontu i gcónaí. Beidh lá eile ag an Phaorach.