San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Ben Mac Lochlainn, Gael-Taca, Baile Átha Cliath.
- Cathain a bunaíodh Gael-Taca, Baile Átha Cliath (G-TBÁC) agus cé a bhunaigh é?
Bunaíodh Gael-Taca, Baile Átha Cliath i mí na Samhna 2003. Ba mise féin a bhunaigh é. Tá ár gcomheagras, Gael-Taca, Corcaigh, a bhunaigh Pádraig Ó Cuanacháin, ag feidhmiú ó bhí 1987 agus tá an-rath air.
- Cén ról atá agat féin i G-TBÁC agus cén fhad atá tú sa phost?
Is mise Rúnaí an eagrais agus táim ann ó thús.
- Cén fáth ar bunaíodh an t-eagras an chéad lá riamh?
Is eagraíocht mhargaíochta dheonach é Gael-Taca a bunaíodh chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhonn ginearálta, ach go háirithe i mórcheantar Bhaile Átha Cliath. Tá sé mar aidhm ag an eagras an Ghaeilge a chur os comhair an phobail sa tslí is go mbeidh íomhá níos feiceálaí aici. Tá aitheantas tugtha ag Foras na Gaeilge agus ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge do Ghael-Taca, Baile Átha Cliath.
- Cé mhéad duine atá fostaithe ag G-TBÁC?
Níl éinne “fostaithe” ar bhonn gairmiúil. Is eagras deonach sinn, is sé sin, tá gnáthphostanna ag cuid againn agus is mic léinn cuid eile againn. I measc na ndaoine eile atá páirteach san eagras tá Tadhg Ó Dónalláin (Cathaoirleach), Phyllis Walsh (Cisteoir), Rónán Bunting (Leas-Chathaoirleach) agus Karl Ó hInneirghe (Oifigeach Caidrimh Phoiblí).
- Cén obair a dhéantar san eagras ó lá go lá?
Bímid i dteagmháil le heagrais eile agus daoine aonair, comhlachtaí agus ionaid siopdóireachta ag iarraidh iad a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid ina gcuid comharthaí, ina gcuid bolscaireachta, srl.
- Cad iad na foinsí maoinithe atá ag G-TBÁC? An leor iad?
Tá deontas beag againn ó Fhoras na Gaeilge ach ní leor é.
- An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach?
Tá cuid acu bainte amach. Táimid ag súil go bhfuil síol beag curtha againn.
- Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann le G-TBÁC?
Na laigí: easpa airgid agus easpa ama.
Na láidreachtaí: tá coiste fuinniúil againn a bhfuil lánmhuinín aige as féin.
- Ainmnigh na trí rud is tábhachtaí, dar leatsa, ba cheart a bheith bainte amach ag G-TBÁC faoi cheann cúig bliana.
Go n-éireoidh linn cur ina luí ar lucht na Gaeilge an dochar mór atá á dhéanamh don theanga trí úsáid an Bhéarlachais. Dar linn gurb é sin an chontúirt is mó don Ghaeilge. Go mbeidh an Ghaeilge níos feiceálaí in áiteanna nach mbeifeá ag súil le hí a fhéiceáil - i gcomhthéacsanna sóisialta, mar shampla. Go mbeidh cothrom na Féinne faighte againn don Ghaeilge ar chomharthaí dátheangacha. Faoi láthair, bíonn na litreacha Gaeilge níos lú ná na cinn Bhéarla ach ba chóir go mbeadh comhstádas ag an dá teanga. Chothódh sé seo meas nua ar an nGaeilge i measc an phobail.
- Cén fhís atá agat féin maidir leis an nGaeilge?
Ar a laghad go mbeadh an Ghaeilge á labhairt níos mó sa todhchaí ná mar atá sí sa lá atá inniu ann.