THALL IS ABHUS
Athchuairt ar Camino de Santiago
Áine Ní Ghallchóir Áine Ní Ghallchóir

Dar le hÁine Ní Ghallchóir, is deacair a mhíniú an tairbhe a bhaineann le turais oilithreachta, ach bhraith sí féin go hiomlán ar a suaimhneas le linn di a bheith ag siúl Camino de Santiago le gairid. An mhí seo, scríobhann sí faoin gcéad chuid dá turas agus leanfar den alt in eagrán [i]Beo![/i] mhí na Samhna.

Íomhá
Saint Jean Pied de Port, an áit ar chuir Áine tús lena turas
Íomhá
Auberge de Orrison, ceann de na brúnna saora atá le fáil ar Camino de Santiago
Íomhá
An mhainistir in Roncesvalles, áit a gcuireann go leor daoine tús lena dturas oilithreachta
Íomhá
Ritheann tairbh síos sráid in Pamplona le linn na féile móire a bhíonn ar siúl sa bhaile sin gach samhradh

Is beag a shíl mé anuraidh nuair a thug mé mo chéad chuairt ar Camino de Santiago (nó Bealach Naomh Shéamuis mar a thugtar air sa Ghaeilge) go mbeinn ag tabhairt m’aghaidhe arís ar an mbóthar oilithreach céanna seo i dtuaisceart na Spáinne sula mbeadh an bhliain thart. Tá rud éigin tarraingteach faoin gcineál seo saoire a mheallann ar ais an t-oilithreach bliain i ndiaidh bliana. Is oilithreacht í seo, a théann siar go dtí an Mheánaois. Tá an turas iomlán breis agus 800 ciliméadar ar fhad agus síneann sé ó Saint Jean Pied de Port – ar baile beag é atá suite ar an teorainn idir an Fhrainc agus an Spáinn – go dtí Santiago de Compostela in Iarthar na Spáinne. Deir daoine nach gcríochnaíonn sé, i ndáiríre, go dtí go mbaintear amach Finisterre, baile atá suite ar chósta thiar na Spáinne.

Má shiúlann oilithreach 100 ciliméadar de bhealach Camino de Santiago, tá sé i dteideal teastas a fháil ar a dtugtar an Compostela. Is deacair a mhíniú do dhaoine an tairbhe atá leis an gcineál seo saoire. Tá rud amháin cinnte, áfach: tá suaimhneas nach bhféadfaí a shamhlú ag baint leis an eispéireas.

Téann formhór den tsiúlóid seo trí bhealaigh thuaithe, trí fhoraoisí, fheirmeacha agus bhailte beaga tuaithe, áiteanna ar féidir fíorchultúr na Spáinne a fheiceáil. Os rud é go n-iompraíonn formhór na n-oilithreach an beagán éadaí agus riachtanas eile a thugann siad leo ar a ndroim, is de réir praiticiúlachta, seachas faisin, a roghnaíonn siad a mbíonn ina gcuid málaí.

Tá an turas iomlán déanta suas de 33 stáid nó siúlóidí éagsúla, iad idir 20-26 ciliméadar ar fhad ar an meán. Tá leabhair mhaithe ar fáil a dhéanann cur síos ar na stáid éagsúla agus ar na tithe lóistín atá sna bailte éagsúla ar an mbealach. Tá brúnna ar a dtugtar *auberge *le fáil i go leor de na bailte. Tá siad saor – idir €5 agus €8 euro san oíche – agus de ghnáth, bíonn áiseanna cócaireachta

bialanna ar fáil iontu. Bíonn biachlár na n-oilithreach le fáil sna bialanna agus cosnaíonn dinnéar thart ar €8.

Ba ar eitilt ón tSionainn go Biarritz a chuaigh mise chun na Fraince, agus ansin, i dtacsaí ó Biarritz go St. Jean Pied de Port. Bhain mé baile Saint Jean amach thart ar 7.30 pm agus tar éis dom lóistín a fháil don oíche, ba go hoifig na n-oilithreach a bhí mo thriall le stampa a fháil ar mo phas oilithrigh agus le tuar na haimsire sna Piréiní a fháil don lá arna mhárach.

Anseo thíos tá achoimre ghairid ar mo thuras seachtaine. Shiúil mé 164 ciliméadar ó Saint Jean Pied de Port sa Fhrainc go dtí Logrono i gceantar Rioja na Spáinne. Déanfaidh mé cur síos ar an gcéad trí lá in eagrán na míosa seo, agus beidh an chuid den alt le feiceáil in eagrán Beo! mhí na Samhna.

Lá 1 Dé Mairt: Ó Saint Jean Pied de Port go dtí Roncansvalles – 24.8 ciliméadarNíl dabht ar bith ach go bhfuil an tsiúlóid áirithe seo a rinne mé ar an gcéad lá ar cheann de na stáideanna is dúshlánaí ar an Camino. Tá sé 24.8 ciliméadar ar fhad agus tá dreapadóireacht de 1,300 méadar i gceist. Shiúil mé go dtí Auberge Orisson – aistear atá naoi gciliméadar ar fhad agus 900 méadar ag dul suas in éadan na mala – agus ghlac mé briseadh le mo scíth a dhéanamh agus le greim a ithe. Thuig mé ag an bpointe sin go mbeadh siúl an lae maslach go maith, ach thuig mé leis gurbh fhiú an tairbhe an trioblóid mar go raibh an taobh sin tíre go hálainn agus cheana féin, bhí an radharc dochreidte. Lean mé ar aghaidh trasna na teorann leis an Spáinn go dtí gur bhain mé Col de Lopoeder amach. Bhí an bhuaic bainte amach agam ansin agus mé 1450 méadar in airde. Chuaigh mé síos an cnoc ansin – ceithre chiliméadar ar bhealach atá contúirteach go leor – go

dtí baile Roncesvalles. Baile galánta is ea é seo ina bhfuil mainistir mhór, áit a dtosaíonn go leor daoine a n-oilithreacht.

Lá 2Dé Céadaoin: Ó Ronconsvalles go dtí Larasonna – 27.7 ciliméadar

Bhí siúl an lae inniu 27.7 ciliméadar ar fhad ach ní raibh sé chomh dúshlánach céanna agus a bhí siúl an lae inné. Thosaigh an tsiúlóid ag 9.15 am agus chuaigh mé ar aghaidh go dtí Burguete, go Espinal, go Alto de Mezquiriz agus ansin, go Viscarret. Ghlac mé sos ansin agus cheannaigh mé cáis, sú oráiste agus torthaí i siopa beag sa bhaile sin. Ar aghaidh liom ansin go dtí Alto de Euro agus faraor, tháinig an bháisteach. Bhí go leor lábáin faoi mo chosa agus bhí sé contúirteach go maith: b’fhurasta titim. Sa deireadh, stop an bháisteach agus ar aghaidh liom ar mo bhealach go Larrasoana. D’aimsigh mé áit dheas le fanacht ann i sráidbhaile beag taobh amuigh de Larrasaona ar a dtugtar Akerreta. Bia orgánach ar fad a bhí san óstán agus tógadh an foirgneamh sa seachtó haois déag. Tá mé tuirseach go maith ach tá mé ag súil go mór leis an lá amárach agus le baile Pamplona a fheiceáil.

Lá 3Déardaoin: Ó Larrasoana go dtí Cizur Menor – 21.2 ciliméadar

Inniu, rinne mé siúlóid dheas shuaimhneach trí ghleann an Arga go dtí gur bhain mé Pamplona amach. Agus mé in Puenta de Magdalena, casadh orm ceathrar ban a bhí ar an eitilt ón tSionainn liom agus shiúil muid isteach go Pamplona le chéile. Chonaic muid an Plaza de Torres agus an tsráid a ritheann na tairbh uirthi le linn na féile

móire a bhíonn ar siúl in Pamplona gach samhradh. Tar éis tamall a chaitheamh sa chathair agus greim a ithe ansin, ar aghaidh liom go Cizur Minor. Is bruachbhaile de chuid Pamplona é Cizur Minor agus tá sé gar don ollscoil.

Chaith mé an oíche in Auberge Senorita Doudas. Tá sí féin agus a teaghlach i mbun na hoibre seo le tamall fada, ag tabhairt dídine dóibh siúd atá ag siúl an Camino. An rud ba shuntasaí faoin bhean seo ná gur shuigh sí síos um thráthnóna agus labhair sí leis na hoilithrigh. Mhol sí áiteanna eile le fanacht iontu ar an mbealach, chuir sí comhairle orainn faoin turas a bhí romhainn agus thug sí cóir leighis dóibh siúd ar theastaigh sí uathu.

Beidh an chuid eile den alt seo le feiceáil in eagrán Beo! mhí na Samhna.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.