AGALLAMH BEO
Liam Mac Con Iomaire
Éamonn Ó Dónaill Éamonn Ó Dónaill Éamonn Ó Dónaill

Chaith Liam Mac Con Iomaire cúig bliana dá shaol ag obair ar bheathaisnéis an fhonnadóra chlúitigh as Conamara, Seosamh Ó hÉanaí, agus tá toradh a chuid oibre le feiceáil anois sa leabhar Nár fhágha mé bás choíche, a foilsíodh le déanaí. Labhair Éamonn Ó Dónaill leis faoi scríobh an leabhair seo agus faoin obair eile a bhí ar siúl aige roimhe sin, mar oideachasóir agus mar iriseoir.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Costelloe Lodge i gCasla sa lá atá inniu ann
Íomhá
Chaith Liam aon bhliain déag ag múineadh i Scoil Lorcáin
Íomhá
Íomhá
Seosamh Ó hÉanaí: draíocht ag baint lena chuid fonnadóireachta
Íomhá

an-aird tugtha ag na meáin chumarsáide ar bheathaisnéis Liam Mhic Con Iomaire ar an amhránaí sean-nóis as Conamara, Seosamh Ó hÉanaí, ó foilsíodh an saothar i dtreo dheireadh na bliana seo caite. Seosamh Ó hÉanaí: Nár fhágha mé bás choíche *is teideal don leabhar agus tá moladh mór faighte aige ó léirmheastóirí éagsúla. Rinne Proinsias Ó Drisceoil léirmheas air san *Irish Times díreach roimh an Nollaig agus bhí alt fada ag Siobhán Long faoi sa nuachtán céanna seachtain nó dhó roimhe sin. Lena chois sin, foilsíodh léirmheasanna fíormholtacha agus ailt mar gheall ar an leabhar i bpáipéir éagsúla, The Irish Examiner agus The Connacht Tribune ina measc.

Rugadh Ó hÉanaí, nó Joe Éinniú mar a tugadh air go minic, i gCarna i gConamara sa bhliain 1919 ach chaith sé an chuid is mó dá shaol ar deoraíocht, in Albain, i Sasana agus sna Stáit Aontaithe, áit ar cailleadh é sa bhliain 1984. Áirítear Ó hÉanaí i measc amhránaithe móra sean-nóis an 20ú haois ach ní bhfuair sé aitheantas ceart riamh in Éirinn. Is cinnte go gcuideoidh saothar seo Mhic Con Iomaire leis an scéal a chur ina cheart.

Dírítear sa bheathaisnéis seo ar Ó hÉanaí mar ealaíontóir agus ní dhéantar mórán tráchta ar ghnéithe áirithe dá shaol pearsanta. Tá cur síos áirithe ann ar bhriseadh phósadh Sheosaimh agus ar an tslí ar thréig sé a bhean agus a cheathrar páistí agus nár fhill sé, fiú i ndiaidh bhás a mhná céile, le haire a thabhairt dá chlann óg. Nuair a chas mé le Liam Mac Con Iomaire ina theach cónaithe i ndeisceart chathair Bhaile Átha Cliath roimh an Nollaig mhínigh sé dom cén fáth nár chuir sé mórán béime ar an ghné sin de shaol Uí Éanaigh.

“Tá a fhios agat gur bhris an pósadh. Anois, sheachain mé taighde a dhéanamh air sin mar ní fheicim gur bhain sé leis an scéal. Murach gur ealaíontóir a bhí in Joe Éinniú ní iarrfaí orm a bheathaisnéis a scríobh. Ní scríobhtar beathaisnéis chuile Tom, Dick and Harry. B’ealaíontóir é Joe Éinniú agus bhí mise ag breathnú air mar amhránaí agus mar iompróir amhrán agus mar charachtar a bhí sách láidir leis na hamhráin seo a chur os ard, ar fud an domhain, d’fhéadfá a rá. Ní raibh sé sin déanta ag aon Éireannach eile roimhe sin mar a rinne seisean é. Agus an cumas a bhí ann mar ealaíontóir, mar reacaire, mar ealaíontóir ar stáitse aird pobail a choinneáil ar feadh tréimhse an-fhada. Is rud eile ar fad, rud príobháideach, an pósadh. Mar a deirim go minic, ní fhéadfainnse breithiúnas a thabhairt ar phósadh daoine nach raibh aithne ar bith agat orthu.”

Ach nach gcuirfeadh daoine an-spéis sa ghné sin de shaol Uí Éanaí?

“Ó chuirfeadh, gan dabht, ach bíodh acu.” Agus nach mbíonn tochailt i gceist i mbeathaisnéisí de ghnáth?

“B’fhéidir go raibh an t-ádh liomsa go raibh roinnt áirithe tochailte déanta ag fear eile romham, ag Michael Davitt [i gclár faisnéise a craoladh ar RTÉ i 1996]. Agus ceapaimse gur leor sin. Cuir i gcás, an fear álainn sin, an mac is sine a bhí ag Joe [Jackie Heaney], fear a raibh diaibéiteas air agus a bhí dall dá bharr sin. Anois, ní raibh baint ar bith ag briseadh phósadh Joe Éinniu leis an bhfear óg seo a bheith dall. Bhí daoine ag rá go mb’fhéidir go mbainfí an tuairim sin as an gcaoi ar ceanglaíodh le chéile iad sa scannán a rinne Michael Davitt.

“Thug mé an-suntas don fhear óg sin – ba bhreá liom bualadh leis. Ba léir go raibh sé sásta labhairt faoi chúrsaí ach níor mhaith liom cur isteach ar an mbeirt den chlann atá fágtha beo. Níor airigh mé go raibh aon chead agam é sin a dhéanamh.”

Cé nach raibh fonn rómhór ar Liam mórán airde a tharraingt ar phósadh ná ar chlann Uí Éanaí, ní raibh drogall air nithe diúltacha a chur i gcló a dúirt daoine éagsúla mar gheall ar an fhonnadóir. An méid seo, cuir i gcás, a bhí le rá ag an bhailitheoir amhrán Tom Munnelly, nach maireann, i léirmheas a scríobh sé ar an albam The Road from Connemara sa bhliain 2000:

For years we met almost every night in O’Donoghue’s pub in Merrion Row, Dublin. We often shared the same stretch of bar for the night but contiguity did not lead to companionship. There was a peppery arrogance about Joe’s behaviour which I never cared for, and I am sure my presence never impinged much on his consciousness ... I was not the only one who stepped gingerly around Joe. Those of you who saw Michael Davitt’s excellent television documentary Joe Heaney: Sing the Dark Away (made for RTÉ One in 1996) were made aware of the perplexity and abrasiveness of Joe’s persona. He seemed utterly incapable of familial loyalty. His family he abandoned utterly and left them to fend for themselves in Scotland ... It is an unfortunate fact that many great artists were and are unlovely people. And Joe Heaney was a great artist. (lgh. 210-1)

Labhair Mac Con Iomaire le réimse leathan daoine agus an bheathaisnéis seo á scríobh aige agus faigheann muid léargas den scoth dá bharr ar Ó hÉanaí mar ealaíontóir agus mar dhuine. I measc na ndaoine a chuir sé faoi agallamh agus é i mbun taighde bhí Peggy Seeger, Ronnie Drew, Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha, Tomás Mac Eoin, Liam Clancy, Tom Munnelly, John Faulkner, Joe Burke, Mick Moloney, Gabe Sullivan, Tony MacMahon agus Paddy Glackin.

Ag éirí aníos i gConamara

Dála Sheosaimh Uí Éanaí, rugadh agus tógadh Liam Mac Con Iomaire i gConamara. Saolaíodh é i gceantar Chasla i 1937, díreach roimh thus an Dara Cogadh Domhanda, agus bhí deichniúr ar fad sa chlann. Ar bhraith sé ag an am go raibh an teaghlach bocht?

“Níor bhraith muid go raibh muid bocht i ndáiríre. Bhí an t-ádh linn go raibh abhainn gar dúinn. Bhí an abhainn seo an-tábhachtach mar bhíodh sí lán bradán agus liocán, mar a thugadh muid ar an mbreac geal. Agus cé go raibh m’athair ina mhaor, ní miste a rá nach raibh ocras riamh

orainn – bhíodh bradáin agus liocáin againn i gcónaí nuair nach raibh siad ag daoine a bhí i bhfad níb fhearr as ná muid! Bhí ár gcuid ime féin againn, mar a bhí ag chuile dhuine. B’an-chócaire mo mháthair; tagann uisce le mo chuid fiacla nuair a smaoiním siar ar laethanta m’óige agus an bia seo ar fad. Bhí muid gar go maith don chladach, bhí bád againn, mar sin bhí an fíoruisce agus an sáile ag teacht le chéile díreach ag tóin an tí.”

Bhí teach mór i gCasla, Costelloe Lodge, agus bhí athair Liam, agus a athair siúd agus a sheanathair roimhe, fostaithe ag an dream ar leo é.

“Faoin am a raibh mise an-óg ba leis na hIsmays é, J. Bruce Ismay, Lord Ismay, an fear sin a tharraing droch-cháil air féin, mar gur éalaigh sé den Titanic in éadaí mná. Bhí seisean caillte ach bhí Lady Ismay fós ag teacht ansin.”

Nuair a bhí Liam sa mheánscoil, tharla eachtra a bhí an-tromchúiseach dá theaghlach.

“Dhíol na hIsmays, dhíol na heachtrannaigh an teach agus cheannaigh Colm Ó Lochlainn (ar leis Comhartha na dTrí gCoinneal anseo i mBaile Átha Cliath), an fear sin a chuir amach na bailéid ar fad, cheannaigh seisean an áit agus bhí Gaeilge aigesean. Chuaigh sé féin agus Sean Ford i nGaillimh i gcomhar le chéile ansin. Eatarthu, ar aon chuma, fuair siad lúb ar lár éicint sna cearta a bhí againne don teach agus díshealbhaiodh muid! Tá seans gur muid an chlann dheireanach i gConamara a díshealbhaíodh ach gurbh iad ár gcuid Éireannach féin agus ár gcuid Gaeilgeoirí féin a dhíshealbhaigh muid!

“Dar ndóigh, bhí cás cúirte ann agus tugadh airgead áirithe dúinn. Idir sin agus airgead ó Roinn na Gaeltachta bhí muid in ann costas an tí nua, ar éigean, a dhéanamh. Ní raibh sé chomh dona leis an sean-díshealbhú ach níor dheas é mar sin féin.”

Bhí sé deacair do ghnáthmhuintir na tuaithe oideachas dara leibhéal a fháil agus Liam ag éirí aníos de bhrí nach raibh an saoroideachas fós ar fáil. Fuair sé féin, agus an deartháir ba shine roimhe, scoláireacht, áfach, a chuir ar a gcumas freastal ar Choláiste Éinde, ar scoil ullmhúcháin í dóibh siúd ar mhian leo dul leis an mhúinteoireacht bhunscoile. Murach an scoláireacht sin, ní bheadh an dara rogha ag Liam ach aghaidh a thabhairt ar Mheiriceá nó ar Camden Town, mar a rinne go leor de lucht a chomhaoise.

An raibh sé sásta leis an oideachas a fuair sé i gColáiste Éinde?

“Bhí mé an-sásta leis ach bhí daoine eile nach raibh sásta agus tá mé ag ceapadh gur éirigh an réimeas an-dian ina dhiaidh sin. Caitheadh amach roinnt buachaillí óga nár cheart a chaitheamh amach mar gheall ar nár tugadh an aire cheart dóibh. Bhí an sagart a bhí i gceannas na scoile in loco parentis agus mídhiscréid bheag a bhí i gceist a dhéanfadh lads óga ar bith sna déaga, agus gan dochar mór ar bith déanta, ach d’éirigh an réimeas an-dian ina dhiaidh sin, deirtear liom.”

Tar éis na hArdteiste, chuaigh Liam ar aghaidh go Coláiste Phádraig, an coláiste oiliúna i mBaile Átha Cliath do mhúinteoirí bunscoile agus, cé nach scoláire mór a bhí ann, dar leis féin, d’éirigh leis an chéim a bhaint amach agus post a fháil láithreach ag múineadh i nGaelscoil, Scoil Lorcáin i mBaile na Manach i ndeisceart na cathrach céanna sin. Chuaigh príomhoide na scoile, Máire Ní Chathalláin, agus múinteoir eile, Máirín Bean Uí Chadhain, bean Mháirtín Uí Chadhain, i gcion go mór ar Liam.

“Bhí Bean Uí Chadhain ag plé leis na bunranganna, na naíonáin bheaga, agus rinne sí éacht, fiú amháin le gasúir bheaga nach raibh focal Gaeilge acu ag teacht chuig an scoil. Bhí Gaeilge ag go leor den dream a bhí ag teacht ach bhí siad go léir mar a bheadh Gaeilgeoirí ó dhúchas ann, beagnach, nuair a tháinig siad amach ó Bhean Uí Chadhain. Bhí sí iontach. Iontach.”

Thaitin tuismitheoirí na ndaltaí go mór le Liam agus deir sé gur faoiseamh a bhí ann a bheith saor ó thionchar na cléirebord tútach a bhí ag rith na scoile agus ceapann sé go ndearna sé sin an-difríocht.

Dúshlán nua

Chaith Liam na blianta 1957 go 1968 i Scoil Lorcáin agus, cé gur thaitin an mhúinteoireacht go mór leis, d’fhág sé sa deireadh nuair a tháinig post chun cinn in RTÉ.

“Bhí jab ag imeacht istigh i Seomra na Nuachta in RTÉ mar fho-eagarthóir agus bhí mé ag léamh na nuachta go páirtaimseartha ar feadh tamaillín gairid roimhe sin. Chuir mé isteach ar an jab seo agus fuair mé é. Bhí aon bhliain déag caite agam sa scoil agus ansin chaith mé aon bhliain déag eile i Seomra na Nuachta.”

Le cois a bheith ag léamh na nuachta, bhíodh Liam ag plé le fo-eagarthóireacht, is é sin ag aistriú agus ag clóbhualadh amach nuacht Ghaeilge ón script Bhéarla. Bhí seans aige a bheith ag taisteal ar fud na tire fosta agus deir sé gur chuir sé eolas ar cheantair éagsúla Ghaeltachta le linn na mblianta sin in RTÉ.

Bhíodh Liam ag múineadh go páirtaimseartha i Roinn na Nua-Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath nuair a bhí Tomás de Bhaldraithe ina ollamh agus nuair a ceapadh an scoláire mór le rá Breandán Ó Buachalla in áit de Bhaldraithe, thairg sé post do Liam mar stiúrthóir ar an Teanglann. Ghlac sé leis an tairiscint agus d’fhág a phost in RTÉ.

Ba bhlianta corracha iad sin i Roinn na Gaeilge. Bhí baill áirithe den fhoireann ag achrann is ag bruíon le chéile go leanúnach agus d’éirigh cúrsaí chomh holc sin sa deireadh go raibh ailt sna nuachtáin náisiúnta, fiú, faoi chúrsaí ansin.

Ar éirigh le Liam an pholaitíocht inmheánach a sheachaint?

“D’éirigh, a bheag nó a mhór, cé nach bhféadfá gan í a thabhairt faoi deara. Níor thaithnigh sí liom agus ní dhéanfaidh mé bréag faoi sin ar chor ar bith. Go deimhin, polaitíocht ghránna a bhí i gceist agus deirtear liom go bhfuil sí sa chóras ollscolaíochta ar fad. Níor thaithnigh sí liom agus b’fhéidir gur sin ceann de na fáthanna gur shocraigh mé dul amach [ar pinsean] níos luaithe – d’fhéadfainn fanacht cúpla bliain eile. Ó tharla nach raibh mé istigh sa chóras, bhí mé ag iarraidh fanacht ar imeall an chórais. Ach ní féidir an pholaitíocht a sheachaint ar fad.”

Ar bhraith sé strus ag obair ina leithéid de thimpeallacht?“Bhraitheas, gan dabht, agus nuair a bhíodh ceantair áirithe san ollscoil ag iomaíocht le chéile faoi rudaí is cinnte go gcuirfeadh sé sin isteach go hindíreach ar do chuid oibre-se.”

Agus cén fáth a mbíonn an pholaitíocht shuarach sin i gceist i gcoláistí tríú leibhéal?

“Ceist mhaith. Ach tá mé lánchinnte go mbíonn idir mhic léinn agus fhoireann thíos léi agus ní thaitníonn sí liom, ar chor ar bith. Agus ní dhéanfainn aon leithscéal di.”

Beathaisnéis Uí Eithir

Ní raibh faoiseamh ón obair i ndán do Liam nuair a d’fhág sé an obair sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath ina dhiaidh, áfach. Taobh istigh d’achar gairid, bhí sé ag díriú ar thionscadal mór: beathaisnéis Bhreandáin Uí Eithir, an scríbhneoir, iriseoir agus criticeoir as Árainn, a fuair bás sa bhliain 1990.

“Bhí daoirse mhór eile tugtha anuas sa mhullach agam orm féin. Rinneadh coimisiúnú orm beathaisnéis Bhreandáin Uí Eithir a scríobh agus bhí an réimse sin chomh leathan go raibh sé scanrúil. Ní fheileann jabanna a thógann na blianta dom; b’fhearr liom jab a dhéanamh a bheadh réidh tráthnóna. D’fheil an iriseoireacht go maith dom ar an gcaoi sin; an nóiméad a rachadh an nuacht amach bhí tú críochnaithe leis sin agus d’fhéadfá dul síos Tigh Mhadagáin agus cúpla pionta a ól.”

Thóg sé tuairim is ar chúig bliana ar Liam beathaisnéis Uí Eithir a chur de.

“Ní bheifeá á dhéanamh an t-am ar fad ná baol air – bhí mé ag déanamh jabanna eile, mar a bheadh duine ar bith. Ach bheadh sé ar chúl d’aigne an t-am ar fad, ní fhéadfá dearmad a dhéanamh air. Nuair a dhúiseofá ar maidin, smaoineofá air. Agus amantaí déarfá leat féin, ‘In ainm dílis Dé, cén uair a bheidh sé seo críochnaithe.’

“Tá mé cinnte gur cheap go leor daoine, ‘Tá an t-amadán seo ag dul thart ag rá go bhfuil sé ag scríobh bheathaisnéis Joe Éinniú nó ag scríobh bheathaisnéis Bhreandáin Uí Eithir, ach mura n-ndeir tú é sin, mura dtapaíonn tú do sheans le chuile dhuine nua nó le chuile dhuine a chastar ort go minic, cén seans eile atá agat labhairt faoi, é a tharraingt anuas. Sin an chaoi a bhfaigheann tú eolas breise.”

Bhí an-mheas ag Liam ar Ó hEithir agus, murach go raibh, ní thabharfadh sé faoin tionscadal an chéad lá riamh.

“Ní chreidim gur cheart d’aon duine tabhairt faoi bheathaisnéis ach faoi dhuine ar thaithnigh a shaothar leis. Mura dtaitníonn sé leat, ba cheart duit é a fhágáil faoi dhuine éicint eile.”

Ar mhíbhuntáiste é a bheith ag scríobh beathaisnéise duine a raibh oiread aithne aige air? An raibh air rudaí pearsanta a fhágáil ar lár?

“Beagán, bhí. Rudaí nach raibh tada náireach ag baint leo ach bhí orm corr-rud a fhágáil ar lár. Ní faoi Bhreandán féin ach b’fhéidir ar mhaithe le daoine a raibh baint acu le Breandán. Ach caithfidh mé a rá láithreach nach raibh tada náireach i gceist.”

Chuir sé an-iontas orm nach raibh mórán aithne ag Liam ar Sheosamh Ó hÉanaí.

“Níor chuir mé aithne cheart riamh air – níorbh ionann agus Breandán Ó hEithir. Ní raibh mé ag caint leis ach faoi dhó riamh. Chonaic mé é ceart go leor, chuir mé aithne sa gcaoi sin air, aithne trína chuid amhránaíochta. Chuala mé den chéad uair é ag céilí ar an gCeathrú Rua i lár na gcaogaidí. An teacht i láthair a bhí ann. Ba é an chéad fhear nó bhean Gaeltachta a chonaic mé ag teacht i láthair agus ag labhairt leis an slua.

“Bhí an smacht sin aige ar a ghlór agus é chomh cinnte sin go raibh sé ag rá rud éicint a bhí tábhachtach. Bhí ciúnas iomlán ann agus éisteadh leis agus dúirt sé an t-amhrán agus bhí chuile dhuine faoi dhraíocht aige, ní hamháin ag an gcumas amhránaíochta nó fonnadóireachta a bhí ann, an glór faoi leith sin a bhí aige ach chomh maith leis sin an phearsantacht, go raibh sé i gceannas.

“Thug sé saibhreas na mílte bliain sin leis isteach san fhichiú haois agus ar fud an domhain. Bhí sé cineál íorónta gur i Meiriceá thar áiteacha an domhain ... gur imigh sé as Éirinn nuair a bhí an ballad boom, rabharta mór na mbailéad, tosaithe anseo, ag tús na seascaidí, nuair a bhí na Dubliners agus na Clancy Brothers i mbarr a réime. Agus na Dubliners agus na Clancy Brothers agus chuile dhuine a raibh ceol ar bith aige, bhí siadsan faoi dhraíocht ag Joe Éinniú. Dúirt chuile dhuine acu é. Bhí chuile shórt aige.”

Easpa measaIs léir go ngoilleann sé go mór ar Liam nach raibh meas ceart ag an chuid is mó de phobal na hÉireann ar chuid amhránaíochta Uí Éanaí.

“Ní raibh meas ag an ngnáthphobal air. Sin an chreidiúint is mó, b’fhéidir, atá ag dul do Joe Éinniú. In ainneoin cé chomh láidir is a bhí an sruth sin, sruth lagmheasa nó dímheasa go minic, ní raibh amhras dá laghad airsean oiread agus aon soicind amháin dá shaol gur amadáin an dream a raibh lagmheas nó dímheas acu ar an rud seo. Bhí sé cosúil ar bhealach le misinéir. Chreid seisean go raibh an rud a bhí ar iompar aige agus an rud a fuair sé luachmhar. Agus bhí oiread measa aige ar na glúnta a choinnigh beo é seo trí na Péindlíthe, tríd an nGorta, tríd an mbochtanas.

“Agus nuair a casadh scoláirí móra tuisceanacha air, Meiriceánaigh a bhformhór, thuig siadsan, nuair a bhí staidéar déanta acusan agus amhránaíocht dúchais as tíortha eile an domhain cloiste acu, dúirt siad leo féin, ‘By dad, seo an gold nugget. Seo é an t-ór, seo é an rud ceart. Agus ní hamháin go bhfuil sé in ann é a chasadh ach tá sé in ann na hamhráin a aistriú go Béarla nó scéal na n-amhrán a aistriú go Béarla agus cúlra na n-amhrán a inseacht agus é in ann cúpla míle duine’, mar a rinne sé go minic, ‘a choinneáil ní hamháin ciúin ach faoi dhraíocht ar feadh dhá uair an chloig’, rud a rinne sé arís agus arís eile i Meiriceá i gcaitheamh a shaoil.”

Go minic i rith an agallaimh, agus sa leabhar fosta go deimhin, luaigh Liam Riobard Mac Góráin, céad bhainisteoir Gael Linn agus an fear a thug Ó hÉanaí trasna as Sasana sna caogaidí le bheith páirteach in ócáid mhór, Na hOícheanta Seanchais, a bhíodh ar siúl in Amharclann an Damer i mBaile Átha Cliath. Measann Liam go bhfuil an-chreidiúint ag dul chomh maith do Mháire Nic Fhinn, a thug seal ag obair do Ghael Linn fosta, as caitheamh chomh maith sin le Ó hÉanaí le linn a shaoil, nuair a bhí go leor eile ag tabhairt neamhairde air.

An bhfuil Liam sásta le beathaisnéis seo Uí Éanaigh?

“Tá, ach b’fhéidir go ngiortóinn beagáinín eile é. Ach tá mé sásta leis, tá. Agus tá mé an-bhuíoch de Chló Iar-Chonnachta. An t-aon locht a gheobhainn air – agus bhí fáth leis, bhí ganntanas ama ann – ná gur cheart go mbeadh innéacs leis. Níl agus b’fhéidir go bhféadfaí innéacs a chur ar fáil ar bhealach éicint eile. Ach tá mé thar a bheith buíoch de Chló Iar-Chonnachta faoin jab álainn a rinne siad.”

dlúthdhiosca isteach leis an leabhar a bhfuil leaganacha d’amhráin de chuid Uí Éanaigh le fáil air nár eisíodh riamh cheana. Cé as ar tháinig na hamhráin seo?

“Thug an Breitheamh Catherine McGuinness na taifeadtaí sin ar fad le Joe Éinniú a bhí déanta ag a fear céile, Proinsias Mac Aonghusa, do Chathal Goan in RTÉ. Tar éis bhás Phrionsias ansin thug sise gach a raibh ann do RTÉ agus bhí a fhios ag Cathal Goan go raibh mise ag scríobh na beathaisnéise seo. Dá mbeadh an leabhar críochnaithe sé mhí roimhe sin ní bheadh an toirtín sin ann. Bhí dlúthdhiosca eile ar fad curtha le chéile agam agus coicís sula ndeachaigh muid chuig na clódóirí a fuair muid é seo. Agus dúirt mé liom féin, ‘Ní féidir diúltú do seo’. Tá mé thar a bheith buíoch, mar sin, de Catherine McGuinness, thar a bheith buíoch de Chathal Goan, Malachy Moran sa gcartlann fuaime istigh ansin [in RTÉ] agus go leor leor daoine eile.”

Cén chéad tionscadal eile a dtabharfaidh sé faoi?

“Níl mé ag dul a rá leat! Tá roinnt rudaí eile leathdhéanta ach b’fhearr liom gan tada a rá fúthu. B’fhearr liom comóradh beag a dhéanamh anois ar Joe Éinniú agus a bheith ag éisteacht lena chuid fonnadóireachta. Tá mé féin ag baint sásaimh as a bheith ag léamh an leabhair mar nuair a chuireann tú leabhar mar sin le chéile ní bhíonn seans agat é a léamh i gceart.”

Is cinnte go mbainfidh go leor eile an-sásamh as saothar seo Mhic Con Iomaire fosta agus go spreagfaidh sé go leor daoine le héisteacht den chéad uair nó in athuair le hamhránaíocht dhraíochtúil Sheosaimh Uí Éanaigh. Ní beag an méid é sin.

Is iareagarthóir ar an iris seo é Éamonn Ó Dónaill. Tá sé ar dhuine de bhunaitheoirí Gaelchultúr Teoranta (www.gaelchultur.com) agus tá sé ag obair go lánaimseartha leis an chomhlacht sin anois.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.