Is iomaí duine a tháinig faoi dhraíocht áilleacht na coille. Ní taise do PJ Mac Gabhann é mar tá sé faoi dhraíocht na coille gar don áit a bhfuil sé ag cur faoi, St. Germain-en-Laye.
Tá coill ollmhór gar dom’ áit chónaithe i St Germain-en-Laye. Ní ag déanamh áibhéile atáim nuair a deirim gur coill ollmhór í mar tuigtear dom go bhfuil sí cúig huaire níos fairsinge ná Páirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath.
Tá stair a théann i bhfad siar ag baint léi toisc go dtagadh ríthe na Fraince féin amach ó Pháras chun laethanta fada a chaitheamh ag seilg ann. Is ann atá an caisleán a bhíodh ag an rí, ar iarsmalann anois é, agus is timpeall ar an gcaisleán seo a d’fhás an baile a bhfuil leagan amach na Meánaoise air, idir shráideanna cúnga agus thithe arda caola.
An chuid sin den choill atá cóngarach don bhaile, is ionann is páirc phoiblí í. Is ann a bhfeicfear an páiste ag foghlaim conas rothaíocht, mná aosta amuigh ag siúl lena madraí nó leannáin óga faoi gheasa an ghrá ag cogarnaí lena chéile. Is ann a dtéann fir agus mná ag bogshodar, cuid acu níos dáiríre ná a chéile. Nuair a bhíonn an uain mhaith ann, osclaítear siopa beag caife agus suíonn daoine anseo ag plé chúrsaí an lae agus ag breathnú ar an saol ag dul thart.
Fág an taobh seo den pháirc i do dhiaidh agus téana liom chun siúil isteach faoin gcoill féin. Is crainn darach iad níos mó na leath de na crainn sa chuid seo den choill ach tá feá, mailp, beith agus crainn chnó capaill ann chomh maith. Is coill í atá á saothrú, ach ar bhonn teoranta. Tiocfaidh tú ar dhuine ó am go chéile agus adhmad á ghearradh aige le tabhairt abhaile. Ní shamhlóinn éinne i mbun na hoibre seo gan cead a bheith faighte aige roimh ré. Feictear chomh maith in áiteanna éagsúla crainn leagtha atá réidh le tabhairt chun bealaigh.
Rinneadh an t-uafás dochair don choill le stoirm a tharla ag deireadh mhí na Nollag 1999. Bhí cosc ar dhul isteach ann ar feadh i bhfad ar eagla go dtitfeadh crann nó géag ar dhaoine. Ní fios fós cé mhéad crann a leagadh an tráth sin ach tá an glanadh agus an t-athchur ar siúl go fóill.
Na Toirc Allta agus na Daoine Allta
Eagraítear laethanta seilge go rialta faoin gcoill i rith an tséasúir chun líon na dtorc allta a choimeád faoi smacht. Is cosúil go scriosann na toirc roinnt de na crainn, go háirithe do na crainn óga. Ach, níos tábhachtaí fós, is baol ar na bóithre iad. Is ainmhithe oíche iad na toirc agus bíonn siad faiteach go hiondúil ach deirtear fúthu gur nós leo ionsaí a dhéanamh ar an duine má bhraitheann siad aon bhagairt orthu.
Bíonn an chuid sin den choill ina mbíonn an lámhach ar siúl dúnta ar laethanta na seilge. Cloistear na hurchair á scaoileadh scaití i lár an bhaile má bhíonn an ghaoth ag séideadh as an aird cheart.
Tá cúpla seachtain ann ón am deiridh a ndeachaigh mé faoin gcoill. Is beag tarraingt a bhíonn san áit dom ag an tráth seo den bhliain. Le teacht an duilliúir agus na dea-aimsire, bíonn aoibh eile uirthi agus meallann ceol na n-éan agus an solas uaine isteach ann mé. Deir seanfhocal sa Fhrainc: an cuibhreann a chothaíonn, an fhoraois a fholaíonn. (Bhí seanfhocal Gaeilge againn atá leath ar an dul sin: mol an mhóin is seachain í agus cáin an choill ach taithigh í.) An té a dteastaíonn uaidh dul i bhfolach, tuigtear go mbíonn tearmann roimhe sa choill. ‘Taobh amuigh (den doras/gheata/tsochaí)’ an bhrí a luaitear leis an bhfocal Laidine ‘foresta’, ón bhfréamh Ind-Eorpaise dhwor-. Ní haon ionadh é go bhfuil an chuid is mó de dhá choiméide Shakespeare, ‘A Midsummer Night’s Dream’ agus ‘As You Like It*’, suite i gcoill. Is áit í an choill ina n-éalaíonn cuid de na carachtair ó shrianta an tsaoil nó toisc go dteastaíonn uathu a bheith as radharc daoine. Is sa choill a ndeachaigh Diarmaid agus Gráinne agus iad ar teitheadh ó Fhionn Mac Cumhaill.Tá sé tugtha faoi deara agam go gceanglaítear málaí plaisteacha de cuid de na crainn sa choill seo in aice liom. In áiteanna faoi leith, gar don bhóthar, áit a mbíonn teacht is imeacht ann ach blaisín uaigneach ina slí féin. Is leor nod don eolach. Mná óga ag suí nó ag seasamh thart, iad ar an nguthán póca go minic. Ag díol ‘craicinn’, nó ‘leathair’. Cuma orthu gur as Oirthear na hEorpa iad. Is cuimhin liom nuair a bhí na páistí óg go ndeirimis leo gur ag díol sú talún a bhíodar.
An Fear a Chuireadh Crainn
Chaith mé cuid den samhradh thart ar deich mbliana ó shin in Manosque, baile atá thart ar 80 ciliméadar ó Marseille. Is ann a chuala mé den chéad uair faoin údar Jean Giono arbh as an mbaile dó. Sa bhliain 1953, scríobh Giono leabhar dar teideal ‘L’homme qui plantait des arbres’ ina ndéanann sé cur síos ar Elzéard Bouffier, aoire a chaitheann blianta deiridh a shaoil ag cur crann.
I litir a scríobh sé faoin leabhar, deir Giono nach raibh a leithéid de dhuine agus Bouffier riamh ann: ‘...Bouffier, níl ann ach carachtar atá cumtha agam. Chuir mé romham (agus an leabhar á scríobh agam) daoine a mhealladh chun grá a thabhairt do chrainn...is léir tairbhe éigin sa leabhar toisc gur aistríodh é go...’. Luann an t-údar trí theanga dhéag ina bhfuil aistriúchán den leabhar ar fáil. Tháinig mé féin ar leagan Gaeilge tamall ó shin, aistrithe ón Fhraincis ag Eoin Ó Néill agus foilsithe ag an nGúm, An Fear a Chuireadh Crainn.
Ach má léirítear grá do chrainn sa leabhar, léirítear freisin a thábhachtaí is atá siad don dúlra ina dtimpeall agus go bhfuil sé thar am againn, go háirithe in Éirinn, ar ceann de na tíortha is lú foraoisí san Eoraip í, beartas ceart crann a bheith againn. Bímis dána misniúil faoi. Cuirimis crainn dhuillsilteacha dhúchasacha. Cuirimis sprioc romhainn: 35% den talamh roimh dheireadh an chéid.
Ar ndóigh, caithfear a admháil nach mbeadh dada ann dúinne, muidne atá beo anois. Ní muidne a bhainfidh an barr ach na glúine a thiocfaidh inár ndiaidh. Meabhraíonn seanfhocal an méid sin dúinn: maireann an crann, ach ní mhaireann an lámh a chuir.
Naisc: Leabhar Eoin Uí Néill http://www.litriocht.com/shop/productinfo.php?productsid=1183http://www.udar.ie/product/AnFearaChuireadhCrainnISBN-1-857912-72-1 http://en.wikipedia.org/wiki/TheManWhoPlantedTreeshttp://en.wikipedia.org/wiki/JeanGiono