AR NA SAOLTA SEO
Feachtas Netaid ag bailiú nirt
Uinsionn Mac Dubhghaill Uinsionn Mac Dubhghaill Uinsionn Mac Dubhghaill
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá

Tá go leor cainte le roinnt blianta anuas ar dheiseanna oideachais a chur ar fáil do pháistí sna tíortha tearcfhorbartha ach níl na spriocanna a leagadh síos á mbaint amach. Anois, tá eagraíocht curtha ar bun chun brú a chur ar rialtais na dtíortha forbartha beart a dhéanamh de réir a mbriathar. Tuairisc ó Uinsionn Mac Dubhghaill.

Ní cheapfá é ó na nuachtáin, ach tá cúrsaí oideachais i mbéal an phobail le tamall anuas. Ní hé raic na dtáillí ollscoile atá ar intinn agam, cé gur léir ón gcomhghuallaíocht áiféiseach idir Páirtí an Lucht Oibre agus an Páirtí Daonlathach ar an gceist áirithe sin go bhfuil clochmhíle de shaghas éigin sroichte againn i stair na polaitíochta in Éirinn. Ní hea, ach scéal i bhfad níos tromchúisí ná sin. Ar chuma éigin, áfach, níor tugadh an spás céanna dó sna nuachtáin is a tugadh do chaointe na meánaicme faoi phleananna Noel Dempsey bocht.

Bhí an scéal ina ábhar nuachta san Albáin, áit ar ghlac 287 páiste scoile as ceithre scoil i dTirana páirt i sraith imeachtaí a d’eagraigh Ionad Chearta Daonna na bPáistí agus na húdaráis oideachais áitiúla. Sa Scoil Idirnáisiúnta in Amsterdam an lá céanna ghlac 237 duine as ranganna 2, 4, 5 agus 6 páirt in imeachtaí éagsúla ar an ábhar. Shuigh 350 dalta as scoileanna éagsúla sa Nua-Eabhrac sna cathaoireacha a bhíonn in úsáid ag toscairí idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe chun an scéal a phlé. I gCambridge Shasana chuir 30 dalta dráma beag le chéile agus léigh siad scéalta faoi chailíní scoile Zimbabwe.

Ar an iomlán, meastar gur ghlac milliún go leith duine i 100 tír thart timpeall an domhain páirt san ócáid stairiúil sin, a d’eagraigh www.netaid.org ar an 9 Aibreán. Agus tá an feachtas ag bailiú nirt ó shin. Tá feachtas síniúcháin ar bun ag Netaid agus go dtí seo tá 94 milliún síniú faighte acu. Sea, ní botún cló é sin. An líon síniú is airde ariamh a bailíodh le chéile ar aon ábhar amháin, le cabhair an idirlín, ar ndóigh.

An mhí seo tiocfaidh ceannairí na dtíortha is saibhre agus is cumhachtaí - an grúpa G8, mar a thugtar air - le chéile chun a gcuid spriocanna don bhliain seo romhainn a phlé. Ag a gcruinniú anuraidh thug ceannairí na Stát Aontaithe, Cheanada, na Fraince, na Gearmáine, na hIodáile, na Seapáine, na Breataine agus na Rúise gealltanas sollúnta go gcuirfí na hacmhainní ar fáil do na tíortha is boichte le go bhféadfaí gach buachaill agus cailín sna tíortha sin dul ar scoil faoin mbliain 2015. Agus ní ollscoil atá i gceist agam, ach an bhunscoil, an scoil is tábhachtaí. Ó tugadh an gealltanas sin, áfach, níor dearnadh mórán go praiticiúil chun é a chur i gcrích. Tá Netaid agus an 94 milliún duine a shínigh an achainí ag rá leis an ngrúpa G8 nach leor na focail bhreátha, go bhfuil gníomh dearfach de dhíth freisin. (Tá roinnt airgid curtha ar fáil acu, ach, len é a chur i gcomhthéacs, ní cheannódh an méid sin oiread is eitleán cogaidh Stealth amháin.) Idir an dá linn, tá 115 milliún duine sna tíortha is boichte gan oideachas de chineál ar bith.

Spriocanna praiticiúla

Tá go leor oibre le déanamh. Thosaigh an scéal seo ag bailiú nirt trí bliana ó shin, ag Cruinniú Mullaigh na Mílaoise a d’eagraigh na Náisiúin Aontaithe. Agus dóchas mór san aer ag tús na mílaoise nua, leagadh amach roinnt spriocanna praiticiúla. Gheall rialtais an domhain go gcuirfí an t-airgead ar fáil le go gcuirfí bunoideachas ar gach páiste ar domhan faoin mbliain 2015. Ach, muna n-athraíonn cúrsaí, ní éireoidh le tíortha na hAfraice an sprioc sin a bhaint amach go dtí an bhliain 2100.

Díríodh go speisialta ar chás na gcailíní ag Cruinniú na Mílaoise. Bhí fáth simplí leis sin: bíonn seans níos fearr ag na buachaillí sna tíortha is boichte oideachas de shaghas éigin a fháil. Leagadh sprioc eile amach: go mbeadh an oiread céanna cailíní is buachaillí i mbunscoileanna an domhain faoin mbliain 2005. Níl ach bliain go leith le gabháil againn, agus is léir nach mbainfear amach an sprioc sin, ná baol air. Theastódh míorúiltí móra in 88 tír as seo go ceann 18 mí chun é a bhaint amach. Faoi mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, tá 65 milliún cailín fágtha gan scolaíocht ar bith. Sin an líon céanna cailíní is atá ag freastal ar scoileanna i Meiriceá Thuaidh agus san Eoraip.

Níl an scéal gan dóchas, áfach. Tá dul chun cinn á dhéanamh i dtíortha áirithe. I mBangladesh, mar shampla, d’ardaigh líon na gcailíní atá ag dul ar aghaidh go dtí an mheánscoil go mór le 10 mbliana anuas - ó 13 faoin gcéad den iomlán go 56 faoin gcéad. Ach glactar leis gurb é an t-oideachas an eochair chun bochtanas na dtíortha neamhfhorbartha a chloí - agus muna bhfuil muid in ann an t-airgead a chur ar fáil chuige sin ní éireoidh linn na spriocanna forbartha eile atá againn a bhaint amach.

Tá a fhios againn céard atá ag teastáil. Tá na hacmhainní againn. Tá a fhios againn céard a tharlós muna dtugann muid an lámh chúnta. Níl de dhíth anois ach an toil pholaitiúil. Má tá spéis agat páirt a ghlacadh san iarracht téigh chuig www.netaid.org agus cuir oideachas ort féin.

Is as Baile Átha Cliath é Uinsionn Mac Dubhghaill ach tá sé ina chónaí i gConamara anois, áit a bhfuil sé ag obair mar iriseoir físe le Nuacht TG4. Chaith sé seal freisin ag obair mar eagarthóir Gaeilge an Irish Times.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.