Ní cheileann bainisteoir fuinniúil Choláiste Lurgan a chuid tuairimí ar dhuine ar bith, fiú amháin nuair a bhíonn praghas le híoc astu. Chuaigh Uinsionn Mac Dubhghaill chun cainte leis.
»»»Amharcann Breandán Delap siar ar phlean cuimsitheach i leith cur chun cinn na Gaeilge i réimsí poiblí a foilsíodh tríocha bliain ó shin....
»»»Bhí Mícheál Ó hAodha ag faire ar údarás crua an stáit: ollmharú na sluaite agus ag coigistiú chuige féin saothar cinniúnach i saol duine ‘ar son na hoidhreachta coitinne’.
»»»Ceistíonn Donncha Ó hÉallaithe cur chuige Foras na Gaeilge maidir le nuachtán seachtainiúil Ghaeilge a sholáthar do phobal léite na Gaeilge.
»»»Tháinig John-Paul Mc Carthy ar lón domhain-mhachnaimh, leabhar a bhfuil aon fhocal tromchúiseach amháin ina cheannteideal, Mortality, le Christopher Hitchens.
»»»Bhí Seosamh Ó Riain ag cíoradh ceist luach na saíochta agus dearcadh an Éireannaigh ar ghnéithe den tsaíocht chéanna, mura bhfuil ann ach diddly aye dye.
»»»Tar éis am fada traenála thug Brian Ó Broin faoi dhúshlán san ardchathair a d’fhéachfadh snáithe na matán agus miotal a mhisnigh.
»»»Níl fuíoll molta fágtha ag Pat Butler ar scannán nua Steve Mc Queen, scannán atá bunaithe ar scéal fíor sclábhaíochta a tharraingeoidh deoir faoin tsúil as an gcroí is cranda.
»»»Taisí naoimh ina gcnámh spairne, rud ab annamh dar leat? Chaith Ciara Nic Gabhann súil ar scéal chnámh Naomh Peadar sa Róimh.
»»»Tá Balor ag iarraidh dea-chomhairle a chur ar roinnt daoine Mhícheáil Bhaile na Méar, Aire na Fíor-Ghaeltachta, Kim Jung Un agus Joe Ó Brollaigh ina measc.
»»»Tá an saol ag athrú agus ní hiontas go bhfuil dearadh na teicneolaíochta ag tolgadh ar aghaidh go sciobtha. Cuid dár mhol Roseanne Smith anuraidh, scoitheadh idir an dá linn é.
»»»Roghnaítear idir chuimhní agus dhíchuimhní nuair is gar don chnámh a théann an scéal agus mar sin atá leagan coitianta staire na hAstráile dar le Bearnaí Ó Doibhlin.
»»»Is iontach gur tháinig an Afraic Theas amach slán as ré bhrúidiúil na cinedheighilte. Tá an choiscéim thábhachtach eile sin le glacadh anois dar le Ciarán Mac Aonghusa.
»»»Tá tairbhe áirithe le baint as an imirce má roghnaíonn tú ionad oibre spéisiúil duit féin, dar le Ross Ó Briain. Ní bhfaighidh tú bás den ocras agus b’fhéidir go sloigfidh tú teanga sa bhreis thar lear freisin.
»»»Tá athchiall ag an leagan ‘craobh clainne’ i ngnóthaí spóirt tharla go bhfacamar teaghlaigh gníomach agus ag breith na craoibhe leo ar pháirc na himeartha in imeacht na mblianta. Chuir Colm Mac Séalaigh spéis iontu.
»»»Ceapadh Diarmuid Johnson ina fhile árais i Rhos-y-Gilwen sa mBreatain Bhig. Cén t-ionadh a bhí air nuair a chonaic sé roimhe an chéad oíche amhrán Phádraig Uí Mhileadha, cóirithe i bhfráma.
»»»Tá dearcadh níos bunúsaí agus níos ciallmhara ag daoine sna tíortha neamhfhorbartha ná mar atá abhus i leith socrú deacrachtaí dar le Robert McMillen.
»»»An dtiocfaidh Méara Toronta, Rob Ford, slán an iarraidh seo nó an mbáfar an Mac Conshnámha áirithe seo lámh le cuain? Tá Eoin Ó Catháin i gCeanada faoi láthair sin í an cheist atá ar dhaoine ina thimpeall.
»»»Níor fhág Tony Birtill fuíoll molta ar Iarsmalann Náisiúnta an tSacair in Orbis i Manchain. Aisteach go leor, tá saorchead isteach ann.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.