Tháinig John-Paul Mc Carthy ar lón domhain-mhachnaimh, leabhar a bhfuil aon fhocal tromchúiseach amháin ina cheannteideal, Mortality, le Christopher Hitchens.
Chaith an t-iriseoir Christopher Hitchens formhór a shaoil os comhair na gceamairí teilifíse. Labhair sé le Brian Lamb ar chlár C-SPAN maidin amháin ar feadh trí uaire gan leisce ar bith. Más ea, ní haon ábhar iontais dá lucht léite nár chuir an ailse isteach ar a chuid síorabhcóidíochta. Scríobh Hitchens leabhar sainiúil deireanach darbh ainm Mortality, cnuasach aistí ilghnéitheacha a rinne cur síos ar a mheath tapaidh fisiciúil. Iarracht ab ea an leabhar seo féintrua a sheachaint agus smacht inmheánach a choimeád ar a chuid mothúchán pearsanta.
Ní foláir nó gur rith sé le Hitchens go raibh uirlis aonaránach fágtha dhó nuair ba léir ná féadfaí cur i gcoinne na hailse le fada, ’sé sin an fhuarchúis íorónach. Ábhar leadránach seachas uafásach dó ab ea an ailse fé dheireadh, ‘an namhaid inmheánach’ (nath Mrs Thatcher é sin ó stailc na mianadóirí i 1984), an namhaid céanna a chloígh a athair cúpla bliain níos luaithe.
Muna bhféadfaí éalú ón namhaid, ar a laghad d’fhéadfaí é a chur fé scrúdú agus úsáid á bhaint as géarchúis an scríbhneora oilte. Agus d’éirigh le Hitchens anseo gan amhras. Rinne sé cur síos gan stad gan staonadh ar ionsaithe éagsúla na haicíde. Sciob an ailse a chuid gruaige, gan dearmad á dhéanamh fiú ar an ngruaig a d’fhásadh laistigh dá shrón, éagmais a chuireadh slaghdán air gach maidin.
“On a much-too-regular basis, the disease serves me up with a teasing special of the day, or a flavor of the month. It might be random sores and ulcers, on the tongue or in the mouth. Or why not a touch of peripheral neuropathy, involving numb and chilly feet?... On the less good days, I feel like that wooden-legged piglet belonging to a sadistically sentimental family that could bear to eat him only a chunk at a time. Except that cancer isn’t so ... considerate.”
Saoirse na Cainte
Agus fé dheireadh, bhain an aicíd a ghuth uaidh, an guth cáilúil sin dar úsáideadh chun náire a chur ar George Galloway, Henry Kissinger agus Diana Spencer fiú. B’éigean do Hitchens suí os comhair teilefíse in otharlanna éagsúla an fhaid is a tomadh leacht nimhiúil ina fhéitheacha, leacht a thug “chemo-brain” dó an lá dár gcionn. Ós rud é go raibh a ghuth tar éis cliseadh air, ní fhéadfadh sé fiú gearán a dhéanamh. Laoch mór de chuid an Chéad Leasaithe i mBunreacht na Stát Aontaithe ab ea é le linn na bruíne idir Salman Rushdie agus an Ayatollah Khomeini sna hochtóidí. Is oiriúnach an rud é mar sin gurbh é Hitchens féin a shainmhínigh príomhthábhacht an leasaithe chéanna sa leabhar seo nuair a scríobh go healaíonta:
“So now every day I go to a waiting room, and watch the awful news from Japan on cable TV (often closed-captioned, just to torture myself) and wait impatiently for a high dose of protons to be fired into my body at two-thirds the speed of light. What do I hope for? If not a cure, then a remission. And what do I want back? In the most beautiful apposition of two of the simplest words in our language: the freedom of speech.”
Oliver Wendell Holmes
Ní furaist an rud é dúinne lucht na hEorpa leabhair eile cosúil leis an iarracht speisialta seo a luadh. Os a choinne sin, athnóidh léitheoirí Meiriceánacha go raibh an t-abhcóide Marxach Briotanach seo ag baint ceoil as traidisiún liteartha dúchasach acu siúd, traidisiún an bháis. Nuair a gheall Hitchens dá dhílseoirí ná séanfadh sé a chuid teoiricí frithdhiagachta agus é sa bhearna baoil, ba léir dóibh go raibh sé ag úsáid an bháis chun a chuid smaointí a thástáil. B’shin an rud a rinne Oliver Wendell Holmes ina dhialann le linn Chogadh na gCarad i Meiriceá. Agus Holmes ag déanamh achoimre ar a chuid mothúcháin nuair ba léir do chách go bhfaighfeadh sé bás ag cath Ball’s Bluff, scríobh sé:
“It is curious how rapidly the mind adjusts itself under some circumstances to entirely new relations.. I thought for awhile that I was dying, and it seemed the most natural thing in the world. The moment the hope of life returned it seemed as abhorrent to nature as ever that I should die.”
Is féidir macalla Meiriceánach eile a bhrath i bprós Hitchens, guth níos seanda ná é féin a rinne iarracht an bás a úsáid chun seandílseachtaí a áiteamh agus seanfhiacha a dhíol. Níor shroich an fealsúnaí William James sochraid a athar, ach nuair a tháinig sé abhaile chum sé litir dá phater muirneach agus léigh sé í os ard sa reilig. Chuala na hioraí rua reilige é seo:
“And it comes strangely over me in bidding you goodbye how a life is but a day and expresses mainly but a single note, it is so much like the act of bidding an ordinary goodnight.”
Ní chuirfeadh an cur síos sin isteach ar Hitchens ós rud é gur “single note” a chuid scríbhinní féin freisin, port muiníneach a rinne achainí ar gach éinne tábhacht na smaointí inár gcuid aistear domhanda a aithint agus a cheilúradh.
- Is scríbhneoir staire ó chathair Chorcaí John-Paul McCarthy.