AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Maratón Bhaile Átha Cliath
Brian Ó Broin Brian Ó Broin Brian Ó Broin

Tar éis am fada traenála thug Brian Ó Broin faoi dhúshlán san ardchathair a d’fhéachfadh snáithe na matán agus miotal a mhisnigh.

Íomhá
An t-údar i bPáirc an Fhionnuisce
Íomhá
Ag míniú an bhealaigh
Íomhá
Na sluaite ag fiosrú roimh ré
Íomhá
An t-údar ag teannadh le ceann scríbe
Íomhá
Beagnach ann
Íomhá
An bonn a saothraíodh

Éist anseo leis an alt á léamh ag Deirdre Ní Chonghaile as Árainn, Co. na Gaillimhe.

Faoi dheireadh rinne mé é. Chaith mé an drogall ar leataobh, cheannaíos éadaí agus bróga reatha maithe, chuas ar aiste bia, agus chloígh mé le cleachtadh rialta do mharatón. Dá réir sin seo mé anois maidin gréine sa bhfómhar i mo sheasamh le 14,500 daoine eile i gCearnóg Mhic Liam ag fanacht go dtosóidh rás 26.2 mhíle. An bhfuil me as mo mheabhar?

Tosaíonn muid go mall, slua mór ag bogadh mar thriacla suas an tsráid agus timpeall an choirnéil. Nílimid ag rith i gceart go ceann leathmhíle. Aithním Faiche Stiabhna, ach ar éigean, ó téann muid timpeall cúinne amháin agus ar aghaidh trí Shráid Chill Dara go Sráid Nassau. Tá sluaite ag rith agus sluaite ag breathnú, agus déanaim dearmad ar feadh tamaillín breathnú ar an gcathair, ach go tobann tarraingíonn Coláiste na Tríonóide ar ais mé. Ar thrasnú Droichead Uí Chonaill braithim an siota den chéad uair, agus leanann fuacht na gaoithe sinn an bealach ar fad suas Sráid Uí Chonaill. An tsráid lán le páistí agus comharthaí acu: “Ar Aghaidh Leat, a Dhaidí!”; “Táimid Bródúil Asat, a Mhichíl!”

Mall ag Tosnú, Mall ag Rathú

An chéad mhíle éasca go leor, ach m’anam thóg an dara míle sin tamall níos faide. Cearnóg Parnell gan ach dhá mhíle déanta agam? Séipéil agus siopaí. Daoine ar na sráideanna anois ina bpitseámaí, tagtha amach chun na reathaithe craiceáilte a fheiceáil. An ghrian ag éirí níos airde sa spéir anois agus an tsráid á téamh ag solas na maidine. Nach iontach a bheith beo! Páirc an Fhionnuisce anois, gan ar feadh d’amhairc ach crainnte agus reathaithe. Den chéad uair braithimid rithim éigin inár gcosa.

Don té nach bhfuil mórán eile le déanamh aige ach breathnú timpeall is é ag rith, is cineál stair ailtireachta an chuid seo den mharatón. Faoi chrainnte Pháirc an Fhionnuisce, roinnt acu ann ón 18ú haois, ansin cuma an 19ú haois ar Inse Chór agus Cill Mhaighneann, ach ag dul trí Rialto agus Cromghlinn tá fobhailte na 1930aí le brath. I mBaile Bhailcín tá dreach na 1950aí ar na tithe. As seo amach táimid i bhfobhailte na 1960aí go dtí deireadh an rása.

Leath bealaigh i nDroimeanach. Liúnna móra ó shluaite i lár an bhaile. Go raibh maith agaibh, a dhaoine córa!

an t-ardú mheanman sin tábhachtach dúinn freisin, ó táimid ag rith trí fhobhailte anois nach n-aithním in aon chor. Teach Mealóg agus Tír an Iúir, sráideanna néata na bhfobhailte nua. I gCluain Sceach tosaíonn roinnt de na reathaithe ag titim as a chéile. Táim ag rith ar aon bhord le fear gealgháireach. “Óró muise, tá sé ag teacht,” arsa an fear gealgháireach. Breathnaím timpeall, ach ní fheicim tada ag teacht. “M’anam go cinnte tá sé ag teacht,” arsa mo dhuine arís, agus go tobann stadann sé agus sceitheann le taobh an bhealaigh.

aeróg ard R.T.É. ag glaoch orainn mar a bheadh Túr Eiffel. “An Treo seo! Tá sibh ar an ngeábh deireannach!” Agus an ceart aici. Níl ach cúig mhíle fanta, geábh a rithinn faoi dhó gach seachtain san am roimhe seo. Den chéad uair, táim cinnte go gcríochnóidh mé an maratón seo.

Sioscadh ón Seansíol

Bóthar Mhuirfean agus an R.D.S. Trí míle is fiche sáraithe. Droichead na Dothra agus Bóthar Shíol Bhroin, ainmnithe i ndiaidh mo mhuintire féin. Bígí go maith dom anois, a Shíol Bhroin – tá bhur ndea-mhéin ag teastáil go géar uaim anois. Tá an dordán aníos as mo dhá chois ag éirí níos callánaí.

“Níl fágtha anois ach tamaillín” a deir na daoine liom agus mé ag dul thar an gCanáil Mhór. Go tobann: sráideanna, sráideanna, sráideanna. Aithním gach rud, ach níl a fhios agam cá bhfuilim níos mó. Faraor anois nár thugas níos mó aird ar dheireadh an rása nuair a bhíos ag cleachtadh. Téimid timpeall cúinne agus cúinne eile, agus ní fheicim deireadh an rása go fóill. Cá bhfuilim in aon chor? Cé hiad na daoine seo? Tá an cosán reatha ag cúngú, agus caithfidh mé moilliú, mar gheall ar na siúlóirí sa mbealach. Mallacht orthu! Faoi dheireadh éirionn liom iad a scoitheadh, ach go tobann, mar dhíoltas do mo mhallacht, tosaíonn scréachaíl i mo láirig. Tá sí ag fáisceadh orm! Ach más fíor do na daoine thart orm níl fágtha acu cúpla céad slat. Cuirim mo mhallacht ar mo mhatáin agus déanaim dearmad ar na siúlóirí.

Coláiste na Tríonóide! Nach raibh mé anseo cheana? By Dad, bhí - ag tús an rása! Sráid Nassau anois. As ucht Dé, cá bhfuil an deireadh? Faoi dheoidh sin é, le feiceáil nuair a chasann an tsráid beagán ag Sráid an Chláraigh. Críochnaithe! I 4:09 uaireanta an chloig!

Saghas brionglóid is ea é cheana féin agus mé ar an mbus ar ais go Léim an Bhradáin. An mise a bhuaigh an bonn seo i ndáiríre? An mise a rith mé 26.2 mhíle?

Aontaíonn mo láirig gur mise a rith an maratón, agus anois tá mo rúitín ag cur as dom freisin, gortú nár chuir isteach orm le cúig bliana. Deacair anois a dhéanamh amach an é seo mo chéad mharatón nó mo mharatón deireannach, ach braithim meidhréis thar meon nár bhraith mé le blianta fada. Cinnte ní hé seo mo mharatón deireannach. Béad ar ais. Caithfidh mé an 4:09 sin a shárú!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.