CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Inis Ealga Iathghlas, de Leataobh ón bhFuadar

Is mór an gar a bheith ar oileán, bíodh gur faoi urlámhas stáit eile cuid de. Mura mbeadh ann ach go bhfuil farraigí thart timpeall orainn ar fad, ba leor é, óir is an-fhoinse saibhris í an fharraige. An t-oileán féin, Éire, is oileán iontach torthúil é. I dtaca le haeráid, ní hé an áit is measa.

Ár ndeacrachtaí polaitíochta, daoine a chruthaigh iad, rud a chiallaíonn go dtiocfadh le daoine iad a leigheas. Is é an dála céanna é i réimsí geilleagair. Ach an t-eolas ceart, ciall agus an cur chuige a bheith ciallmhar dá réir, thiocfadh le daoine an t-ainscéal a leigheas.

Óige, tá go leor acu againn agus is maith ann iad. Ár gcuid eisimircigh, an dream is mó ar ar caitheadh airgead á n-oiliúint, ní hiad is mó a chuaigh ar deoraíocht. An dream leochaileach a d’imigh, tiocfaidh roinnt mhaith acu ar ais tá súil againn, níos oilte, amach anseo, ach an deis a bheith acu chuige sin.

Na hinimircigh a bhain Éire amach, tá an-éagsúlacht teangacha acu agus cuid acu, is dream an-oilte iad.

Tarlaíonn eachtraí lámhaigh anseo chomh maith le háiteanna eile ar dhromchlár na cruinne, faraor, ach ní hí an tír seo is measa. Níor scaoileadh Daidí na Nollag nuair a thug sé cuairt orainn abhus ar na mallaibh. Scaoileadh in áit eile é (féach sna naisc ar dheis).

An Cogadh Craorag

Má thosaíonn aon leath den domhan cogadh eithneach, b’fhéidir gur chuma leo sinne in Éirinn ann nó as agus nach mbacfaidís fiú amháin le diúracán a dhíriú orainn. Tá roinnt fáthanna áfach, go ndíreodh, is eagal liom. Is le fórsaí ECAT sé chontae den tírín iathghlais, pointe a shaothródh diúracán nó dhó ansiúd agus is ‘páirtnéir’ cogaíochta le ECAT na 26 contae eile, bíodh go bhfuil an focal draíochtúil údsíocháinbaiste ar an ghaol chéanna. Is féidir le hÉirinn cúpla cianóg a dhéanamh as fearaistí spiadóireachta agus as codanna de ladrainn a chruthú is a dhíol le gnóthaí cogaíochta agus le hairm an iarthair, airm gurb é a bhfor is a bhfónamh tíortha neamhfhorbartha an domhain a shaoradh (nuair is mian leo teacht ar shinc, ar ór is ar ola go furasta). Is féidir éisteacht leis an Aire Shatter ar Youtube (European Defence Agency) agus ECAT ag trácht ar cyber defence industry amhail is gur obair chóir agus dhleathach gach ní a eascraíonn as na réimsí sin.

Ba dheas a cheapadh go dtiocfadh duine thall is abhus slán i ndiaidh an tríú cogadh domhanda, ach cé ar mhaith leis fanacht beo faoin talamh ar feadh breis is sé mhí le teacht aníos ina dhiaidh sin chuig domhan nach mbeadh aon léas de sholas na gréine le feiceáil ann ar feadh blianta fada? Dá gcuimhneodh daoine go leor ar a leithéid in am, d’fhéadfaí é sheachaint. Dúradh nach dtarlódh pléasc Oileán Faoide agus nár ghá údarás cuain a cheapadh ann. Dúradh nach bhféadfadh Chernobyl tarlú agus nuair phléasc, dúradh ina dhiaidh nach bhféadfadh sé tarlú sa tSeapáin mar gur tógadh iad chomh cliste is chomh láidir thall mar gheall ar ghuagacht dromchla an domhain sa taobh sin. Tharla sé agus tá sé ag tarlú go fóill.

Ní raibh cliseadh an gheilleagair ceaptha le tarlú, agus murar d’aon ghnó a tharla sé, léiríonn sé gur treise dlí Uí Mhurchú i saol an domhain ná dlíthe go leor eile. Má tharlaíonn an tríú cogadh mór, ní bheidh a fhios againn go bhfuil sé tosaithe. Ní beidh ann dar linn, ach cliseadh cumhachta nuair a loicfidh gach gléas aibhléise orainn. Mura dtarlaíonn an tríú cogadh mór i mbliana, ní d’easpa goimhe agus súil thar a chuid ag an Iarthair nach dtarlóidh sé. Mura maraíonn siad sinn, beidh an teanga seo agus a gcainteoirí gaibhte céime eile chun tosaigh. – Go mbeire sinn beo ar an am seo arís.☺

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.