AR NA SAOLTA SEO
Rob Ford: An Chonspóid Deiridh?
Eoin Ó Catháin Eoin Ó Catháin

An dtiocfaidh Méara Toronta, Rob Ford, slán an iarraidh seoan mbáfar an Mac Conshnámha áirithe seo lámh le cuain? Tá Eoin Ó Catháin i gCeanada faoi láthair sin í an cheist atá ar dhaoine ina thimpeall.

Íomhá
An Méara Ford
(le Cathair Toronto ar Vicipéid)
Íomhá
Ard-Ionadaí Ontario Kathleen Wynne
(le Sandra Pupatello ar Flickr)
Íomhá
Mac Conshnámha am a ghabhála
(Roinn Póilíní Miami-Dade ar Vicipéid)
Íomhá
Halla Cathrach úr Toronto
(le Robert Scarth ar Flickr)

Tá Rob Ford, méara Toronto, i mbéal an phobail ó d’admhaigh sé gur ghlac sé drugaí neamhdhleathacha. Glacadh físeán de á nglacadh agus é ‘ar leathmhaing’. Le déanaí rinneadh tréaniarracht a chumhachtaí polaitúla a bhaint de, ach maíonn Ford nach ngéillfeadh sé do lucht an ghearáin agus go seasfaidh sé arís don Mhéaracht an bhliain seo chugainn. Ní hé seo an chéad chonspóid ina raibh an polaiteoir fuinniúil, ach an gcuirfidh an buille seo na hordóga ar a shaol polaitiúil?

Fear mór, glórach, féinmhuiníneach is ea Rob Ford. Thosaigh sé amach sa pholaitíocht sa bhliain 2000 nuair a toghadh ar chomhairle na cathrach é. Chuir an bua sin ionadh ar go leor agus bhí aird an phobail dírithe go mór air ón mbliain sin ach go háirithe. I ráitéas a d’eisigh sé ina dhiadh sin, mhaígh sé go dteastaíonn “athrú ó phobal na cathrach agus tá sin faighte acu anois.”

Is cinnte gur tháinig athrú isteach le Ford, ach tháinig an chonspóid in éineacht leis. Aontaíonn go leor leis, agus glaonn siad ‘Náisiún Ford’ orthu féin - taitníonn na ciorruithe cánach agus an laghdú ar chostaisí rialtais go mór leo. Ar an láimh eile, tá an ghráin dearg ag go leor air agus smaoiníonn siad air mar ‘leibide’ atá ag tarraingt náire ar an gceathrú cathair is mó i Meiriceá Thuaidh.

Thosaigh na raflaí thart ar bhliain ó shin: tá físeán ann de Rob Ford a thaispeánann an méara ag caitheamh cnagchócaon in éineacht le cúpla duine eile. Ní raibh an físeán feicthe ach ag cúpla iriseoirí ó na nuachtáin Gawker agus Toronto Star, agus ní fhéadfaí fírinne an fhíseáin a chinntiú dá bharr. Shéan Ford go láidir gur ghlac sé drúgaí ar chor ar bith, a mhaíomh nach raibh ‘baint le fírinne’ le fáil sa scéal. Casadh an taoide ina choinne, áfach, agus thosaigh comhairleoirí ag impí air an suíochan a ghéilleadh. Arís, dhiúltaigh sé é sin a dhéanamh.

Fágtha ar an mBlár Folamh

Ar Oíche Shamhna, d’eisigh Príomh-Fheidhmeannach na bPoilíní in Toronto, Bill Blair, ráiteas ina ndúirt sé go bhfaca sé físeán, agus gur léir go raibh an Méara le feiceáil ann. Cé nár phléigh sé céard a bhí san fhíseán, d’admhaigh sé go raibh ‘díomá’ air. Go díreach ina dhiaidh sin, dúirt Ford nach raibh siocair ar bith ann a gcuirfí chun bóthair é. An Domhnach ina dhiaidh sin, ar a chlár raidió seachtainiúil, ghabh sé leithscéal as na ‘botúin’ atá déanta aige ina shaol. Dhá lá níos déanaí, agus é ag teacht amach as a oifig, d’admhaigh sé gur ghlac sé cnagchócaon, agus é ‘ar leathmhaing’, agus gur tharla sé ‘thart ar bhliain’ ó shin.

Is léir go raibh tionchar mór ag an mbrú poiblí ar Ford ó shin ar leith. Bhailigh sluaite isteach i halla an phobail chun a míshástacht a léiriú dó, agus thosaigh sé ag screadach orthu. Agus é ag deireadh na feide, rith sé i dtreo an phobail ach cuireadh stop lena shodar nuair a leag sé Pam Mc Connell, comhairleoir cathrach atá sna seascaidí. Cuireadh ina leith go ndearna sé trácht gairsiúil i leith mná a bhí ag obair ina oifig; shéan sé é seo go fíochmhar ach d’úsáid sé caint drochbhéasach le focail mhóra agus é á chosaint féin, rud a chuir déistin ar go leor.

Ba í an eachtra seo buille na tubaiste i súile go leor de na polaiteoirí. Bheartaigh siad ar chumhachta Ford a laghdú, agus tugadh an chumhacht seo don Leas-Méara Norm Kelly. Tá an bheirt, dar le Kelly, ag roinnt na cumhachta faoi láthair agus ag obair ar son na cathrach. Tá Ford den thuairim go bhfuil a leithéid de laghdú mídhleachtach agus go ndéanfaidh sé gach iarracht a sheasamh mar mhéara Toronto a fháil arís an bhliain seo chugainn. Idir an dá linn, thug uachtarán Ontario, - an cúige ina bhfuil Toronto - Kathleen Wynne, an chluas bhodhar do Ford le déanaí nuair a thug sí cuireadh do Kelly bualadh léi chun cúrsaí a phlé.

Ní hé seo deireadh an scéil, áfach. Cé go gceaptar go bhfuil Ford ag snámh in aghaidh an easa, tá go leor ag tacú leis go fóill. Ceaptar go bhféadfadh Rob Ford muinín agus grá an phobail a mhealladh ar ais chuige féin lena ghníomhaíochtaí gairmiúla in ainneoin na híomhá poiblí. Is suimiúil an cás é, ach is ríchosúil nach bhfuil saol polaitíochta Rob Ford ag tabhairt na gcor go fóill, mura bhfuil Rob féin.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Tá Eoin ag teagasc Gaeilge in Ollscoil Ottawa, Ceanada faoi choimirce an ICUF faoi láthair.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.