Bhí Seosamh Ó Riain ag cíoradh ceist luach na saíochta agus dearcadh an Éireannaigh ar ghnéithe den tsaíocht chéanna, mura bhfuil ann ach diddly aye dye.
I bhFóram Eacnamaíoch Éireannaigh an Domhain i mbliana cuireadh breis béime aríst ar thábhacht na sainiúlachta i dtaobh oidhreacht chultúr na hÉireann d’fhonn ratha i ngnó idirnáisiúnta a chothú agus a chur chun cinn. Is iomaí uair, áfach, a chuireas an cheist a leanas orm féinig: an bhfuil a leithéid de rud ann agus cultúr Éireannach ar leith sa lá inniu lena mbreathnaítear amach ar an domhan trí fhuinneog ghlas Ghaelach Éireannach? Má tá, cá bhfuil sé sa diabhal le fáil?
Má shiúiltear síos aon phríomhshráid in aon cheann de na bailte móra nó cathracha timpeall an oileáin, níl ann den chuid is mó ach siopaí nó gnólachtaí a fhaightear ar aon mhórshráid i Sasana nó sna Stáit Aontaithe, leithéidí Marks and Spencer, H&M, Monsoon, Walmart, McDonald’s, KFC agus mar sin de.
Tá ár mbealaí teilifíse ar maos le cláir, sobaldrámaí agus scannáin as an mBreatain, na Stáit Aontaithe agus as an Astráil agus blas Bhéarla an Atlantaigh Láir ar líon nach beag dár gcuid páistí dá réir. Is deacair fios a bheith ag duine ar na saolta seo an i Londain nó sa Longfort atá sé de bharr líon mór nuachtáin na Breataine atá ar díol sna siopaí abhus.
A bhuíochas don Fhleadh Cheoil tá dul chun cinn as cuimse déanta chun gnaoi an phobail a tharraingt ar cheol traidisiúnta, go háirithe i measc na nÓg. Seachas ceantair thurasóireachta, ámh, is deacair teacht ar sheisiúin cheoil thraidisiúnta i rith na bliana ar fad, agus má thagtar, ní hannamh a chloistear an clamhsán gur fearr “anything but diddly idle”. Is ann don dearcadh sin sa tír go forleathan fós.
Cúinní Cúlánta Comhrá
Agus ó thaobh na teanga de bheadh sé níos éasca, faraor, teacht ar nóta céad euro ina luí ar an tsráid ar lá gaoithe ná teacht ar chomhrá Gaeilge de thaisme. Chuige sin, níl an dara rogha ag lucht na teanga (lasmuigh den Ghaeltacht) ach dreamanna comhrá eagraithe a chur ar bun agus tabhairt faoi chúinne dorcha dúr chun dul i mbun cainte. Ní bhíonn sméara gan dealg a deirtear agus níl an Ghaeltacht sábháilte ach an oiread, ná baol air, ó thaoille thuile uilechumhachtach an Bhéarla. Teanga theilifíse, raidió agus an idirlín is ea an Ghaeilge don chuid is mó againn dáiríre. Maítear go mion minic gur craiceann na Gaeilge atá ar Hiberno-English na hÉireann agus gurb í an chanúint sin ár mbronntanas cultúir flaithiúil i bhfoirm scríofa agus labhartha don saol mór. An ann do Hiberno-English a thuilleadh, áfach, agus más amhlaidh atá, cé chomh sainiúil is atá sé go háirithe faoi anáil thonn tuile an chultúir dhomhanda? Agus an fíor go fóill focail Joyce?
“The language in which we are speaking is his before it is mine....His language, so familiar and so foreign, will always be for me an acquired speech.”
(A Portrait of the Artist as a Young Man; bhí Stephen Dedalus ag tagairt anseo don óráid a thug Sagart Sasanach agus an aincheist atá ann don scríbhneoir Angla-Éireannach.)
Ní eisceacht iad na pubanna maidir le hathrú cultúir ach oiread. Bíodh nach bhfuil traidisiún an tseanchais bhéil chomh marbh le hArt iontu fós, is mór an t-athrú atá tagtha ar chultúr an phub le dornán de bhlianta anuas ar chúis amháin nó eile. An áit nach raibh ach cuntar beáir, suíocháin, tinteán agus daoine teannta isteach le chéile ag cromadh ar chomhrá, tá anois mórscáileáin i ngach cúinne ag pléascadh amach Sky News nó a dtarla i chuile shórt spóirt, idir Sacar an Premiership, chruicéad, leadóg, snúcar, ghalf agus araile. Idir daoine bheith i mbun téacsála, scimeála ar an idirlíon nó ag breathnú ar an mbosca sa chúinne, níl aon dul as ach go bhfuil ceird an chomhrá sa phub, mar a bhí, faoi bhagairt.
Gné an Spóirt go Láidir
Más faoi léigear atá an cultúr Éireannach i gcoitinne, tá chuile chosúlacht ar an scéal gur faoi bhláth atá an CLG, agus cúrsaí ag dul ó neart go neart ann. Seo an t-aon fhoras cultúrtha Éireannach dá bhfuil ann a tháinig slán ó chúplaí an choilínithe agus domhandaithe. Fuair sé moladh suntasach le gairid fiú ó Peter Robinson, ceannaire an DUP agus Príomh-Aire Thionól Thuaisceart Éireann, as a ról i gcothú na síochána ó Thuaidh. Spreagann an CLG mothú féiniúlachta is muintearais ní hamháin i gcóngar ach i gcéin chomh maith, rudaí atá thar a bheith tábhachtach go háirithe do dhaoine na linne seo atá in ísle brí de bharr iliomad fadhbanna le dífhostaíocht, cúrsaí óil, féinmharú, uaigneas agus eisimirce.
Chuir sé riamh iontas orm a mhéid atá na hÉireannaigh thar lear lánsásta dul i muinín an chultúir Éireannaigh mar a shamhlaítear dóibh é seachas iad a bhí ábalta fanacht ar an seanfhód. Uireasa a mhéadaíonn cumha mar a deir an seanfhocal, nó b’fhéidir gurb amhlaidh go gcuireann sé luach an chultúir dhúchais ar a shúile do dhuine.
Ciarraíoch is ea Seosamh Ó Riain a rinne Córais Ríomhaireachta in Ollscoil Luimnigh agus Ard-Dioplóma san Aistriúchán in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad ina dhiaidh sin.