Tharraing naomh áirithe aird agus méarchlár Kate Fennell amuigh sa Tuirc. Cé eile atá ann ach an naomh de bhunadh na Gréige a d’fhág oidhreacht Dhaidí na Nollag againn, San Nioclás é féin.
Éist anseo leis an alt á léamh ag Deirdre Ní Chonghaile as Árainn, Co. na Gaillimhe.
Tá an t-am sin den bhliain druidte linn arís nuair a scriobhfaidh na gasúir litir chuig Santy ag inseacht dó céard atá uathu i gcomhair na Nollag. Seolfaidh siad an litir ó thuaidh go dtí an Laplainn ag súil go sroicfidh sé Daidí na Nollag in am. Ach céard dá n-inseofaí an fhírinne dóibh agus go n-inseofaí dóibh gur i dtír the theolaí cois farraige a mhair Daidí na Nollag, nár scair sé suas ar réinfhia riamh agus gur dócha nach bhfaca sé fiú calóg amháin sneachta ina shaol flaithiúil fada?!
Sin é a nochtadh domsa le déanaí nuair a thug mé cuairt ar an mbaile beag Demre, nó Myra mar a thugtaí air in am Niocláis, ar chósta iardheisceart na Tuirce. I bhfad ón Laplainn a nochtadh a scéal dom agus a bhfaca mé iarsmaí an tséipéil ghleoite a tógadh ina onóir.
Naomh Mór na Rúiseach
Rugadh San Nioclás, nó Santy mar is fearr aithne againne air, i Patara, baile beag iar-Bhisaintíneach ar chósta thiar na Tuirce, roinnt uaireanta an chloig siar as Demre. Tá Demre ar leithinis trí uair a chloig ón aerfort Antalya, agus 45 nóiméad ón mbaile beag Kas, áit a bhfuilimse lonnaithe don Gheimhreadh.
Rinne mé an turas ann le déanaí agus nuair a shroich mé a shéipéal in Demre rinne mé iontas gur i Rúisís a bhí gach comhartha scríofa thart timpeall orm. Bhí na comharthaí do na cuimhneacháin sna siopaí ar fad i Rúisís agus an áit lán le íocóin den Naomh sa stíl Rúiseach. Mhínigh an díoltóir dom gurb é San Nioclás an Naomh is ansa leo in Eaglais Ceartchreidmheach na Rúise agus gur Rúisigh iad ochtó faoin gcéad de na turasóirí a thagann ar chuairt nó ar pheiliríneacht ansin.
Ag doras an tséipéil, a bhí ar a laghad fiche troith síos le fána, bhí dealbh mhór den easpag déanta as cré-umha ag seasamh ansin le cuma an-sollúnta air. Bronntanas ó na Rúisigh do phríomhchearnóg an bhaile a bhí ann ach, mar a chuala mé, shocraigh na húdaráis áitiúla dealbh mhór spraoiúil dhearg agus bhán den fhear mór a chuir sa phríomhchearnóg ina áit agus an ceann sollúnta a athshuíomh i bhfoscadh an tséipéil. Bhí na Rúisigh oibrithe ar ndóigh, ach ar a laghad níor stop siad ag teacht.
Ealaín Álainn
Bhí an séipéal i bhfad níos mó ná a raibh mé ag súil leis. Baisleac Bhisaintíneach sa modh meánaoiseach a bhí ann ar a ndearnadh athchóiriú in imeacht na mblianta. Taobh istigh, bhí roinnt de na freascóanna is áille dá bhfaca mé riamh. Íomhánna d’Iosa agus Muire le chéile, d’Iosa leis na deisceabail, den suipéar dheireanach, agus cinn éagsúla de San Nioclás ag insint scéala a bheatha. Bhí mósaiceanna ón 10ú aois ar an urlár, altóir mhór déanta as aolchloich agus tuamaí leathbhriste le hinschríbhínn i nGréigís orthu anseo is ansiúd.
D’fhás Nioclás suas i dteaghlach saibhir trádála sa mbaile Bisaintíneach, Patara, sa 3ú céad. Bhain a mhuintir le pobal beag Críostaithe a bhí bunaithe ag Naomh Pól sa gcéad aois agus bhí cáil ar Nioclás agus a theaghlach mar dhream fial flaithiúil. Nuair a d’éag athair Niocláis, agus é fós ina dhéagóir, shocraigh sé an t-airgead a thit leis mar oidhreacht a thabhairt do na daoine bochta ar an mbaile in ionad é a choimeád dó féin. Insítear scéal cáiliúil amháin faoi, agus cinnte, is foinse ár dtraidisiúin féin faoin Nollaig é. Deirtear gur chabhraigh sé le fear gnó a bhí th’éis a chuid saibhris go léir a chailleadh. Fuair Nioclás spré dá thriúr iníon. Oíche amháin, agus Nioclás ag gabháil thar an teach chonaic sé go raibh fuinneog na seaniníne ar oscailt. Chaith sé isteach tiachóg óir a thit isteach ina bróig. Os rud é go raibh fuinneoga na beirte ab’ óige dúnta scaoil sé dhá spaga óir síos an poll deataigh acu, ach thit ceann acu isteach i stoca a bhí crochta den chlabhar ag triomú ansin cois tine!
Taisí Naomh na Tarrthála
Bhog sé go Myra níos déanaí ina shaol áit ar déanadh easpag de. Mhéadaigh a cháil de bharr na miorúiltí a rinne sé agus de bharr na cneastachta a thaispeáin sé do na daoine bochta agus do ghasúir ach go háirithe. Insítear gur tharrthaigh sé mairnéalaigh a bhí i mbéal an bháis ar an mbealach ar ais dó ón Talamh Naofa; gur thug sé páistí a bhí básaithe ar ais ar an saol; gur shábháil sé muintir Myra ón ocras nuair a d’éirigh leis arbhar a fháil uaidh long a bhí ar an mbealach go Byzantium ach nuair a shroich sí lucht trádála Byzantium, ní raibh gráinne amháin féin den arbhar in easnamh orthu!
Cuireadh i ngéibheann é ar feadh seala i rith ré an Impire Diocletian, mar b’iondúil ag an am do Chríostaíthe. Ar theacht amach dó, lean sé air mar easpag, anuas go dtí a bhás i 343 le 63 bliain comhlíonta ar an saol aige. Th’éis a bháis, cuireadh é i gceann de na tuamaí sa séipéal i Demre, atá le feiceáil fós, ach ní ann a d’fhanfadh sé. I 1087 sciob trádálaithe Iodálacha leath dá chnámha agus chroch siad leo iad go Bari i ndeisceart na hIodáile áit ar tógadh séipéal ina onóir agus a ndéantar céiliúradh mór air gach bliain. Tá cnámha eile leis in iarsmalann in Antalya agus, níos suimiúla fós, deirtear gur ghoid mairnéalaigh Ceilteacha iad as Bari agus go bhfuil siad curtha i Mainistir Sheireapúin, nó Jerpoint, i gCo. Chill Chainnigh. Sin scéal a chaithfidh mé fhiosrú nuair a bheidh mé ar ais in Éirinn!
Is as Oileán Mhuighinse i gConamara Kate ó dhúchas ach ta sí lonnaithe sa Tuirc le trí bliana anuas.